"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt
An Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt, 23-24 Samhain 2023
Na príomhthorthaí
Oideachas
Oideachas agus saoránacht dhaonlathach
D'fhormheas na hairí oideachais conclúidí maidir leis an méid a chuireann an t-oideachas agus an oiliúint le comhluachanna Eorpacha agus leis an tsaoránacht dhaonlathach a neartú.
Cnámh droma ár sochaithe, agus príomhthosaíocht d’Uachtaránacht na Spáinne, iad cosaint na luachanna atá i gcoiteann againn mar Eorpaigh agus tábhacht na saoránachta daonlathaí. Athdhearbhaímid ról an oideachais i dtaca le saoránaigh ghníomhacha, rannpháirteacha agus chruthaitheacha a mhúnlú.
Pilar Alegria, Aire Oideachais, Gairmoiliúna agus Spóirt na Spáinne
Leagtar béim sna conclúidí sin ar an méid a mheasann na hairí oideachais a bheith ina chúram ríthábhachtach inár gcórais oideachais agus oiliúna: an ról atá acu maidir le cur chun cinn na luachanna a nascann muintir na hEorpa le chéile agus maidir le saoránaigh a mhúnlú atá gníomhach agus eolach, a bhfuil lámh acu ar an smaointeoireacht chriticiúil agus atá in ann páirt a ghlacadh i sochaithe daonlathacha, cothroma, inbhuanaithe agus digiteacha.
Tarraingítear aird sna conclúidí ón gComhairle ar an ról ríthábhachtach atá ag an oideachas agus ag an oiliúint i dtodhchaí na hEorpa a mhúnlú, chomh maith leis an ngá atá le dúshláin nua pholaitiúla, shóisialta, chultúrtha agus theicneolaíocha a réamh-mheas agus a oiriúnú, agus freagairt go hiomchuí dóibh.
Ghlac na hairí oideachais dhá mholadh maidir leis na príomhthosca cumasúcháin le haghaidh oideachas digiteach agus oiliúint dhigiteach rathúil agus maidir le feabhas a chur ar sholáthar scileanna agus inniúlachtaí digiteacha.
Caithfidh rochtain a bheith ag an bpobal ar fad ar scileanna agus inniúlachtaí digiteacha, i ngach aoisghrúpa agus cúlra. Chomh maith leis sin, ba cheart do gach scoil agus gach institiúid oideachais agus oiliúna na rioscaí agus na deiseanna a ghabhann leis an teicneolaíocht a chur san áireamh go cuí.
Pilar Alegría, Aire Oideachais, Gairmoiliúna agus Spóirt na Spáinne
Sa mholadh ón gComhairle maidir leis na príomhthosca cumasúcháin le haghaidh oideachas digiteach agus oiliúint dhigiteach rathúil, tugtar aghaidh ar an ngá atá le níos mó deiseanna agus deiseanna níos fearr a chruthú don fhoghlaim agus don teagasc do chách sa ré dhigiteach. Leagann sé béim ar ról na múinteoirí agus na n-oideoirí sa chonair i dtreo an chlaochlaithe dhigitigh agus tacaíonn sé le hinfheistíocht a dhéanamh i dtrealamh digiteach, i mbonneagar digiteach agus in oiliúint dhigiteach do gach ball foirne teagaisc agus tacaíochta.
Sa mholadh ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar sholáthar scileanna agus inniúlachtaí digiteacha san oideachas agus san oiliúint, leagtar amach bearta chun scileanna agus inniúlachtaí digiteacha a fhorbairt ar gach leibhéal (scoileanna, gairmoideachas agus gairmoiliúint, ardoideachas, foghlaim aosach) agus do gach grúpa sa phobal (e.g. daoine óga, daoine fásta agus gairmithe).
Mná tréitheacha a mhealladh chuig disciplíní STEAM
Phléigh na hairí oideachais bealaí chun deireadh a chur le steiréitíopaí inscne agus chun an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht, na healaíona agus an mhatamaitic (STEAM) a dhéanamh níos tarraingtí do chailíní agus do mhná óga. Phléigh na hairí na dúshláin is mó a bhaineann leis an mbearna idir na hinscní a laghdú i ndisciplíní STEAM. Leag siad béim ar na tionscnaimh a seoladh, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach, chun dul i ngleic leis an éagothroime inscne sa chomhthéacs sin.
Le linn an phlé, luaigh go leor airí gur príomhghné é an comhionannas inscne chun geilleagair níos láidre, níos inbhuanaithe, níos iomaíche agus níos cuimsithí a chruthú. Leagadh béim freisin ar an ngá atá le gníomhaíocht a dhéanamh ó aois óg ionas nach ndaingneofaí steiréitíopaí sóisialta agus cultúrtha. Chuir siad i dtreis freisin gur gá muinín agus spreagadh cailíní a neartú, mar shampla trí eiseamláirí san earnáil a chur chun cinn agus iad a dhéanamh níos feiceálaí.
Tar éis na díospóireachta beartais, chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin tionscnamh ‘caomhnóirí clóis’ is cuid den Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha.
I seisiún poiblí, chuir roinnt toscaireachtaí faisnéis ar fáil maidir le roinnt ábhar:
thíolaic toscaireacht na Slóivéine Forógra Léitheoireachta Liúibleána
thíolaic toscaireacht na Cipire an séú hOilimpiaid Idirnáisiúnta Ceoil do dhaltaí scoile
thug toscaireachtaí na Beilge agus na hÍsiltíre aghaidh ar ábhar an phríobháideachais sonraí san oideachas digiteach
chuir toscaireacht na Sualainne faisnéis ar fáil maidir le cabhair don Úcráin in earnáil an oideachais
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Bhí díospóireacht ag na hairí óige maidir le hAontas réamhbhreathnaitheach atá tiomanta dá shaoránaigh óga agus leag siad béim ar an toil atá acu feabhas a chur ar ról na ndaoine óga i bpróisis chinnteoireachta laistigh den Aontas. Le linn na díospóireachta, mhol na hairí bealaí chun ról na ndaoine óga mar gheallshealbhóirí ábhartha a neartú, agus béim á leagan ar dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu.
Ar cheann de phríomhábhair an phlé, bhí an fhéidearthacht go gcuirfí uirlis ábhartha ar fáil chun tionchar bheartais an Aontais ar dhaoine óga a thomhas mar atá Tastáil Óige an Aontais. Chomhaontaigh roinnt airí gur cheart dearcadh na hóige a chomhtháthú sa mheasúnú tionchair ar reachtaíocht an Aontais, chun gur fearr is féidir aghaidh a thabhairt ar ionchais agus ar dhúshláin daoine óga faoi láthair agus amach anseo.
Ghlac Christiana Xenofontos, Leas-Uachtarán Fhóram Eorpach na nÓg, páirt sa díospóireacht bheartais.
Ghlac na hairí óige conclúidí maidir le príomhshruthú na hóige i bpróisis chinnteoireachta beartais san Aontas a chur chun cinn. Aithnítear sna conclúidí sin gur bunchoinníoll aon phróisis pholaitiúil í go mbeidh daoine óga rannpháirteach ann agus go bhfuil sin ríthábhachtach chun a chinntiú go mbeidh muinín ag daoine óga as obair na n-institiúidí Eorpacha agus go gcreidfidh siad san obair sin.
An mheabhairshláinte agus daoine óga
D’fhormheas na hairí óige conclúidí maidir le cur chuige cuimsitheach i leith meabhairshláinte daoine óga san Aontas, lena gcuirtear treoir ar fáil maidir le beartais phoiblí chuimsitheacha chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin.
Leagtar béim sna conclúidí ar an ngá atá le bearta coisctheacha maidir le dea-bhail mheabhrach do dhaoine óga. Díríodh ar an ngá atá le rochtain a thabhairt do dhaoine óga ar sheirbhísí meabhairshláinte agus bearta a dhéanamh chun feasacht a mhéadú agus dístiogmatú a dhéanamh.
Faoi ghnó eile, chuir Uachtaránacht na Spáinne na hairí ar an eolas faoi thoradh an bhricfeasta neamhfhoirmiúil don aos óg ina raibh toscairí óige, Fóram Eorpach na nÓg agus an Coimisinéir Iliana Ivanova páirteach. Phléigh na rannpháirtithe na fadhbanna meabhairshláinte atá ag daoine óga chomh maith le bealaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun dul i ngleic leis na fadhbanna trí bhíthin bearta coisctheacha.
I seisiún neamhphoiblí, chuir Uachtaránacht inteachta na Beilge a clár oibre i réimse na hóige i láthair freisin.
An cultúr agus an closamharc
Ag tús an tseisiúin, labhair Aire Cultúir na hÚcráine le hairí cultúir agus closamhairc trí fhísteachtaireacht. Chuir Uachtarán na Comhairle a dhlúthpháirtíocht agus a thacaíocht in iúl do mhuintir na hÚcráine, agus aird ar leith á tabhairt d’ealaíontóirí agus do chruthaitheoirí na hÚcráine.
Físchluichí agus a ngné chultúrtha
D’fhormheas na hairí an chéad tacar riamh de chonclúidí ón gComhairle maidir le hearnáil na bhfíschluichí agus chomhaontaigh siad feabhas a chur ar an ngné chultúrtha agus chruthaitheach de na cluichí sin san Eoraip.
Aithnítear sna conclúidí seo acmhainneacht mhór earnáil na bhfíschluichí chun ábhar cultúrtha a tharchur agus an luach a bhaineann le saibhreas chruthaitheacht, oidhreacht agus stair na hEorpa.
Is léiriú ar an gcruthaitheacht agus ar an nuálaíocht san Eoraip iad na físchluichí , agus ba cheart tuilleadh a dhéanamh chun cabhrú leis an tionscal fás agus a bheith iomaíoch.
Ernest Urtasun i Domènech, Aire Cultúir na Spáinne
Áirítear orthu freisin bearta chun tacú leis an earnáil eacnamaíoch sin atá ag borradh san Eoraip, lena n-áirítear deiseanna cistiúcháin, coinneáil daoine tréitheacha agus príomhshruthú inscne. Beartaítear sa téacs freisin gníomhaíochtaí chun go mbeidh sé níos éasca d’fhiontair Eorpacha físchluichí leanúint de bheith inbhuanaithe agus iomaíoch.
D’fhreastail Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Vera Jourova, ar an seisiún neamhphoiblí freisin.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Dálaí oibre d’ealaíontóirí, agus gairmithe cruthaitheacha agus cultúir
Bhí díospóireacht phoiblí ag an gComhairle maidir le dálaí oibre cuibhiúla a chur chun cinn d’ealaíontóirí agus do ghairmithe cruthaitheacha cultúrtha ar leibhéal an Aontais. Chuir na hairí cultúir in iúl go raibh siad toilteanach an bealach a réiteach do shraith caighdeán íosta maidir le stádas na n-ealaíontóirí, lena n-áirítear a ndálaí oibre, a scéimeanna cosanta sóisialta agus a soghluaisteacht trasteorann.
Thug na hairí aghaidh ar roinnt gnéithe a bhaineann le stádas ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha. Thagair siad do bhearta nua nó do bhearta atá ann cheana a rinneadh ina dtíortha chun feabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus oibre ealaíontóirí, cruthaitheoirí agus oibrithe cultúrtha, agus leagann siad béim freisin ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 maidir le leochaileacht na hearnála sin. Rinne siad iniúchadh breise ar bhealaí chun creat comhchoiteann a bhaint amach chun soghluaisteacht ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha a éascú, rud a rachadh chun tairbhe don earnáil.
Chuir roinnt airí in iúl go dtacaíonn siad leis an gclár Eoraip na Cruthaitheachta i gcomhthéacs an chéad bhuiséid fhadtéarmaigh eile de chuid an Aontais (ar a dtugtar an creat airgeadais ilbhliantúil), ós rud é go measann siad gurb é sin an phríomhionstraim chun tacú le healaíontóirí agus le cruthaitheoirí. Cuireadh béim freisin ar dhúshláin agus ar dheiseanna na hintleachta saorga, agus ba phríomhphointe den phlé é an t-aistriú chuig geilleagar glas agus digiteach in earnálacha na cruthaitheachta agus an chultúir.
Chuir Uachtaránacht na Spáinne na hairí ar an eolas faoi staid na caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an Rialachán maidir leis an nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (EMFA). D’fhreastail Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Vera Jourova, ar an seisiún freisin.
In 2021 d’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le téarnamh, athléimneacht agus inbhuanaitheacht na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta. Faoi aon ghnó eile, bhreathnaigh Uachtaránacht na Spáinne ar a cur chun feidhme agus ar na bearta a glacadh chun na spriocanna a leagadh síos sna conclúidí a bhaint amach.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
D'fhormheas na hairí spóirt conclúidí maidir le mná agus comhionannas i réimse an spóirt i seisiún an iarnóin. Leagtar béim sna conclúidí ar a thábhachtaí atá rochtain ar chothroime iomaíochta atá sábháilte, cuimsitheach agus cothrom, saor ó aon chineál neamhionannais, idirdhealaithe agus foréigin.
Ba cheart go mbeadh cailíní ar fud an Aontais, ó na hAsóir go dtí an Laplainn, in ann aisling a bheith acu go mbeidh siad ina seaimpíní domhanda atá sábháilte agus a bhfuil urraim ag dul dóibh. Ní mór dúinn tacú leo ar an gconair sin trí chomhionannas deiseanna a chur chun cinn agus trí thimpeallacht spóirt atá saor ó fhoréigean agus ó chiapadh a chinntiú.
Victor Francos Díaz, Státrúnaí Spóirt na Spáinne
Sna conclúidí uaithi, cuireann an Chomhairle i bhfios go láidir gur gá cion na mban a mhéadú, go háirithe cion na dtraenálaithe agus cion na bpost ceannaireachta in eagraíochtaí spóirt agus i gclubanna spóirt. Leagtar béim sna conclúidí freisin ar choincheap an phá chomhionainn as obair chomhionann sa spórt gairmiúil, agus, ag an am céanna, ach cumhdach sna meáin atá saor ó steiréitíopaí agus níos leithne ar chomórtais spóirt na mban á ráthú ag an am céanna.
Bhí díospóireacht phoiblí ag na hairí spóirt maidir le timpeallachtaí sábháilte sa spórt, díospóireacht ina raibh Aire Gníomhach Óige agus Spóirt na hÚcráine páirteach trí bhíthin físteachtaireacht. Meabhraíodh do roinnt mhaith Ballstát a ndlúthpháirtíocht iomlán leis an Úcráin agus chuir roinnt acu in iúl go raibh lúthchleasaithe na hÚcráine faoi oiliúint ina mBallstáit.
Phléigh na hairí dea-chleachtais ar an leibhéal náisiúnta agus bearta a ghlactar chun timpeallachtaí sábháilte sa spórt a chur chun cinn. Dhírigh siad ar bhonneagar agus saoráidí spóirt sábháilte a phleanáil, a dhearadh agus a bhainistiú, ach freisin ar thimpeallacht mhothúchánach shábháilte a chur chun cinn. thagair roinnt airí d’fhoréigean a bhaineann leis an spórt, lena n-áirítear foréigean den sórt sin lasmuigh den mhachaire imeartha, agus bealaí chun earnáil spóirt a chur chun cinn atá saor ó fhoréigean gnéasach agus ó chiapadh gnéasach. Chuir na Ballstáit a mbearta neamhfhulaingthe i láthair lena bhforáiltear do chomhshaol sábháilte. Pléadh freisin bearta féideartha a chomhordú ar an leibhéal Eorpach lena bhféadfaí timpeallacht níos sábháilte a ráthú.
Faoi aon ghnó eile, chuir toscaireacht na Fraince faisnéis ar fáil maidir leis an ngné Eorpach de Chluichí Oilimpeacha agus Cluichí Para-Oilimpeacha Pháras 2024. Chuir toscaireacht na Gearmáine i láthair an ghné Eorpach de Chraobhchomórtas Sacair na hEorpa a bheidh ar siúl sa Ghearmáin ón 14 Meitheamh go dtí an 14 Iúil 2024.
Chuir ionadaí ó Bhallstáit an Aontais ar bhord fondúireachta WADA na hairí ar an eolas maidir leis an gcruinniú den bhord fondúireachta a bhí ar siúl an 17 Samhain 2023. Ina dhiaidh sin, chuir toscaireacht na Beilge clár spóirt uachtaránacht na Beilge i láthair.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.