Skip to content

An Limistéar Eorpach Oideachais

Cothaíonn an Limistéar Eorpach Oideachais comhar i measc thíortha an Aontais i réimse an oideachais, agus é d’aidhm aige córais náisiúnta oideachais agus oiliúna atá níos athléimní agus níos cuimsithí a thógáil.

Cothaíonn an Limistéar Eorpach Oideachais comhar i measc thíortha an Aontais i réimse an oideachais, agus é d’aidhm aige córais náisiúnta oideachais agus oiliúna atá níos athléimní agus níos cuimsithí a thógáil.

Cad é an Limistéar Eorpach Oideachais?

Is é uaillmhian an Aontais Eorpaigh scoth an oideachais agus na hoiliúna a chur ar shaoránaigh uile an Aontais.

Cé go bhfuil gach Ballstát freagrach as a chóras oideachais agus oiliúna féin, bíonn ról tábhachtach tacaíochta ag an Aontas Eorpach. Molann sé do na Ballstáit oibriú i gcomhar agus dea-chleachtas a roinnt lena chéile, agus treisíonn sé leis an obair agus leis na hathchóirithe atá ar bun ar an leibhéal náisiúnta.

Tá an t-oideachas fíor-thábhachtach chun saoránaigh an Aontais Eorpaigh a cheangal le chéile agus do thodhchaí an duine aonair agus do thodhchaí an Aontais ina iomláine. Ba cheart do gach Eorpach a bheith in ann tairbhe a bhaint as comhoidhreacht éagsúil an chultúir agus an oideachais.



Luaitear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil an ceart ag cách ar oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil atá ionchuimsitheach agus ar ardchaighdeán chun na scileanna atá acu a choinneáil agus chun scileanna nua a fháil a chuirfidh ar a gcumas a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí, agus go bhfuil an ceart acu athrú go héasca ó phost go post sa mhargadh saothair.

Cothaíonn an Limistéar Eorpach Oideachais comhar i measc thíortha an Aontais i réimse an oideachais, agus é d’aidhm aige córais náisiúnta oideachais agus oiliúna atá níos athléimní agus níos cuimsithí a thógáil.

Cén fáth a bhfuil sin uainn?

Is iad an t-oideachas agus an oiliúint an infheistíocht is fearr i dtodhchaí na hEorpa. Tá ról ríthábhachtach acu ó thaobh fás, nuálaíocht agus cruthú poist a spreagadh. I gcórais oideachais agus oiliúna na hEorpa, ní mór go dtugtar do dhaoine an t-eolas réamhbhreathnaitheach, agus na scileanna agus na hinniúlachtaí réamhbhreathnaitheacha a bhfuil gá leo chun nuáil a dhéanamh agus chun go mbeidh rath orthu.

Tríd an oideachas, ba cheart go gcumhachtófaí do dhaoine óga dul i ngleic le agus a bheith rannpháirteach i dtodhchaí na hEorpa, agus an todhchaí a chur in iúl agus a mhúnlú le go mbeidh an daonlathas, an dlúthpháirtíocht agus an cuimsiú mar thréithe aici.

Na príomhthionscnaimh laistigh den Limistéar Eorpach Oideachais

Mar thosaíocht ar chlár oibre polaitíochta na hEorpa chun go mbeidh daoine óga in ann an t-oideachas agus an oiliúint is fearr a fháil agus poist bhuana a dhaingniú sa deireadh, molann an tAontas go leor tionscnamh nua agus tionscnamh athchóirithe.

Erasmus+

Ba cheart go mbeadh sé de nós am a chaitheamh thar lear ag staidéar agus ag foghlaim anseo san Eoraip, mór-roinn atá ag éirí níos ionchuimsithí. Leis an gclár Erasmus+ spreagtar soghluaisteacht foghlama ar fud na hEorpa agus lasmuigh di.

Ba cheart go mbeadh domhaintuiscint ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh dá bhféiniúlacht mar Eorpaigh, d’oidhreacht chultúrtha na hEorpa agus don éagsúlacht lena mbaineann. Tá ról tábhachtach acu freisin ó thaobh féiniúlacht Eorpach a chruthú, agus ó thaobh comhluachanna agus comhchultúir a fhorbairt.

Ba mhaith leis an Aontas Eorpach tuilleadh a dhéanamh chun rannpháirtíocht sa chlár seo a spreagadh.

Scileanna Digiteacha agus oideachas digiteach

Cuireann an teicneolaíocht dhigiteach leis an bhfoghlaim ar bhealaí éagsúla agus tairgtear deiseanna foghlama nach mór a bheith ar fáil do chách. Tá sé tábhachtach go bhfeabhsaítear an fhoghlaim agus an teagasc sa ré dhigiteach, go dtugtar breisoiliúint nó athoiliúint d’fhoghlaimeoirí agus do theagascóirí trí chláir oiliúna scileanna digiteacha a sholáthar.

Beartaítear go ndéanfar córais agus bonneagar oideachais agus oiliúna a chur in oiriúint don ré dhigiteach tríd an gclár Erasmus+.

Tacaíonn an tAontas Eorpach leis na córais oideachais agus oiliúna a nuachóiriú tríd an nuálaíocht - trí úsáid oideolaíoch agus nuálach na dteicneolaíochtaí digiteacha. Is é an aidhm atá ann ná inniúlachtaí digiteacha agus scileanna liteartha na meán a fhorbairt i measc shaoránaigh an Aontais Eorpaigh chun:

  • athléimneacht a chothú i leith na bréagaisnéise agus na bolscaireachta
  • úsáid teicneolaíochtaí a spreagadh don fholláine agus don rannpháirtíocht shibhialta

Ardoideachas

Tá dúshláin ar leith ann d’earnáil ardoideachais na hEorpa agus is gá comhar idir institiúidí ardoideachais a neartú. Cé is moite den bhreisluach cruthaithe a bhaineann le soghluaisteacht foghlama Erasmus+ agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha an Aontais Eorpaigh, tá roinnt bearta eile le teacht:

  • líonra d'Ollscoileanna Eorpacha a fhorbairt
  • foghlaim ilteangach
  • cáilíochtaí a aithint
  • comhchláir agus comhthionscadail oideachais agus taighde a fhorbairt
  • foghlaim feadh an tsaoil a spreagadh
  • soghluaisteacht foghlama a fheabhsú trí chárta deonach Eorpach do mhic léinn a mholadh

Ollscoileanna Eorpacha

Seoladh tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha in 2018 mar thionscnamh suaitheanta de chuid an Limistéir Eorpaigh Oideachais. Is é atá i gceist le tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha comhghuaillíochtaí uaillmhianacha trasnáisiúnta d’institiúidí ardoideachais a bhfuil comhar fadtéarmach struchtúrach straitéiseach á fhorbairt acu. Ní mór do na comhghuaillíochtaí trí institiúid ardoideachais ar a laghad a thabhairt le chéile ó thrí cinn de thíortha ar Ballstáit iad nó atá páirteach i gclár Erasmus.

Oideachas ionchuimsitheach ar ardchaighdeán

Ba cheart go mbeadh gach duine in ann rochtain a fháil ar oideachas ar ardchaighdeán, beag beann ar an gcúlra socheacnamaíoch atá acu. Tá an tAontas Eorpach ag obair chun rochtain ar chórais oideachais agus cúraim na luath-óige a sholáthar do gach páiste lena n-áirítear páistí ó réigiúin atá faoi mhíbhuntáiste ó thaobh na socheacnamaíochta de, mar aon leo siúd ar den uile chúlra socheacnamaíoch iad.

Tá sé mar aidhm ag an Aontas Eorpach oideachas ionchuimsitheach ar ardchaighdeán a áirithiú chun tacú le forbairt na bhfoghlaimeoirí ar fad. Is féidir tuilleadh a dhéanamh chun tarraingteacht agus tábhacht ghairm na múinteoireachta agus na foirne oideachais eile a chur chun cinn agus chun tacú lena n-uasoiliúint leanúnach.

Is gá oibriú i gcomhpháirt chun luathfhágáil scoile san Eoraip a laghdú agus chun méadú a chur faoi dheiseanna rochtana cothroma ar oideachas.

Foghlaim teangacha

Ba cheart go mbeadh sé de nós ag duine dhá theanga eile a labhairt sa bhreis ar a t(h)eanga dúchais. Ba cheart a mheas gur rud tábhachtach í an inniúlacht ilteangach agus Limistéar Eorpach Oideachais á chruthú. Cothaítear léi tuiscint agus éagsúlacht agus cuidítear le luachanna Eorpacha a chur chun cinn. Ba mhaith leis an Aontas Eorpach bearta a ghlacadh agus a fheabhsú a bheidh dírithe ar an ilteangachas a chur chun cinn, ar cháilíocht agus éifeachtúlacht fhoghlaim agus theagasc na dteangacha a fheabhsú.

Cáilíochtaí a aithint

Ba cheart go n-aithneofaí cáilíochtaí scoile agus ardoideachais ar fud an Aontais Eorpaigh. D’fhonn soghluaisteacht gan uaim foghlaimeoirí a áirithiú ní mór go mbeidh tuilleadh comhoibrithe idir na córais oideachais agus oiliúna, chun aitheantas acadúil a spreagadh do cháilíochtaí agus do thréimhsí staidéir thar lear.

Cúlra

Ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta 2017 in Gothenburg na Sualainne a bhí sé nuair a d’fhormhuinigh ceannairí an Aontais, den chéad uair, an smaoineamh maidir le Limistéar Eorpach Oideachais a chruthú.

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le dul chun cinn i dtreo fís de Limistéar Eorpach Oideachais an 23 Bealtaine 2018.

I mí Mheán Fómhair 2020, leag an Coimisiún amach an fhís athnuaite a bhí aige don Limistéar Eorpach Oideachais agus na gníomhaíochtaí nithiúla chun é a bhaint amach. Ghlac an Chomhairle rún maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach maidir le hoideachas agus le hoiliúint don tréimhse 2021-2030 an 26 Feabhra 2021.

Tá tionscnaimh á bhforbairt ag an Aontas agus a Bhallstáit chun beart a chur le briathar faoi 2025 maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais.

An t-athbhreithniú deireanach: an 4 Feabhra 2025