Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 447 Torthaí
Cárta míchumais Eorpach
Is fusa a bheidh sé do dhaoine faoi mhíchumas gluaiseacht gan aon bhac san Aontas. Éascófar leis an gcárta míchumais Eorpach agus cárta páirceála rochtain ar a gcearta agus ar choinníollacha fabhracha i ngach tír san Aontas.

Shaping the EU as we know it: the Lisbon Treaty
The treaty introduced changes like recognising the European Council as an EU institution, creating an EU diplomatic service and modernising law-making.

Trádáil idir an tAontas agus an Afraic Theas
Faigh tuilleadh eolais faoin gcomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus an Afraic Theas.

Caidreamh trádála idir an tAontas agus an tSile: fíricí agus figiúirí
Is é an tAontas an tríú comhpháirtí trádála is mó atá ag an tSile. Táirmhiotail, táirgí plandúla agus táirgí mianracha na hallmhairí is mó as an tSile chuig an Aontas.

An Gníomh um Margaí Digiteacha
Is é is aidhm don Ghníomh um Margaí Digiteacha iomaíocht chóir a chinntiú idir ardáin dhigiteacha, gan beann ar a méid, chun rogha a mhéadú do na tomhaltóirí agus deiseanna nua a chur chun cinn do ghnólachtaí beaga.

An tslí a n-oibríonn beartas cánach an Aontais
Is é is aidhm do bheartas cánach an Aontais cothroime a chinntiú agus fás a chothú trí rialacha cánachais a chomhchuibhiú ar fud na mBallstát, tríd an gcalaois a chomhrac agus trí dhul in oiriúint d’athruithe eacnamaíocha domhanda. Is í an Chomhairle an t-aon reachtóir amháin maidir le cúrsaí cánach an Aontais.

An tseachaint cánach san Aontas Eorpach a chomhrac
Is ar na Ballstáit go príomha atá an fhreagracht calaois chánach agus seachaint cánach a chomhrac. Leis na rialacha a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais, cuirtear comhar maidir le cúrsaí cánach chun cinn, agus cuidítear le tíortha saincheisteanna trasteorann a bhainistiú chun feidhmiú mhargadh aonair an Aontais a chinntiú.

Díospóidí tomhaltóirí a réiteach
Tá roinnt uirlisí agus sásraí curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun tomhaltóirí a chosaint i gcás go dtagann fadhbanna chun cinn agus táirge nó seirbhís á gceannach acu in aon tír san Aontas.

Cistiú páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha
Cuidíonn rialacha an Aontais le neart a chur leis na ceanglais a bhaineann le maoiniú agus trédhearcacht do pháirtithe agus d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus an baol a bhaineann leis an gcur isteach eachtrach a theorannú.

Buiséad 2026 an Aontais: na príomhréimsí
