Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 449 Torthaí
Sábháilteacht bréagán
Cinntíonn rialacha an Aontais go bhfuil na bréagáin a chuirtear ar mhargadh an Aontais ar na bréagáin is sábháilte ar domhan.

Freagairt ar ghéarchéim na himirce agus cásanna force majeure
I gcásanna géarchéime agus imthosca eisceachtúla, údaraítear do na Ballstáit maolú ar rialacha áirithe agus bearta dlúthpháirtíochta agus tacaíochta a iarraidh. Tá siad sin sonraithe sna rialacha nua.

An creat rialachais eacnamaíoch
Is colún lárnach den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta é an rialachas eacnamaíoch. Tá sé d’aidhm aige míchothromaíochtaí eacnamaíocha a bhrath agus a cheartú, ar míchothromaíochtaí iad a d’fhéadfadh geilleagair náisiúnta a lagú nó a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar thíortha eile de chuid an Aontais trí iarmhairtí trasteorann.

An chaoi a n-oibríonn an córas dul isteach/imeachta
Leis an gcóras dul isteach/imeachta a seoladh an 12 Deireadh Fómhair 2025, déantar an clárú teorann do náisiúnaigh tríú tír a uathoibriú, na rialuithe a shimpliú agus an tslándáil a fheabhsú.
Buiséad an Aontais a mhaoiniú
Is iad ranníocaíochtaí na mBallstát príomhfhoinsí ioncaim bhuiséad 2021-2027, ranníocaíochtaí atá bunaithe ar a n-ollioncam náisiúnta, ar a n-acmhainní cánach breisluacha agus ar a ndleachtanna custaim.

Cosaint tomhaltóirí: táirgí airgeadais
Tá roinnt ceart bunúsach sainithe ag an Aontas chun tomhaltóirí a chosaint nuair a úsáideann siad táirgí agus seirbhísí airgeadais, mar shampla nuair a bhíonn cuntas bainc á oscailt acu, airgead á aistriú acu, infheistíocht á déanamh acu, iasacht mhorgáiste nó creidmheas tomhaltóra á bhfáil nó plean pinsin á bhunú acu.

Athbhunú an dúlra
Tá an dúlra i mbaol a bháis, agus is boichte muid dá éagmais. Leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le hathbhunú an dúlra na chéad spriocanna ceangailteacha riamh chun éiceachórais, gnáthóga agus speicis a athchóiriú san Eoraip.

Ról an Aontais sa trádáil dhomhanda
Is é an tAontas Eorpach an bloc trádála is mó ar domhan ó thaobh earraí agus seirbhísí le chéile, arb ionann é agus thart ar 15.8 % den trádáil dhomhanda in 2024.

Trádáil idir an tAontas agus Meicsiceo: fíricí agus figiúirí
Tá an tAontas agus an Indinéis ag obair ar dhá chomhaontú ag an am céanna chun a gcaidreamh trádála agus infheistíochta a dhoimhniú a thuilleadh.

Comhaontú núicléach na hIaráine
Leis an gcomhaontú maidir leis an bPlean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta (JCPOA), dírítear ar a chinntiú go mbeidh clár núicléach na hIaráine ag gabháil don tsíocháin agus don tsíocháin amháin. Leagtar síos ann an amlíne agus na socruithe chun deireadh a chur leis na smachtbhannaí núicléacha i gcoinne na hIaráine.
