An sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac san Aontas
Le rialacha an Aontais maidir leis an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, cosnaítear a chóras airgeadais agus cuirtear leis an tslándáil agus leis an bhfás.
Comhrac an Aontais in aghaidh an sciúrtha airgid
Is údar mór imní don Aontas iad an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta. Baineann rioscaí móra leo do gheilleagar agus do chóras airgeadais an Aontais agus do shlándáil a chuid saoránach.
Le breis agus 30 bliain anuas, tá an comhrac i gcoinne an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta go mór chun tosaigh ar chlár oibre polaitiúil an Aontais, agus glacadh an chéad Treoir maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac in 1991. Ó shin i leith, rinneadh roinnt athchóirithe ar an treoir.
Chun a chinntiú go dtéitear i ngleic i gceart le gach riosca gaolmhar, ní mór rialacha an Aontais a chur in oiriúint go leanúnach do rioscaí atá ag teacht chun cinn, rioscaí a bhaineann leis an méid seo a leanas, cuir i gcás:
- an nuálaíocht theicneolaíoch – mar shampla na hairgeadraí fíorúla
- cineál domhanda na n-eagraíochtaí sceimhlitheoireachta
- clisteacht na gcoirpeach atá ag baint leas as easnaimh nó bearnaí sa chóras
Cad is sciúradh airgid ann? (Grafaic faisnéise)
Rialacha an Aontais maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac
An 30 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle dlíthe nua arb é is aidhm dóibh saoránaigh an Aontais agus a chóras airgeadais a chosaint ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta.
Sa phacáiste sin tá:
- rialachán lena mbunófar údarás nua AE um an sciúradh airgid a chomhrac
- rialachán maidir le ceanglais i ndáil leis an sciúradh airgid a chomhrac san earnáil phríobháideach
- treoir maidir le sásraí chun an sciúradh airgid a chomhrac ar an leibhéal náisiúnta
- athbhreithniú ar an rialachán maidir le haistrithe cistí, a glacadh in 2023
Rialachán maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac
Leis an rialachán nua maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, déantar na rialacha atá i bhfeidhm ar fud an Aontais a chomhchuibhiú agus a shoiléiriú den chéad uair riamh, ag dúnadh bealaí éalaithe do chalaoiseoirí. Áiritheofar leis freisin go gcuirfear na rialacha i bhfeidhm ar bhealach níos comhsheasmhaí agus go bhforfheidhmeofar ar bhealach níos fearr iad. Mar shampla, tá forálacha níos mionsonraithe ann maidir le dícheall cuí custaiméara agus úinéireacht thairbhiúil agus maidir le cumhachtaí maoirseoirí náisiúnta agus aonaid um fhaisnéis airgeadais (AFAnna).
Eintitis faoi oibleagáid
Tríd an rialachán nua, tá creat rialála atá infheidhme go díreach bunaithe ag an Aontas, ina bhfuil ceanglais ar eintitis faoi oibleagáid — go háirithe institiúidí creidmheasa agus airgeadais agus gnólachtaí agus gairmeacha neamhairgeadais ainmnithe (e.g. dlíodóirí agus cuntasóirí). Tá ról lárnach ag na heintitis sin mar gheatóirí i gcreat AML/CTF toisc go bhfuil stádas pribhléideach acu agus gníomhaíochtaí amhrasacha á mbrath.
Cumhdóidh na rialacha nua an chuid is mó den chriptea-earnáil freisin. Beidh ar gach soláthraí seirbhísí criptea-shócmhainní dícheall cuí a chur i bhfeidhm maidir lena gcustaiméirí. Ciallaíonn sé sin nach mór dóibh fíorais faoina gcustaiméirí a fhíorú agus aon amhras a thuairisciú do AFA.
Is iad na hearnálacha eile a mbeidh oibleagáidí díchill chuí agus tuairiscithe orthu maidir lena gcustaiméirí ná trádálaithe só-earraí, miotail agus clocha lómhara, mar shampla, seodóirí agus gaibhne óir. Beidh trádálaithe só-ghluaisteán, eitleán, luamh agus earraí cultúir (saothair ealaíne, cuir i gcás) ina n-eintitis faoi oibleagáid freisin
Aithnítear sa rialachán go mbaineann ardriosca leis an earnáil sacair agus déantar liosta na n-eintiteas faoi oibleagáid a leathnú chun clubanna agus gníomhairí gairmiúla sacair a chuimsiú. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil an earnáil agus an riosca a bhaineann léi faoi réir éagsúlachtaí móra, beidh an tsolúbthacht ag na Ballstáit iad a bhaint den liosta má tá riosca íseal ag baint leo.
Úinéireacht thairbhiúil
Tagraíonn úinéireacht thairbhiúil do dhaoine a rialaíonn nó a bhaineann tairbhe iarbhír as úinéireacht eintitis dhlíthiúil (cuideachta, fondúireacht nó iontaobhas, mar shampla), cé go bhfuil an teideal nó an mhaoin in ainm duine eile. Leis an rialachán, déanfar rialacha an Aontais maidir le húinéireacht thairbhiúil níos comhchuibhithe agus níos trédhearcaí.
Beidh anailís á déanamh ar dhá chomhpháirt na húinéireachta tairbhiúla – úinéireacht agus rialú – chun úinéirí tairbhiúla uile an eintitis dhlíthiúil sin a shainaithint nó iad a shainaithint i ndáil le cineálacha éagsúla eintiteas, eintitis nach bhfuil bunaithe san Aontas, mar shampla, i gcás ina ndéanann siad gnó san Aontas nó nuair a cheannaíonn siad maoin san Aontas. Is é 25% tairseach na húinéireachta tairbhiúla a shocraítear sa chomhaontú.
Déantar rialacha gaolmhara is infheidhme maidir le struchtúir ilsrathacha úinéireachta agus rialaithe a shoiléiriú freisin lena chinntiú nach mbeifear in ann oibriú faoi choim ilshraitheanna úinéireachta cuideachtaí a thuilleadh. Ag an am céanna, déantar forálacha maidir le cosaint sonraí agus coinneáil taifead a shoiléiriú chun obair na n-údarás inniúil a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla.
Íocaíochtaí in airgead tirim
Beidh íocaíochtaí le hairgead tirim faoi réir uasteorainn €10 000 ar fud an Aontais chun é a dhéanamh níos deacra do choirpigh airgead salach a sciúradh. Beidh solúbthacht ag na Ballstáit uasteorainn níos ísle a fhorchur más mian leo.
Tríú tíortha ardriosca
Ceanglófar ar eintitis faoi oibleagáid bearta díchill chuí feabhsaithe a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta ócáideacha agus caidrimh ghnó a bhaineann le tríú tíortha ardriosca ar bagairt ar shláine mhargadh inmheánach an Aontais iad na heasnaimh ina gcórais náisiúnta um chomhrac an sciúrtha airgid agus na sceimhlitheoireachta.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an riosca, bunaithe ar liostuithe an Tascfhórsa Gníomhaíochta Airgeadais (FATF). Thairis sin, tabharfaidh leibhéal ard riosca údar cuí le frithbhearta sonracha breise náisiúnta an Aontais a chur i bhfeidhm, cibé ar leibhéal na n-eintiteas faoi oibleagáid nó na mBallstát a dhéantar iad.
Treoir maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac
In éineacht leis an rialachán, tá an treoir maidir le sásraí um an sciúradh airgid a chomhrac mar chuid de ‘leabhar rialacha aonair’ maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac. Tagann sé in ionad an chúigiú treoir maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac, a glacadh in 2018.
Déanfar na rialacha uile a bhfuil feidhm acu maidir leis an earnáil phríobháideach a aistriú chuig an rialachán, agus is leis an treoir a dhéanfar córais institiúideacha AML/CFT a eagrú ar an leibhéal náisiúnta sna Ballstáit. Dá bhrí sin, tá forálacha sa treoir atá le trasuí sa dlí náisiúnta, rialacha maidir le cláir úinéireachta tairbhiúla, maoirseoirí náisiúnta agus freagrachtaí AFAnna, cuir i gcás.
Faisnéis faoi aistrithe cistí
An 29 Meitheamh 2022, tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú sealadach i ndáil le nuashonrú ar rialachán an Aontais maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, lena gcuirtear lena raon feidhme i ndáil le cripteashócmhainní.
Cuirfidh na rialacha d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní eolas áirithe a bhailiú agus a chur ar fáil maidir le tionscnóirí agus tairbhithe na n-aistrithe cripteashócmhainní a oibríonn siad. Cinnteofar leis sin go mbeidh aistrithe cripteashócmhainní inrianaithe, go mbeidh sé níos éasca idirbhearta a bhféadfadh amhras a bheith ag baint leo a shainaithint agus a bhlocáil.
Tá creat daingean comhréireach ag an Aontas anois a chomhlíonann na caighdeáin idirnáisiúnta is déine maidir le cripteashócmhainní a mhalartú agus, go háirithe, leanann sé moltaí a rinne FATF, an foras faire domhanda maidir leis an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta.
- An sciúradh airgid a chomhrac: rialacha maidir le haistrithe cripteashócmhainní a rianú glactha ag an gComhairle (preaseisiúint, an 16 Bealtaine 2023)
- An sciúradh airgid a chomhrac: comhaontú sealadach tugtha i gcrích faoi thrédhearcacht aistrithe cripteashócmhainní (preaseisiúint, an 29 Meitheamh 2022)
Cad é an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF)?
Is dúshláin dhomhanda iad dúshláin an chomhraic i gcoinne an sciúrtha airgid, agus éilíonn siad comhar láidir ar an leibhéal idirnáisiúnta. Bíonn an tAontas ag obair i dteannta a chomhpháirtithe sa FATF chun caighdeáin idirnáisiúnta a cheapadh agus a chur chun feidhme.
Forbraíonn an FATF beartais chun an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac agus cuireann sé chun cinn iad agus eisíonn sé moltaí do thíortha chun go gcuirfidh siad i bhfeidhm iad.
Nuashonruithe reachtacha eile a bhaineann le AML/CFT
Soiléiríonn an cúigiú treoir maidir le ceanglais chaipitil ról na maoirseoirí stuamachta. Tá maoirseoirí stuamachta freagrach as laigí a shainaithint agus a cheartú in institiúidí airgeadais atá rannpháirteach sa sciúradh airgid agus i maoiniú na sceimhlitheoireachta. Ní mór do na húdaráis inniúla na hábhair imní sin a chur san áireamh sna gníomhaíochtaí maoirseachta a dhéanann siad.
Leis an treoir maidir le húsáid faisnéise airgeadais a éascú chun an choireacht a chomhrac, is fusa do na húdaráis inniúla rochtain a fháil ar fhaisnéis airgeadais agus ar fhaisnéis cuntas bainc agus an fhaisnéis sin a úsáid. Chomh maith leis sin, bíonn sé níos éasca ar na AFAnna rochtain a fháil ar eolas forfheidhmithe dlí.
Údarás um an sciúradh airgid a chomhrac
An 30 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle rialachán lena mbunaítear údarás nua i gcoinne sciúradh airgid (ÚFA) chun feabhas a chur ar mhaoirseacht AML/CFT san Aontas agus chun tacú leis an gcomhar idir AFAnna. Beidh ÚSAC lonnaithe in Frankfurt agus cuirfear tús lena chuid oibríochtaí i lár 2025.
Ós rud é gur coireacht airgeadais trasteorann é an sciúradh airgid, neartóidh an t-údarás sin creat AML/CFT an Aontais trí shásra comhtháite a chruthú le maoirseoirí náisiúnta sna Ballstáit chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh eintitis faoi oibleagáid a n-oibleagáidí.
Is é an ról a bheidh ag an údarás um an sciúradh airgid a chomhrac:
- maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar chuid de na hinstitiúidí creidmheasa agus airgeadais is mó riosca san Aontas, soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní san áireamh
- ról tacaíochta a imirt ar mhaithe leis an earnáil neamhairgeadais
- AFAnna a chomhordú sna Ballstáit
- smachtbhannaí airgid a fhorchur i gcás sáruithe tromchúiseacha
An 18 Nollaig 2023, tháinig ionadaithe ón gComhairle agus ón bParlaimint ar chomhthuiscint maidir leis an bpróiseas chun oifig chláraithe an údaráis sin a roghnú. Thángthas ar chomhaontú críochnaitheach maidir le suíomh oifig chláraithe AMLA an 22 Feabhra 2024
- An sciúradh airgid a chomhrac: an Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le nós imeachta chun suíomh údaráis nua a roghnú (preaseisiúint, an 18 Nollaig 2023)
- An sciúradh airgid a chomhrac: Pacáiste rialacha glactha ag an gComhairle (Preaseisiúint, an 30 Bealtaine 2024)
- Frankfurt chun údarás nua an Aontais chun an sciúradh airgid a chomhrac a óstáil (ÚSAC) (preaseisiúint, an 22 Feabhra 2024)
- Ceisteanna coitianta faoi údarás nua an Aontais i gcoinne sciúradh airgid (ÚFA) (an Coimisiún Eorpach)
Cad atá á dhéanamh ag an Aontas chun dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht?
Caith do shúil ar an aistear de scór bliain go bhfeicfeadh tú mar a bhíonn tíortha an Aontais ag comhoibriú níos dlúithe ná riamh chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac: trí sceimhlitheoirí a chosc ó airm a cheannach nó buamaí a dhéanamh, agus trí iarracht a dhéanamh an radacú a chomhrac ar an gcéad dul síos.
An t-athbhreithniú deireanach: an 18 Feabhra 2026