COP28
Ní mór dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide anois. Bhí ról ceannasach ag an Aontas agus a Bhallstáit maidir le comhaontú domhanda a bhaint amach chun an uaillmhian aeráide agus an maoiniú don aeráid a mhéadú, agus chun spriocanna nua domhanda fuinnimh a leagan síos.
Bhí an 28ú comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide (COP28) ar siúl ón 30 Samhain go dtí an 13 Nollaig 2023 in Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. Is mar pháirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) a d’fhreastail an tAontas agus 27 mBallstát an Aontais ar an imeacht.
Príomhábhair COP28:
- an t-athbhreithniú domhanda
- an maolú
- an t-oiriúnú
- an maoiniú don aeráid – socruithe airgeadais le haghaidh caillteanais agus damáiste san áireamh
An uaillmhian aeráide
Mar chuid de COP28, rinneadh an chéad athbhreithniú domhanda faoi Chomhaontú Pháras, ina ndearnadh an dul chun cinn i dtreo na spriocanna aeráide a leagtar síos leis an gcomhaontú a mheas.
Leagadh béim san athbhreithniú ar an ngá atá le buaic na n-astaíochtaí gás ceaptha faoi 2025 agus le laghdú 43% orthu faoi 2030 agus laghdú 60% orthu faoi 2035, i gcomparáid le leibhéil 2019, chun an téamh domhanda a theorannú go 1.5 C. Luadh ann nach bhfuil roinnt tíortha ar an mbóthar ceart ó thaobh na spriocanna faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach de.
Shocraigh na páirtithe ar na pleananna nuashonraithe aeráide do 2035 a thíolacadh faoi COP30 agus gur cheart iad sin a ailíniú leis an teorainn 1.5°C bunaithe ar an eolaíocht is fearr atá ar fáil agus ar thorthaí athbhreithniú domhanda 2023.
Is lenár leanaí an domhan. Ní mana fógraíochta é sin. Is réaltacht eiseach é. Beidh na 10 mbliana amach romhainn ríthábhachtach agus táimid lántiomanta oibriú i gcomhar libh ar fad chun an daonnacht a chosaint. Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, ag labhairt dó ag COP28 an 1 Nollaig 2023
Comhaontaíodh creat le haghaidh sprioc dhomhanda maidir le hoiriúnú, mar aon le comhaontuithe maidir leis an ngá atá le maoiniú le haghaidh obair oiriúnaithe.
- COP28: an seasamh ón Aontas do chruinniú mullaigh aeráide na Náisiún Aontaithe leagtha amach ag an gComhairle in Dubai (preaseisiúint, an 16 Deireadh Fómhair 2023)
- Comhaontú Pháras: NDC nuashonraithe tíolactha ag an gComhairle thar ceann an Aontais agus na mBallstát (preaseisiúint, an 16 Deireadh Fómhair 2023)
Comhaontú Pháras: conair an Aontais i dtreo na haeráidneodrachta (Grafaic faisnéise)
Fuinneamh
Is den ríthábhacht go neartófaí na hiarrachtaí maidir le maolú ar an athrú aeráide. Is earnáil í earnáil an fhuinnimh inar féidir na tionchair is mó a bheith ag laghduithe astaíochtaí sa ghearrthéarma.
Ag COP28, thathantaigh an tAontas agus a Bhallstáit ar na páirtithe uile teacht ar chomhaontú maidir leis na spriocanna domhanda fuinnimh:
- aistriú ó fhuinneamh iontaise: chinn na páirtithe aistriú de réir a chéile ó bhreoslaí iontaise san earnáil fuinnimh faoi 2050
- foinsí inathnuaite fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh: chinn na páirtithe an acmhainneacht dhomhanda fuinnimh a mhéadú faoi thrí agus ráta na bhfeabhsuithe ar an éifeachtúlacht fuinnimh a dhúbailt faoi 2030
Airgeadas
Tá an tAontas agus a Bhallstáit lántiomanta i gcónaí an sprioc $100 billiún a leagtar síos le Comhaontú Pháras a bhaint amach agus an maoiniú don oiriúnú a dhúbailt.
Ag COP27 in 2022, bhí ról lárnach ag an Aontas i seoladh ciste nua domhanda le haghaidh caillteanais agus damáiste chun tacú le tíortha leochaileacha an scrios a rinne an t-athrú aeráide a shárú.
Ag COP28, gheall an tAontas agus a Bhallstáit os cionn leath den chistiú tosaigh don chiste caillteanais agus damáiste (os cionn €400 milliún).
Ar an iomlán, is iad an tAontas agus tíortha an Aontais is mó a chuireann maoiniú don aeráid ar fáil ar fud an domhain. In 2022, ranníoc siad €28.5 billiún i maoiniú don aeráid ó fhoinsí poiblí agus chuir siad €11.9 billiún breise de mhaoiniú príobháideach ar fáil chun tacú le tíortha i mbéal forbartha a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa féin a laghdú agus oiriúnú d’iarmhairtí an athraithe aeráide.
Ní mór iarrachtaí méadaithe airgeadais a bheith fite fuaite le gealltanais mhaolúcháin níosuaillmhianaí.
Ról an Aontais Eorpaigh ag COP: céard é?
Is páirtithe iad an tAontas agus a Bhallstáit i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC); tá Comhaontú Pháras daingnithe acu go léir. Freastalaíonn siad ar chruinnithe Chomhdháil na bPáirtithe (COP) go bliantúil agus glacann siad páirt sa chaibidlíocht a leagtar síos sa choinbhinsiún aeráide.
Ag cruinnithe COP28, is iad Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen agus Uachtaránacht rothlach na Comhairle a rinne ionadaíocht thar ceann an Aontais. Is iad an Coimisiún Eorpach agus Uachtaránacht na Comhairle a bhí i gceannas ar thoscaireacht caibidlíochta an Aontais.
Tagann an Chomhairle ar chomhaontú maidir le seasamh caibidlíochta an Aontais trí na conclúidí ón gComhairle a fhormheas roimh chruinnithe COP. Thángthas ar chomhaontú maidir le seasamh COP28 ag Comhairle Comhshaoil mhí Dheireadh Fómhair 2023.
Le linn na caibidlíochta, bhíonn ról comhordaithe ag Uachtaránacht na Comhairle lena chinntiú go labhróidh 27 mBallstát an Aontais d’aon ghuth.