Skip to content

Ionstraim éigeandála le haghaidh an mhargaidh aonair

An 1 Feabhra 2024, tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú sealadach maidir leis an ionstraim éigeandála le haghaidh an mhargaidh aonair (SMEI), a athainmneofar, tar éis an chomhaontaithe, mar ghníomh éigeandála agus athléimneachta an mhargaidh inmheánaigh (IMERA).

Ag tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó éigeandálaí a bhí ann le déanaí, mar shampla COVID-19, cogadh na Rúise ar an Úcráin agus géarchéim an tsoláthair fuinnimh, is é is aidhm don sásra nua seo tionchar na ngéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo a réamh-mheas, ullmhú dó agus freagairt air.

Cuireann an ghrafaic faisnéise ionstraim éigeandála an Aontais le haghaidh an mhargaidh aonair i láthair

Ionstraim éigeandála an Aontais le haghaidh an mhargaidh aonair: an margadh inmheánach a threisiú i ngéarchéimeanna

Géarchéimeanna

Cineálacha géarchéime:

  • tubaistí nádúrtha
  • géarchéimeanna sláinte poiblí
  • turraingí eacnamaíocha
  • imní maidir le slándáil

Tionchair:

  • bacainní ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine
  • bíonn deacrachtaí ag cuideachtaí earraí agus seirbhísí a fhoinsiú, a sholáthar nó a dhíol
  • is féidir cur isteach go tapa ar shlabhraí soláthair
  • is féidir go gcuirtear isteach ar rochtain tomhaltóirí ar phríomhtháirgí agus ar phríomhsheirbhísí

Leis an ionstraim éigeandála le haghaidh an mhargaidh aonair

  • cruthaítear struchtúr rialachais géarchéime le haghaidh an mhargaidh aonair (le sásra faireacháin chun bagairtí a shainaithint)
  • tugtar isteach bord um chásanna éigeandála agus athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh chun measúnú a dhéanamh ar na bearta freagartha atá molta.
  • cinntítear solúbthacht chun bearta tapa éifeachtacha a dhéanamh

CUR CHUIGE

Réamh-mheas:

Díriú ar chóras luathrabhaidh:

  • bord um chásanna éigeandála agus athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh: neartaithe le linn modhanna forairdill nó éigeandála
  • traenáil agus tástálacha struis

Ullmhú:

  • faireachán ar shlabhraí soláthair
  • níos mó trédhearcachta/comhair idir na Ballstáit
  • d’fhéadfaí ‘modh forairdill’ a ghníomhachtú tar éis bagairt a bheith sainaitheanta

Freagairt:

  • modh forairdill a ghníomhachtú/a shíneadh/a dhíghníomhachtú
  • gníomhachtú an mhódha éigeandála
  • liosta earraí agus seirbhísí atá ábhartha i gcás géarchéime a ghlacadh
  • soláthairtí a chomhordú
  • gluaiseacht oibrithe riachtanacha agus earraí criticiúla a éascú