Margadh aonair an Aontais
Cinntíonn an margadh aonair saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, caipitil agus daoine. Éascaíonn sé an saol laethúil, spreagann sé fás agus cuireann sé borradh faoin nuálaíocht.
Margadh aonair an Aontais: buntáistí, fíricí agus figiúirí
Bunaíodh margadh aonair an Aontais Eorpaigh in 1993 agus tá sé ar cheann de na héachtaí is mó atá bainte amach ag an Aontas Eorpach. Ráthaíonn sé saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, daoine agus caipitil ar fud chríoch an Aontais: na ‘ceithre shaoirse’.
Cuireann an margadh aonair ar chumas shaoránaigh an Aontais cónaí agus oibriú ar fud an Aontais, rud a chuireann deiseanna fostaíochta níos fearr ar fáil dóibh. Cuireann sé rogha níos leithne seirbhísí agus táirgí ar ardchaighdeán ar fáil do thomhaltóirí ar féidir leo muinín a bheith acu as a bheith sábháilte agus meas a bheith acu ar an gcomhshaol.
Spreagann an margadh aonair an trádáil, ós rud é go bhfuil an tAontas Eorpach ina chomhpháirtí trádála níos tábhachtaí ar an leibhéal domhanda. Spreagann sé fás agus iomaíocht agus cruthaíonn sé deiseanna nua do ghnólachtaí an Aontais, rud a thugann rochtain dóibh ar mhargadh intíre ina bhfuil 449 milliún tomhaltóir.
Ag féachaint chun cinn, tá an margadh aonair:
- ríthábhachtach chun go n-éireoidh le haistrithe glasa agus digiteacha an Aontais
- i gcroílár straitéis thionsclaíoch nua an Aontais
- ina spreagadh d’iomaíochas, d’fhás agus do théarnamh an Aontais ó ghéarchéim COVID-19
Clár mhargadh aonair an Aontais 2021 go dtí 2027
I mí Aibreáin 2021, ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa clár mhargadh aonair an Aontais do na blianta 2021 go dtí 2027.
Is iad seo a leanas príomhchuspóirí an chláir:
- cur le héifeachtacht an mhargaidh aonair
- tacú le hiomaíochas ghnólachtaí an Aontais, go háirithe FBManna
- forbairt a éascú maidir le caighdeáin Eorpacha éifeachtacha
- tomhaltóirí a chumhachtú agus a chosaint
- biashlabhra inbhuanaithe agus sábháilte a chinntiú
- sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte plandaí, agus leas ainmhithe a chur chun cinn
- creat a bhunú chun staidreamh ardcháilíochta a mhaoiniú
Leis an gclár nua, déantar raon gníomhaíochtaí a chomhdhlúthú in aon chlár amháin, ar gníomhaíochtaí iad a maoiníodh ar leithligh roimhe sin chun iad a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla. Cuirtear san áireamh leis freisin tionscnaimh nua chun feidhmiú an mhargaidh aonair a fheabhsú.
Is é €4.2 billiún buiséad iomlán an chláir.
- Seasamh glactha ag an gComhairle maidir le clár mhargadh aonair an Aontais dar luach €4.2 billiún don tréimhse 2021-2027 (preaseisiúint, an 13 Aibreán 2021)
- Clár an mhargaidh aonair (an Coimisiún Eorpach)
- Tacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (eolas cúlra)
- Cosaint an tomhaltóra (eolas cúlra)
Fíorghaisce Eorpach
In 2023 bhí an margadh aonair ag ceiliúradh cothrom 30 bliain a bhunaithe. Le breis agus 30 bliain anuas, spreag an margadh aonair an fás eacnamaíoch agus tá saol na ndaoine i bhfad níos éasca dá bharr.
Margadh aonair an Aontais i bhfigiúirí:
- in 2021, b’ionann olltáirgeacht intíre an mhargaidh aonair agus €14 522 bhilliún
- Tá 17 milliún saoránach ón Aontas ina gcónaí nó ag obair i mBallstát nach í a dtír féin í
- is fiú 56 mhilliún post an trádáil laistigh den mhargadh aonair
Comóradh 30 bliain mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh (Grafaic faisnéise)
Tá ról ríthábhachtach ag an margadh aonair don aistriú glas agus don aistriú digiteach
Margadh aonair an Aontais
Is féidir ról cinntitheach a bheith ag an margadh aonair san aistriú chuig geilleagar ciorclach atá níos neamhdhíobhálaí don aeráid. Tá tionscnaimh déanta ag an Aontas chun lántairbhe a bhaint as a acmhainneacht chun an leas is fearr is féidir a bhaint as deiseanna do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí araon. Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, lena leagtar síos an sprioc go mbeidh an Eoraip ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach faoi 2050, tá creat nua curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun an margadh aonair a athrú ó bhonn.
Éicidhearthóireacht do tháirgí inbhuanaithe
I mí na Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle ceanglais éicidhearthóireachta nua le haghaidh táirgí inbhuanaithe.
Leagtar síos sa rialachán íoscheanglais nua le haghaidh beagnach gach táirge ar mhargadh an Aontais. Áirítear leo sin:
- marthanacht táirgí, ath-inúsáidteacht, in-uasghrádaitheacht agus indeisitheacht
- féidearthachtaí athmhonarú nó athchúrsáil a dhéanamh
- éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní
Cuirtear san áireamh sa rialachán freisin ‘Pas Táirge Digiteach’ nua lena gcuirtear faisnéis ar fáil do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí maidir le tionchar táirge ar an gcomhshaol.
Fágfaidh an pas go mbeidh sé níos éasca táirgí a athchúrsáil agus a dheisiú agus substaintí guaiseacha a rianú tríd an slabhra soláthair.
Margadh aonair digiteach
Is é is aidhm don mhargadh aonair digiteach deireadh a chur leis na bacainní a bhíonn ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí agus uirlisí agus seirbhísí ar líne á n-úsáid acu. Trí dheireadh a chur leis na príomhdhifríochtaí idir an saol ar líne agus an saol as líne, cuireann an margadh aonair digiteach deiseanna nua ar fáil do ghnólachtaí agus cruthaítear timpeallacht ina mbeidh rath ar sheirbhísí digiteacha.
Leis an bpacáiste seirbhísí digiteacha, thíolaic an Coimisiún nuashonrú ar chreat dlíthiúil an Aontais i mí na Nollag 2020 chun coinneáil suas le teicneolaíochtaí digiteacha, samhlacha gnó agus seirbhísí, atá ag athrú ar luas nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo.
Tá an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) agus an Gníomh um Margaí Digiteacha (DMA) sa phacáiste. Déanann na rialacha nua an spás digiteach agus seirbhísí digiteacha a rialú ar bhealach níos fearr, ardáin na meán sóisialta san áireamh.
An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha
Is é is aidhm don Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha spás digiteach níos sábháilte a chruthú d’úsáideoirí agus do chuideachtaí, agus cearta bunúsacha a chosaint sa timpeallacht dhigiteach. Ghlac an Chomhairle an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha i mí Dheireadh Fómhair 2022.
An Gníomh um Margaí Digiteacha
Dírítear leis an nGníomh um Margaí Digiteacha ar chothrom na Féinne a chinntiú do gach cuideachta dhigiteach chun earnáil dhigiteach iomaíoch agus chothrom a ráthú agus fás agus nuálaíocht á gcothú ag an am céanna. Ghlac an Chomhairle an Gníomh um Margaí Digiteacha i mí Iúil 2022.
Straitéis tionsclaíochta an Aontais
Chuir an Coimisiún Eorpach pacáiste nua beartais tionsclaíochta i láthair i mí an Mhárta 2020 inar cuireadh straitéis thionsclaíoch nua don Eoraip san áireamh.
I bhfianaise phaindéim COVID-19, rinne an Coimisiún nuashonrú ar a theachtaireacht maidir le straitéis tionsclaíochta nua de chuid an Aontais i mí na Bealtaine 2021, tar éis conclúidí ón gComhairle i mí Mheán Fómhair 2020 i ndáil le conas margadh aonair an Aontais a dhoimhniú ar mhaithe le téarnamh láidir agus Eoraip iomaíoch inbhuanaithe.
D’athdhearbhaigh an Coimisiún tosaíochtaí 2020 agus chuir sé bearta nua i láthair le haghaidh margadh aonair níos láidre, go háirithe tráth géarchéime.
Sa straitéis nuashonraithe, dírítear ar an méid seo a leanas:
- athléimneacht an mhargaidh aonair i gcoinne aon suaitheadh
- aghaidh a thabhairt ar spleáchais straitéiseacha theicneolaíocha agus thionsclaíocha an Aontais
- dlús a chur le haistriú digiteach agus aistriú glas an tionscail
Athléimneacht an mhargaidh aonair
Léirigh géarchéimeanna le déanaí go bhfuil gá le margadh aonair dea-fheidhmiúil. Go háirithe i bhfianaise phaindéim COVID-19 agus ionradh reatha na Rúise ar an Úcráin, tá an tAontas ag obair chun dlús a chur lena uathriail straitéiseach trí shlabhraí soláthair a dhaingniú agus spleáchais sheachtracha a laghdú.
Sainaithníodh, i gConclúidí ón gComhairle Eorpach, uathriail straitéiseach a bhaint amach agus geilleagar oscailte á chaomhnú mar phríomhchuspóir de chuid an Aontais. Sainmhíníodh uathriail straitéiseach tríd is tríd mar laghdú ar spleáchais sheachtracha i réimsí straitéiseacha.
Tá bearta déanta ag an Aontas chun athléimneacht an mhargaidh aonair a neartú, infheistíocht a chothú agus tacú le gnólachtaí.
An Gníomh um éigeandáil agus athléimneacht sa mhargadh inmheánach
I mí Mheán Fómhair 2024, ghlac an Chomhairle ionstraim éigeandála don mhargadh aonair (SMEI), a athainmneofar, tar éis an chomhaontaithe, mar ghníomh éigeandála agus athléimneachta an mhargaidh inmheánaigh (IMERA). Is é is cuspóir do IMERA tionchar géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo a thuar, a ullmhú agus freagairt dó trí úsáid a bhaint as neart an mhargaidh inmheánaigh.
Ag tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó éigeandálaí ar nós COVID-19, cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an ghéarchéim soláthair fuinnimh, neartóidh an sásra nua an margadh inmheánach in aimsir ghéarchéime tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- gluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine a éascú
- faireachán ar shlabhraí soláthair
- rochtain ar earraí criticiúla a chinntiú
- Ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna: an gníomh um éigeandáil agus athléimneacht sa mhargadh inmheánach glactha ag an gComhairle (preaseisiúint, an 26 Meán Fómhair 2024)
- An Gníomh um éigeandáil agus athléimneacht sa mhargadh inmheánach (eolas cúlra)
- Mar a fhreagraíonn an tAontas ar ghéarchéimeanna agus a chuireann sé le hathléimneacht (eolas cúlra)
Ceadúnú éigeantach
Tá an tAontas ag obair ar rialacha nua maidir le ceadúnú éigeantach is infheidhme san Aontas ar fad i gcás géarchéime.
Is éard is ceadúnas éigeantach ann an fhéidearthacht go gceadódh rialtas do thríú páirtí paitinn a úsáid gan údarú ó shealbhóir chearta na paitinne.
Faoi láthair, rialaítear sásraí um cheadúnú éigeantach ar an leibhéal náisiúnta. I gcás géarchéimeanna nó éigeandálaí trasteorann, d’fhéadfadh sé sin cur isteach ar shaorghluaiseacht táirgí nó seirbhísí criticiúla sa mhargadh inmheánach nó d’fhéadfadh sé ganntanais soláthairtí áirithe a chruthú i roinnt Ballstát.
Níor cheart an ceadúnú éigeantach a dheonú ach amháin tar éis modh éigeandála nó géarchéime a ghníomhachtú ar leibhéal an Aontais.
Ghlac an Chomhairle a seasamh maidir leis an rialachán an 26 Meitheamh 2024.
Faireachán a dhéanamh ar an margadh aonair
Tar éis don Chomhairle a iarraidh go ndéanfaí athléimneacht an mhargaidh aonair a mheas, in 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún an chéad tuarascáil bhliantúil ar an margadh aonair ina ndéantar anailís ar thionchar na géarchéime ar an margadh aonair, an 14 éiceachóras thionsclaíocha ina measc. Cuirtear san áireamh sa tuarascáil freisin príomhtháscairí feidhmíochta chun anailís a dhéanamh ar an bhforbairt eacnamaíoch agus chun faireachán a dhéanamh ar a mbainfear amach.
I mí Feabhra 2022, chuir an Coimisiún Eorpach i láthair an dara tuarascáil bhliantúil uaidh maidir leis an margadh aonair. Déantar cur síos sa tuarascáil sin ar staid an mhargaidh aonair, agus aird ar leith á tabhairt ar théarnamh eacnamaíoch ó ghéarchéim COVID-19 agus sainaithnítear inti riachtanais infheistíochta a dhéanfadh an margadh aonair níos athléimní.
Foilsíodh tuarascáil bhliantúil ar an margadh aonair i mí Eanáir 2023 cothrom le 30 bliain ann ó bunaíodh é. Déantar anailís ann ar ról an mhargaidh aonair sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair agus déantar cur síos ann ar an gcaoi a gcuireann sé feabhas ar iomaíochas an Aontais agus ar an gcaoi a gcuireann sé leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.
Déantar cur síos i dtuarascáil 2024 ar láidreachtaí agus dúshláin iomaíocha an mhargaidh aonair agus rianaítear an dul chun cinn de réir tacar príomhtháscairí feidhmíochta a sainaithníodh in 2023.
- Tuarascáil bhliantúil 2024 maidir leis an margadh aonair (an Coimisiún Eorpach)
- Tuarascáil bhliantúil 2023 maidir leis an margadh aonair (an Coimisiún Eorpach)
- Tuarascáil bhliantúil 2022 maidir leis an margadh aonair (an Coimisiún Eorpach)
- Tuarascáil bhliantúil 2021 maidir leis an margadh aonair (an Coimisiún Eorpach)
Ról na Comhairle i ndoimhniú mhargadh aonair an Aontais
Cuireann an Chomhairle Eorpach treoir pholaitiúil ar fáil maidir le beartais an Aontais. I gclár oibre straitéiseach nua na Comhairle Eorpaí don Aontas don tréimhse 2019 go dtí 2024, sainaithnítear an margadh aonair mar phríomhshócmhainn chun bonn eacnamaíoch an Aontais a fhorbairt.
D'iarr ceannairí an Aontais cur chuige níos comhtháite freisin a nascfadh na beartais ábhartha go léir agus a bhainfeadh na bacainní trádála uile gan údar atá fós ann.
Is í anChomhairle Iomaíochaisatá freagrach as ionchur straitéiseach a chur ar fáil ó thaobh na mBallstát de. Déanann sí faireachán freisin ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá beartaithe.
I gcás tograí reachtacha, glacann an Chomhairle reachtaíocht. I bhformhór na gcásanna, tá feidhm ag an ngnáthnós imeachta reachtach, faoina ndéanann an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa cinneadh mar chomhreachtóirí.
Cuireann an tascfhórsa um fhorfheidhmiú an mhargaidh aonair (SMET) fóram ar fáil inar féidir le tíortha an Aontais agus an Coimisiún plé a dhéanamh ar conas déileáil le bacainní atá fós ann ar an margadh aonair. Bunaíodh an tascfhórsa in 2020 agus is é is cuspóir dó feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair a éascú.
I mí na Bealtaine 2024, d’iarr an Chomhairlestraitéis nua chun margadh inmheánach an Aontais a neartú lena ndíreofaí ar:
- creat rialála níos éifeachtúla atá curtha in oiriúint don aistriú glas agus don aistriú digiteach agus do réaltachtaí domhanda atá ag athrú go tapa
- na ceithre shaoirse a fheabhsú
- úsáid an mhargaidh aonair mar chumhacht dhomhanda um chaighdeánú