"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 21 Meán Fómhair 2020
Na príomhthorthaí
Tháinig na hairí le chéile sa Bhruiséil áit a ndearnadh dul chun cinn leis an bplé ar an bpacáiste um athchóiriú maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) tar éis 2020, le go ndéanfar cur chuige ginearálta na Comhairle a ghlacadh i mí Dheireadh Fómhair 2020. Phléigh siad saincheisteanna talmhaíochta freisin a bhaineann le trádáil agus béim ar leith á leagan ar an gcaibidlíocht a rinneadh le tríú tíortha le déanaí, agus ar an gcaibidlíocht atá ar na bacáin leo amach anseo, maidir le comhaontuithe saorthrádála.
Rinneamar dul chun cinn maith sa phlé a rinneamar ar athchóiriú CBT agus tá muinín agam go mbeimid in ann cur chuige ginearálta na Comhairle a ghlacadh ag an gcéad chruinniú eile a bheidh againn. Bhí comhaontú ginearálta agus tacaíocht ann gur féidir linn é sin a bhaint amach i mí Dheireadh Fómhair. Ní mór dúinn saincheisteanna áirithe a phlé fós, ach bhí áthas orm a fheiceáil go bhfuil méid áirithe tola ann go dtiocfar ar chomhréiteach. Tá rud amháin nach bhfuil athrú ar bith tagtha air, agus is é sin go leanaimis de dhíriú ar fheirmeoirí na hEorpa a bheith iomaíoch agus aistriú chuig cleachtais níos glaise ag an am céanna. Ní mór dúinn a léiriú gan amhras ar bith a fhágáil go bhfuil ár n-uaillmhianta glasa dáiríre agus indéanta d'fheirmeoirí na hEorpa.
Julia Klöckner, Aire Cónaidhme Bia agus Talmhaíochta na Gearmáine
Le linn sheisiún na maidine, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le trí ghné d'athchóiriú CBT: an ailtireacht ghlas, conclúidí na Comhairle Eorpaí maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil a ionchorprú sa chóras íocaíochtaí díreacha a bheidh ann amach anseo, agus an tsamhail nua seachadta. Cé nach raibh na hairí ar aon fhocal maidir le roinnt saincheisteanna, sheas siad an fód agus é mar aidhm acu teacht ar chomhaontú faoi chur chuige ginearálta na Comhairle i mí Dheireadh Fómhair. D'admhaigh roinnt mhaith airí gur céim sa treo ceart iad na moltaí a chuir an uachtaránacht chun cinn. Ina measc sin, bhí sciar aonfhoirmeach íosta de réimsí neamhtháirgiúla a thabhairt isteach ar fud an Aontais, mar aon le cur chuige níos solúbtha agus níos deonaí maidir le huasteorannú a dhéanamh ar íocaíochtaí díreacha. Fáiltíodh a bheag ná a mhór roimh an moladh éiciscéimeanna éigeantacha a thabhairt isteach le céim phíolótach a mhairfeadh dhá bhliain. Maidir leis an tsamhail nua seachadta, d'admhaigh na hairí an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo ach mheas siad freisin gur gá fós tuilleadh plé a dhéanamh ar na saincheisteanna sonracha mar seo a leanas: próiseas formheasa na bpleananna straitéiseacha náisiúnta agus, ar bhonn níos ginearálta, an gá atá le beartas simplithe.
Saincheisteanna talmhaíochta a bhaineann le trádáil
Bunaithe ar chur i láthair ón gCoimisiún Eorpach, phléigh na hairí na forbairtí is déanaí sa chaibidlíocht leanúnach maidir le comhaontuithe saorthrádála agus comhpháirtíochtaí an Aontais le tríú tíortha. Chuala na hairí ón gCoimisiún Eorpach faoin méadú a tháinig ar onnmhairí an Aontais de tháirgí agraibhia i rith na chéad mhíonna de 2020, a bhuí le cur i bhfeidhm comhaontuithe a tugadh i gcrích le déanaí. Chuir go leor airí in iúl freisin go dtacaíonn siad go láidir le hiarrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh comhaontuithe trádála oscailte, cothroma agus inbhuanaithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha, go háirithe le linn phaindéim COVID-19.
Saincheisteanna eile
Phléigh na hairí freisin na saincheisteanna seo a leanas:
Chuir an Fhrainc dearbhú i láthair maidir leis an ngá atá le próitéiní plandúla a fhorbairt san Eoraip chun an spleáchas ar allmhairí a laghdú;
D'iarr an Spáinn an athuair go gcoinneofaí an buiséad reatha don chlár lena ndíreofar ar na réigiúin is forimeallaí sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile;
Chuir Poblacht na Seice agus an Iodáil sraith prionsabal inmhianaithe i láthair a bhaineann le lipéadú cothúcháin ar phacaí tosaigh;
D'iarr Poblacht na Seice ar an gCoimisiún Eorpach togra a thíolacadh chun táirgeadh uibheacha ó chearca cúbarnaí a thoirmeasc san Aontas faoi 2030.
Chuir an Ghearmáin staid na himeartha i láthair maidir le fiabhras Afracach na muc sa Ghearmáin agus na bearta a glacadh;
Chuir Poblacht na Seice nóta i láthair maidir leis an staid in earnáil na feirmeoireachta muc inar iarradh ar an gCoimisiún Eorpach anailís mhionsonraithe a chur ar fáil.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.