"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí iascaigh, 22 Feabhra 2021
Na príomhthorthaí
Le linn físchomhdháil ghearr neamhfhoirmiúil, mhalartaigh na hairí iascaigh tuairimí faoi na comhairliúcháin idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú do 2021, agus, i gcás na stoc domhainfharraige, do 2021 agus 2022. Ag tús an tseisiúin, chuir an Coimisiún Eorpach na hairí ar an eolas faoin staid reatha agus rinne sé tagairt don dul chun cinn a rinneadh tar éis an chéad dá bhabhta de na comhairliúcháin; chuir sé i láthair go hachomair freisin togra uaidh le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna comhairliúcháin sin.
Ghabh na hairí buíochas leis an gCoimisiún as an dlúthchomhar agus as an dea-chomhar a rinneadh go dtí seo, agus béim á leagan acu ar an ngá leanúint ar aghaidh ar an luas céanna. Chuir na hairí in iúl d’aon ghuth go dtacaíonn siad go láidir leis an gcaibidlíocht a thabhairt chun críche go pras. D'athdhearbhaigh siad go bhfuil siad ag iarraidh comhaontú ina ráthaítear cothrom na Féinne idir cabhlaigh iascaigh an Aontais agus na Ríochta Aontaithe, agus ina n-urramaítear trí cholún an Chomhbheartais Iascaigh: an colún sóisialta, an comhshaol agus an geilleagar.
Táimid go léir in aon bhád le chéile a mhéid a bhaineann le cuspóirí na caibidlíochta idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le deiseanna iascaireachta: is mian linn creat soiléir, inbhuanaithe agus cothrom a chinntiú a rachaidh chun tairbhe ár n-iascairí, ár dtomhaltóirí agus ár bhfarraigí.
Ricardo Serrão Santos, Aire Mara na Portaingéile
Le linn an chruinnithe, chuir roinnt toscaireachtaí in iúl go dtacaíonn siad leis an gcaibidlíocht idir an tAontas agus an Iorua a thabhairt chun críche go pras, rud a cheadódh do chabhlaigh Eorpacha dul isteach in uiscí na hIorua.
Cúlra
I bhFeabhra 2021, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir leis an seasamh atá le glacadh (thar ceann an Aontais) sna comhairliúcháin dhéthaobhacha. Tá an seasamh sin bunaithe ar chuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh, lena n-áirítear gnéithe socheacnamaíocha, cinntí a bhunú ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, cothrom na Féinne a chinntiú agus urraim d'oibleagáidí idirnáisiúnta a chinntiú. Cuirfidh Uachtaránacht na Portaingéile na barúlacha a chuir na Ballstáit ar fáil le chéile anois i dtogra comhréitigh ón gComhairle, agus é d'aidhm aici go nglacfar leis go pras go luath i mí an Mhárta (trí nós imeachta i scríbhinn).
Aon ghnó eile
Chuir toscaireacht na Spáinne na hairí ar an eolas faoin ullmhúchán don 7ú Babhta caibidlíochta chun Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe (SFPA) an Aontais le Poblacht Ioslamach na Máratáine a athnuachan. Thacaigh roinnt toscaireachtaí leis an achainí ar an gCoimisiún Eorpach bailchríoch a chur ar an gcaibidlíocht a luaithe is féidir.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.