Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí talmhaíochta, 26 Aibreán 2021

Na príomhthorthaí

Athchóiriú CBT

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn a rinneadh sa chaibidlíocht idirinstitiúideach (idirphlé trípháirteach) maidir le pacáiste athchóirithe CBT, agus d’iarr sí a gcomhairle i ndáil le togra comhréitigh maidir le hailtireacht ghlas. Gné lárnach den togra comhréitigh ón Uachtaránacht is ea an méadú ar na méideanna imfhálaithe d’éiciscéimeanna, i gcomparáid le cur chuige ginearálta na Comhairle (méadú forchéimnitheach, ag tosú le 22 % in 2023 agus 25 % a bhaint amach in 2025) agus solúbthacht airgeadais a chaomhnú (e.g. an chéad tréimhse foghlama do na Ballstáit).

Chuir go leor airí in iúl go raibh siad toilteanach machnamh a dhéanamh ar an togra maidir le méideanna méadaithe imfhálaithe d’éiciscéimeanna; chuir roinnt acu in iúl na hábhair imní atá acu agus d'iarr siad ar an uachtaránacht cloí le cur chuige ginearálta na Comhairle agus leis an imfhálú 20 % a comhaontaíodh d’éiciscéimeanna.

Chuir na hairí go léir in iúl gurbh fhearr leo solúbthacht a choinneáil san ailtireacht ghlas trí ghnéithe amhail an chéad tréimhse foghlama agus an fhéidearthacht cistí a aistriú idir colúin a chosaint, ionas nach gcaillfear cistí nár caitheadh.

Chuir formhór mór na n-airí in iúl go dtacaíonn siad go láidir le plean na huachtaránachta an chaibidlíocht a thabhairt chun críche le linn Uachtaránacht na Portaingéile; leag roinnt mhaith airí béim ar an ngá atá le comhaontú ina gcuimseofaí gach ceann de na trí rialachán lena mbunaítear an pacáiste maidir le hathchóiriú CBT.

Maria do Céu Antunes, Aire Talmhaíochta na Portaingéile
Táimid tar éis teacht ar chomhdhearcadh maidir leis an ailtireacht ghlas, rud a léiríonn go han-mhaith a thiomanta atá an Chomhairle an t-athchóiriú ar CBT a chur i gcrích; comhréiteach é ar bhaineamar amach é d’fheirmeoirí agus do shaoránaigh na hEorpa.
Maria do Céu Antunes, Aire Talmhaíochta na Portaingéile
Maria do Céu Antunes, Aire Talmhaíochta na Portaingéile

Staid an mhargaidh

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi staid earnáil agus mhargaí talmhaíochta na hEorpa, agus é ag leagan béime ar an gcaoi a bhfuil, tríd is tríd, athléimneacht le tabhairt faoi deara san earnáil agraibhia, agus go bhfuil ag éirí léi slándáil an tsoláthair bia a chinntiú le linn ghéarchéim COVID-19. Leag na hairí béim ar na héifeachtaí diúltacha a bhí ag na tréimhsí seaca a bhí ann le déanaí, go háirithe ar earnáil an fhíona agus earnáil na dtorthaí; D’áitigh roinnt airí ar an gCoimisiún tacaíocht bhreise a chur ar fáil do na hearnálacha a bhí thíos leo sin.

Leagtar amach sa ghrafaic faisnéise an tacaíocht a thugann an tAontas d’earnálacha na talmhaíochta agus an iascaigh le linn na géarchéime COVID-19.
COVID-19: Tacaíocht an Aontais do thalmhaíocht agus iascach (Grafaic faisnéise)

COVID-19: Tacaíocht an Aontais do thalmhaíocht agus iascach (Grafaic faisnéise)

An trádáil

Bhí plé straitéiseach ag na hairí faoin treo ba cheart do chaidreamh trádála an Aontais le tríú tíortha (chomh maith le beartais sheachtracha ábhartha eile de chuid an Aontais) dul chun inbhuanaitheacht agus dintiúir chomhshaoil earnáil agraibhia an Aontais a chaomhnú. Chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad le clár oibre trádála atá oscailte, inbhuanaithe agus uaillmhianach, ina bhfuil cothrom na Féinne agus tacaíocht do na hearnálacha is íogaire.

Rinne na hairí trácht freisin ar an staidéar nuashonraithe ón Airmheán Comhpháirteach Taighde maidir le héifeachtaí carnacha eacnamaíocha na caibidlíochta trádála atá ar siúl faoi láthair agus atá ar na bacáin maidir le hearnáil talmhaíochta an Aontais: nuashonrúcháin níos rialta agus anailís níos mionsonraithe ar thionchar na gcomhaontuithe trádála ar réigiúin agus ar earnálacha éagsúla na príomhrudaí a iarradh.

Aon ghnó eile

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi thoradh na meastóireachta a rinneadh ar Straitéis an Aontaismaidir le Leas Ainmhithe do 2012 go 2015, agus d’fhógair sé go raibh sé ar intinn aige togra reachtach ábhartha a thíolacadh faoi dheireadh 2023. Leag roinnt airí béim ar a thábhachtaí atá leas na n-ainmhithe, agus luaigh siad chomh maith an gá atá leis an reachtaíocht maidir le hiompar ainmhithe a athbhreithniú.

D’iarr toscaireacht na Gearmáine ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí lipéadú éigeantach ar mhodhanna feirmeoireachta cearc a leathnú chuig bianna ina bhfuil uibheacha mar chomhábhar i mbia próiseáilte (e.g. pasta, maonáis). Fuair an tionscnamh seo tacaíocht ó roinnt Ballstát a chuir béim ar bhreisluach na faisnéise sin do thomhaltóirí.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2024