Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 22-23 Márta 2021

Na príomhthorthaí

Iascach

Rinne na hairí a marana ar na comhairliúcháin idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú do 2021 agus, i gcás na stoc domhainfharraige, do 2021 agus 2022. Ós rud é go bhféadfadh sé nach dtiocfadh an dá pháirtí ar chomhaontú faoi dheireadh mhí an Mhárta (nuair a rachaidh na deiseanna iascaireachta sealadacha agus teoranta in éag), tháinig na hairí ar chomhaontú maidir le plean teagmhais lena gcuirfí síneadh leis na deiseanna iascaireachta sealadacha idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe go dtí an 31 Iúil 2021. Cinntíonn an plean sin gníomhaíocht iascaireachta gan bhriseadh do chabhlaigh an Aontais go dtí go dtiocfaidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú maidir le deiseanna cinnte iascaireachta do 2021 agus do stoic dhomhainfharraige do 2021 agus do 2022.

Leagtar amach sa phlean teagmhais deiseanna iascaireachta sealadacha agus teoranta, i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) do 2021 agus leis an gcreat a leagtar amach sa chomhaontú trádála agus comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

Ricardo Serrão Santos, Aire Mara na Portaingéile
Ráthaítear leis an bplean teagmhais go leanfaidh cabhlaigh an Aontais de bheith ag feidhmiú ina gcuid meánna traidisiúnta iascaireachta tar éis mhí an Mhárta. Tá súil agam nach mbeidh gá leis an bplean seo agus go mbeifear in ann teacht ar chomhaontú maidir le teorainneacha gabhála cinntitheacha a shocrú.
Ricardo Serrão Santos, Aire Mara na Portaingéile
Ricardo Serrão Santos, Aire Mara na Portaingéile

Chuir na hairí in iúl freisin gur dhíol sásaimh dóibh na comhairliúcháin neamhfhoirmiúla a bheith tugtha i gcrích idir an tAontas agus an Iorua, agus idir an tAontas agus an Iorua agus an Ríocht Aontaithe, maidir le deiseanna cinnte iascaireachta a shocrú sa Mhuir Thuaidh agus i limistéir Skagerrak agus Kattegat do 2021.

Talmhaíocht

Ullmhacht na mbeart fíteashláintíochta chun cosaint a thabhairt i gcoinne lotnaidí plandaí

Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoi ullmhacht an Aontais maidir leis na bearta fíteashláintíochta chun cosaint a thabhairt i gcoinne lotnaidí plandaí a ndéanann bagairt ar an talmhaíocht. Chuir na hairí i dtreis a thábhachtaí atá sé feasacht a mhúscailt maidir le sláinte plandaí agus gur gá a bheith in ann lotnaidí díobhálacha a shainaithint go luath, agus iad a dhíothú ar an mbealach is éifeachtaí is féidir.

Luaigh roinnt airí gur féidir ról lárnach a bheith ag cumais dhigiteacha (e.g. bunachair sonraí dhigiteacha a fhorbairt), agus ag an nuálaíocht chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le sláinte plandaí agus lotnaidí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Chuir na hairí chun suntais freisin bealaí chun ullmhacht na hEorpa i gcoinne lotnaidí a neartú e.g. trí phleananna teagmhais a fhorbairt agus dianseiceálacha rialaithe ag teorainneacha a chur chun feidhme.

Gníomhairí bitheolaíocha a úsáid i gcoinne lotnaidí plandaí

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir le gníomhairí rialaithe bitheolaíocha – BCAanna (macrorgánaigh) a úsáid i gcoinne lotnaidí plandaí. Bhí na hairí ar aon fhocal gur rogha inmharthana ar lotnaidicídí ceimiceacha iad na BCAnna agus gur féidir leo cur le spriocanna áirithe an Chomhaontuithe Ghlais agus na straitéise 'ón bhfeirm go dtí an forc' a bhaint amach.

Tacaíodh i gcoitinne freisin le tionscnamh na hUachtaránachta chun togra a mholadh le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena n-iarrtar ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar an staid san Aontas agus ar na roghanna maidir le hallmhairiú, meastóireacht, táirgeadh agus margú gníomhairí rialaithe bitheolaíocha.

Maria do Céu Antunes, Aire Talmhaíochta na Portaingéile
Is ionann plandaí a chosaint agus ár mbithéagsúlacht, ár mbarra, ár dtáirgeadh bia, agus ár mbeatha féin a chosaint. Le chéile, is féidir linn tógáil ar thionscnaimh atá ann cheana agus ár n-ullmhacht a thabhairt chun cinn.
Maria do Céu Antunes, Aire Talmhaíochta na Portaingéile
Maria do Céu Antunes, Aire Talmhaíochta na Portaingéile

An pacáiste um athchóiriú CBT

Thug an Uachtaránacht na hairí cothrom le dáta faoin gcaibidlíocht idirinstitiúideach leanúnach maidir leis na trí rialachán atá sa phacáiste maidir le hathchóiriú an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) (don tréimhse 2023-2027). Thug an Uachtaránacht dá haire na tuairimí éagsúla a chuir na hairí in iúl maidir le gnéithe éagsúla den phacáiste athchóirithe. Beidh sé d’aidhm ag an Uachtaránacht anois, le treoir pholaitiúil athnuaite ó na hairí, an chaibidlíocht idirinstitiúideach a chur chun cinn a thuilleadh, go háirithe sa ‘sár-idirphlé trípháirteach’ a bheidh ar siúl Dé hAoine an 26 Márta 2021.

Sa phlé a rinne na hairí maidir leis na trí rialachán, pléadh ábhair amhail:

  • pleananna straitéiseacha
  • samhail nua seachadta
  • íocaíochtaí a spriocdhíriú
  • bainistiú an mhargaidh agus bearta eisceachtúla

Pleananna straitéiseacha

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le pleananna straitéiseacha CBT a ullmhú. Tá a bpleananna straitéiseacha náisiúnta á gceapadh ag na Ballstáit faoi láthair, bunaithe freisin ar mholtaí neamhcheangailteacha agus tírshonracha ón gCoimisiún.

Ghabh na hairí buíochas leis an gCoimisiún as na moltaí tírshonracha a chur ar fáil. Mhínigh roinnt airí gur léiriú maith iad na moltaí sin agus gur pointe tosaigh iad agus na pleananna straitéiseacha á gceapadh; mar sin féin, chuir siad chun suntais go mbeadh na pleananna sin bunaithe go príomha ar thosaíochtaí náisiúnta, ar shainiúlachtaí náisiúnta agus ar anailís ar láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí (SWOT).

Chuir na toscaireachtaí tuairimí éagsúla in iúl maidir le cé chomh mór is a dhéanfar cuspóirí an Chomhaontuithe Ghlais agus straitéisí 'ón bhfeirm go dtí an forc' a chomhtháthú i bpleananna straitéiseacha CBT; d’iarr roinnt airí ar an gCoimisiún Eorpach measúnú tionchair a dhéanamh maidir leis na straitéisí sin a nascadh leis an CBT.

Samhail nua seachadta

D’athdhearbhaigh na hairí go láidir gurbh fhearr leo samhail nua seachadta (mar a bheartaítear sa rialachán maidir le pleananna straitéiseacha agus sa rialachán cothrománach) lena gcuirtear dóthain solúbthachta ar fáil do na Ballstáit maidir leis an mbealach a bhféadfaí a n-idirghabhálacha cistiúcháin a dhearadh agus próiseas simplithe á ráthú ag an am céanna. Chun simpliú a chinntiú agus chun gearradh siar ar an rómhaorlathas, bhí go leor airí i gcoinne togra le haghaidh córas dhá shraith lena dtugtar isteach oibleagáidí comhlíonta agus feidhmíochta araon.

Íocaíochtaí a spriocdhíriú

Leag an Uachtaránacht amach na moltaí comhréitigh maidir le roinnt saincheisteanna oscailte a bhaineann go príomha leis an ngné éigeantach (nó a mhalairt) maidir le forálacha faoi chuimsiú na sainmhínithe ar an ní is 'feirmeoir gníomhach' agus 'feirmeoir nua' ann, laghdú ar íocaíochtaí (caidhpeáil), íocaíochtaí d’fheirmeoirí beaga, agus íocaíochtaí athdháilte. Cé go raibh tuairimí éagsúla ann maidir leis na forálacha éagsúla, chuir roinnt airí chun suntais an gá atá le solúbthacht maidir le bearta éagsúla (rogha le haghaidh forálacha deonacha den chuid is mó).

Bainistiú an mhargaidh agus bearta eisceachtúla

Mhínigh an Uachtaránacht go bhfuil na seasaimh ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa ailínithe den chuid is mó maidir le saincheisteanna a bhaineann le fíon agus le táscairí geografacha, ach go bhfuil siad fós scartha ó chéile maidir le bainistiú an mhargaidh agus bearta géarchéime. D’iarr na hairí ar an Uachtaránacht fanacht gar do na prionsabail a comhaontaíodh agus a chumhdaítear i gcur chuige ginearálta na Comhairle (a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2020), agus gealltanais an Aontais i dtaca leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a urramú le linn na caibidlíochta idirinstitiúidí atá ar siúl faoi láthair. Léirigh siad freisin go raibh siad toilteanach céim a ghlacadh i dtreo sheasamh na Parlaiminte maidir le saincheisteanna áirithe.

Gnó eile

Straitéis Foraoise an Aontais tar éis 2020

Chuir toscaireacht na hOstaire, le tacaíocht ó 11 Bhallstát, a n-imní in iúl faoin gcaoi a dtugann tionscnaimh éagsúla faoin gComhaontú Glas don Eoraip aghaidh ar ghnéithe a bhaineann le foraoisí, rud a d’fhéadfadh raon feidhme straitéis foraoise an Aontais tar éis 2020 a réamhchinntiú. Chuir tromlach na n-airí i bhfios go láidir a riachtanaí atá sé bainistiú inbhuanaithe foraoisí a chur chun cinn mar aon leis an ról ilfheidhmeach atá acu i straitéis foraoise an Aontais. D’iarr siad freisin ar an gCoimisiún aitheantas a thabhairt don mhéid a chuireann foraoisí leis an mbithéagsúlacht agus leis an athrú aeráide a mhaolú i straitéis foraoise an Aontais tar éis 2020 atá ar na bacáin.

Tograí chun cur chun feidhme CBT a shimpliú

Chuir toscaireacht na Fraince, thar ceann 14 Bhallstát, páipéar leathoifigiúil i láthair maidir leis an ualach riaracháin sa CBT nua a theorannú, le tograí sonracha maidir leis an tsamhail nua seachadta, ábhar phleananna straitéiseacha CBT, gníomhartha tarmligthe agus eile.

Géarchéim COVID-19 agus earnáil an fhíona

Chuir toscaireacht na Spáinne, in éineacht le 13 Bhallstát, na hairí ar an eolas faoin ngá atá le cistí breise chun tacú le hearnáil an fhíona, a d'fhág géarchéim COVID-19 agus taraifí na Stát Aontaithe a lorg uirthi.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Torthaí na vótála sa chruinniú

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025