- An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 26-27 Bealtaine 2021
Na príomhthorthaí
Athchóiriú an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT)
Ba í todhchaí an Chomhbheartais Talmhaíochta an príomhábhar a bhí ar chlár oibre na n-airí talmhaíochta agus iascaigh. Ba é an aidhm fhoriomlán a bhí leis sin teacht ar chomhaontú maidir leis na trí rialachán atá sa phacáiste um athchóiriú CBT. Tionóladh an cruinniú i gcomhthreo le caibidlíochtaí idirinstitiúideacha idir an Chomhairle agus an Pharlaimint. I measc na bpríomhphointí plé bhí coinníollacht shóisialta, spriocdhíriú ar íocaíochtaí, agus an ailtireacht ghlas. Cé go ndearnadh dul chun cinn i réimsí éagsúla sa deireadh, tá roinnt saincheisteanna tábhachtacha fós gan réiteach. Dá bhrí sin, cinneadh an plé a chur siar go dtí an chéad chruinniú eile a bheidh ag na hairí talmhaíochta agus iascaigh i mí an Mheithimh.
Cruinniú Mullaigh 2021 na Náisiún Aontaithe maidir le Córais Bhia
Tar éis plé a dhéanamh, d’fhormheas na hairí na conclúidí ón gComhairle maidir le tosaíochtaí an Aontais do Chruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir le Córais Bhia, a bheidh ar siúl i Nua Eabhrac i mí Mheán Fómhair. Tháinig siad ar chomhaontú faoi thábhacht Chruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir le Córais Bhia mar imeacht cinniúnach agus fíordheis chun córais bia a athmhúnlú ar an leibhéal domhanda. Beidh réamhchruinniú mullaigh ar siúl an 26-28 Iúil sa Róimh.
Ábhar atáirgthe plandaí
Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoin staidéar a rinne an Coimisiún i ndáil le roghanna chun reachtaíocht reatha an Aontais maidir le táirgeadh agus margaíocht ábhair atáirgthe plandaí a nuashonrú. Ar an iomlán, d’fháiltigh siad roimh an staidéar, agus d’aithin siad gur gá gníomhú agus an reachtaíocht maidir le hábhar atáirgthe plandaí a thabhairt cothrom le dáta, chun freagairt do dhúshláin amhail dul i ngleic leis an athrú aeráide, slándáil bia a chinntiú agus an bhithéagsúlacht a chaomhnú.
Teicnící nua géanómaíocha
Bhí díospóireacht ag na hairí faoi na conclúidí ón staidéar ón gCoimisiún faoi stádas na dteicnící nua géanómaíocha agus scrúdaigh siad gníomhaíochtaí beartais a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Go ginearálta, d’aontaigh siad le torthaí an staidéir, go háirithe an gá atá le haghaidh a thabhairt ar éiginnteacht dhlíthiúil agus an reachtaíocht atá ann cheana a oiriúnú chun dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch a chur san áireamh.
Feirmeoireacht orgánach
Chuir an Coimisiún a phlean gníomhaíochta maidir le feirmeoireacht orgánach faoi bhráid na n-airí. Faoin bplean sin, a ceapadh i mí an Mhárta 2021, leagtar amach conas is féidir an sciar den fheirmeoireacht orgánach a mhéadú go 25% ar a laghad de thalamh talmhaíochta an Aontais, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Phléigh na hairí leibhéal uaillmhéine an phlean gníomhaíochta, chomh maith le hindéantacht an phlean. Chuir go leor acu in iúl go dtacaíonn siad le plean an Choimisiúin agus leag siad amach uaillmhianta chun an méid talún atá dírithe ar an bhfeirmeoireacht orgánach ina mBallstáit féin a mhéadú.
Gnó eile
Deiseanna iascaireachta idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe
Phléigh na hairí staid na himeartha i ndáil leis an gcomhairliúchán leis an Ríocht Aontaithe maidir le cuótaí iascaireachta tar éis Brexit, agus thug siad dá n-aire na barúlacha a thug roinnt toscaireachtaí. D’athdhearbhaigh siad go dtacaíonn siad le cur chuige an Choimisiúin agus comhaontú cuimsitheach á lorg aige i gcónaí.
Caibidlíocht na hEagraíochta Domhanda Trádála i ndáil leis an iascach
Chuir toscaireachtaí na Spáinne agus na Fraince airí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le caibidlíocht na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le fóirdheontais iascaigh. Leag na hairí béim ar an ngá atá le toradh cothrom a bhaint amach i ndáil le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14.6.
Dearbhú Ghrúpa Visegrad maidir le CBT agus ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’
Chuir toscaireacht na Polainne na hairí ar an eolas faoi dhearbhú comhpháirteach Ghrúpa Visegrad agus roinnt Ballstát eile maidir leis na deiseanna agus na dúshláin a thugtar leis an straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ ó thaobh pleananna straitéiseacha náisiúnta CBT a fhorbairt agus a chur chun feidhme.
Earnálacha talmhaíochta a chuir siocán isteach orthu
Cuireadh dearbhú isteach thar ceann na Fraince, na Gréige agus na hIodáile maidir leis an ngá atá le tacaíocht a thabhairt d’earnálacha talmhaíochta a chuir siocán isteach orthu le déanaí. Bhí tionchar suntasach ar tháirgeacht talmhaíochta sa Fhrainc, sa Ghréig agus san Iodáil de bharr siocán as an ngnáth le linn na seachtaine deireanaí de mhí an Mhárta agus na chéad seachtaine de mhí Aibreáin 2021. Chuir na hairí a ndlúthpháirtíocht leis na Ballstáit lena mbaineann in iúl, agus roinnt acu ag tabhairt dá n-aire gur mhéadaigh an t-athrú aeráide an baol drochaimsire, rud a théann a chuireann isteach ar an talmhaíocht san Aontas ina iomláine.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Torthaí na vótála sa chruinniúFaisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Magdalena Walczak-Jarosz Press officer
- +32 471 33 57 03
- +32 2 281 80 79
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #AGRIFISH
Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025