Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí talmhaíochta agus iascaigh, 25 Eanáir 2021

Na príomhthorthaí

Luaigh na hairí saincheisteanna éagsúla le linn an chruinnithe físchomhdhála neamhfhoirmiúil, cruinniú a mhair lá iomlán: treoir i dtaca le tús na gcomhairliúchán déthaobhach idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le deiseanna iascaireachta cinnte a shocrú le haghaidh 2021 (agus i gcás stoic airithe le haghaidh 2022), an tionchar ar earnáil talmhaíochta an Aontais a bhí ag an méid ar tharla le déanaí i gcúrsaí trádála agus peirspictíochtaí i ndáil leis sin agus staid reatha na himeartha maidir leis an gcaibidlíocht idirinstitiúideach ar phacáiste athchóirithe CBT tar éis 2020.

Is í Uachtaránacht na Portaingéile a chuir tús leis an gcruinniú le cur i láthair maidir lena tosaíochtaí: is príomhchuspóir di an chaibidlíocht maidir le hathchóiriú CBT a thabhairt chun críche san earrach. Rinne an Uachtaránacht achoimre ar thosaíochtaí eile sa limistéar talmhaíochta (straitéis forbartha tuaithe, an cinneadh ón gComhairle maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí, agus teacht ar chomhaontú faoi thosaíochtaí an Aontais le haghaidh Chruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir le Córais Bia) agus faoin iascach (na mórdheiseanna iascaireachta leis an Ríocht Aontaithe agus leis an Iorua a chomhaontú, an rialachán nua a thabhairt chun críche maidir leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, agus cur chuige ginearálta a chomhaontú maidir le hathchóiriú an Chórais Rialaithe).

An tIascach

Phléigh na hairí a dtosaíochtaí maidir le tús a chur leis na comhairliúcháin fhoirmiúla dhéthaobhacha idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le deiseanna iascaireachta cinnte a shocrú le haghaidh 2021 i gcás stoic chomhroinnte (agus le haghaidh 2021 agus 2022 i gcás stoic chomhroinnte dhomhainfharraige). Thacaigh siad freisin leis an treoir thosaigh a thug an Uachtaránacht don Choimisiún Eorpach, arb é a threoróidh na comhairliúcháin, á chur i dtreis acu gur gá prionsabail an chomhbheartais iascaigh a urramú. Is tosaíocht thábhachtach eile a bhí acu cinnteacht a chur ar fáil chomh luath agus is féidir do phobail iascaireachta an Aontais agus inbhuaine chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta na hearnála a chur chun cinn. D’iarr na hairí ar an gCoimisiún Eorpach soiléireacht agus trédhearcacht a áirithiú agus na comhairliúcháin á reáchtáil aige; d’athdhearbhaigh siad gur gá gach eolas a bheith acu agus iad a bheith iomlán rannpháirteach i rith an phróisis agus ar leibhéil éagsúla.

Ina theannta sin, chuir roinnt Ballstát imní in iúl maidir leis an gcinneadh aontaobhach a rinne an Iorua le déanaí i dtaca le cuótaí i gcás stoic chomhroinnte airithe, agus d’iarr siad go dtabharfaí an chaibidlíocht faoi na deiseanna iascaireachta idir an tAontas agus an Iorua chun críche go pras.

Ricardo Serrão Santos, Aire Mara na Portaingéile
Is cleachtadh stairiúil é an comhairliúchán idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh 2021. Is é seo an chéad uair a chuirfear chun feidhme an comhaontú trádála agus comhair idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Is mian linn cúrsa a leagan ionas go mbeidh an inbhuaine ag croílár an chomhaontaithe chun beatha ár bpobal iascaireachta a chinntiú.
Ricardo Serrão Santos, Aire Mara na Portaingéile
Ricardo Serrão Santos, Aire Mara na Portaingéile

An talmhaíocht

Le linn sheisiún an tráthnóna, bhí malartú tuairimí ag na hairí ar bhonn cur i láthair ón gCoimisiún maidir leis na forbairtí trádála idirnáisiúnta is déanaí agus a dtionchar ar earnáil agraibhia an Aontais. Chuir roinnt airí chun suntais gur gá cothrom na Féinne a bheith i gcomhaontuithe trádála an Aontais, e.g. Mercosur, chun a chinntiú go gcaithfear go cothrom le feirmeoirí Eorpacha; luigh go leor acu go trom ar a thábhachtaí atá sé nach n-allmhairítear táirgí agraibhia ó thríú tíortha ach amháin i gcás ina n-urramaíonn siad ardchaighdeáin chomhshaoil agus inbhuaine mar a dhéanann táirgí an Aontais féin. Ba dhíol sásaimh do na hairí freisin an comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe agus an stádas neamhtharaife le haghaidh táirgí agraibhia, á chur i dtreis acu gur gá cur chun feidhme an chomhaontaithe sin a dhlúthfhaireachán chun cinnteacht agus cobhsaíocht san earnáil a chinntiú, lena n-áirítear ábhair amhail tásca geografacha. Luaigh na hairí na peirspictíochtaí nua agus na deiseanna nua atá ag teacht chun cinn de thairbhe riarachán nua a bheith ag Stáit Aontaithe Mheiriceá, go háirithe maidir le teannas a laghdú i gcúrsaí trádála.

Ina theannta sin, thug an Coimisiún Eorpach réamhamharc gairid ar an nuashonrú a rinneadh ar an staidéar a rinne an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) in 2016, ina léirítear na comhaontuithe is déanaí arna gcaibidil ag an Aontas, amhail na comhaontuithe le Mercosur, le Ceanada, leis an tSeapáin, le Vítneam agus le Meicsiceo. Dearbhaíodh sna torthaí tosaigh (trí réamh-mheastachán ar chásanna éagsúla) go bhféadfadh clár oibre trádála an Aontais dul chun sochair d’earnáil talmhaíochta an Aontais. Ba dhíol sásaimh do na hairí na conclúidí tosaigh sin ach chuir siad in iúl gur gá dóibh an staidéar a fháil agus anailís a dhéanamh ar shonraí breise d’fhonn é a phlé ag cruinniú aireachta a bheidh ann amach anseo.

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas freisin faoi staid reatha na himeartha maidir leis an gcaibidlíocht faoin bpacáiste athchóirithe CBT tar éis 2020, agus mhínigh sí go bhfuil roinnt cruinnithe polaitiúla agus teicniúla ar na bacáin d’fhonn teacht ar chomhaontú in earrach na bliana seo. Ba iad na pointí a leanas ar ar díríodh aird: an tsamhail seachadta nua, an t-ollstruchtúr glas agus na caighdeáin chomhshaoil, an trádáil le tríú tíortha, bearta margaidh eisceachtúla agus nithe nach iad. Mhol formhór na n-airí don Uachtaránacht cloí le cur chuige ginearálta na Comhairle (mar a comhaontaíodh i mí Dheireadh Fómhair 2020) le linn na caibidlíochta idirinstitiúidí, i gcomhthéacs ollstruchtúr glas an athchóirithe freisin, ach bhí roinnt acu ann a chuir tacaíocht do leasuithe áirithe de chuid Pharlaimint na hEorpa in iúl. Luaigh na hairí arís gur gá rialacha a shimpliú, éifeachtaí comhshaoil agus socheacnamaíocha a chomhardú, agus teacht ar chomhaontú chomh luath agus is féidir ar bhonn córas feidhmíocht-dhírithe.

Is deargthosaíocht ag an Uachtaránacht seo teacht ar chomhaontú le linn na caibidlíochta faoi athchóiriú CBT in earrach na bliana seo. Chun sin a bhaint amach tá sé ar intinn againn tógáil ar obair chrua a rinne na huachtaránachtaí roimhe seo agus an deis a chuir siadsan ar fáil a thapú. Is é cur chuige ginearálta na Comhairle a threoróidh sinn sa chaibidlíocht; is téacs cothrom é a chuideoidh linn teacht ar chomhaontú cothrom. Is leis an talmhaíocht, i measc nithe eile, a réiteofar an bealach agus a chuirfear dlús le héifeachtaí phleananna téarnaimh agus claochlaithe dhigitigh na hEorpa. Maria do Céu Antunes, Aire Talmhaíochta na Portaingéile

Ar na hábhair eile a pléadh (faoi aon ghnó eile) bhí: i) an fhaisnéis a chuir toscaireacht na Cróite ar fáil maidir leis an tionchar a bhí ag an gcrith talún sa Chróit le déanaí ar earnáil na talmhaíochta agus ar limistéir thuaithe áirithe, faisnéis lenar ghabh iarrataí ar an gCoimisiún a bheith solúbtha agus aon bheart atá ar fáil a ghníomhachtú chun cuidiú leis an téarnamh agus ii) an iarraidh a rinne toscaireacht na Slóivéine (le tacaíocht ó 13 mBallstát) bearta a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais chun cuidiú le hearnáil na muiceola teacht aniar ón mórthitim praghsanna a d’éirigh as paindéim COVID-19.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Eanáir 2024