Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 13 Meitheamh 2022

Na príomhthorthaí

Talmhaíocht

Plé ar staid an mhargaidh, go háirithe tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin

Ar bhonn na gconclúidí ón gComhairle Eorpach, meabhraítear do na hairí an tábhacht a bhaineann le bearta éifeachtacha comhordaithe ar an leibhéal idirnáisiúnta chun freagairt dhomhanda ar shlándáil an tsoláthair bia a chinntiú. Caithfear a bheith in ann na gráin stórtha a bhogadh amach as an Úcráin roimh an gcéad fhómhar eile ar mhaithe leis na hÚcránaigh agus chun na margaí idirnáisiúnta a cheansú araon. Leis an bhfaisnéis is déanaí ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit, agus i gcomhthéacs an fhogha atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, lean na hairí orthu lena malartú tuairimí maidir le staid na margaí talmhaíochta, ar an leibhéal domhanda agus ar an leibhéal Eorpach araon.

Phléigh na hairí freisin na dálaí aimsire a bhí ann le déanaí i roinnt Ballstát, lena n-áirítear an Chróit.

Sa chomhthéacs sin, d’iarr 16 thoscaireacht ar an gCoimisiún síneadh a chur le prionsabal na maoluithe sealadacha ó fhorálacha áirithe den Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) a cuireadh i bhfeidhm le haghaidh 2022, fad a mhairfidh feachtas 2023. Chuir an Coimisiún in iúl go dtiocfadh sé ar ais chuig an gComhairle maidir leis an ábhar sin go gasta. D’athdhearbhaigh na hairí freisin neamhthuilleamaíocht an Aontais Eorpaigh (an tAontas) maidir leis an gcuid is mó de thráchtearraí talmhaíochta a bhuí le CBT agus dhearbhaigh siad go bhféadfadh CBT cur le slándáil dhomhanda an tsoláthair bia, mar atá curtha i dtreis ag an gComhairle Eorpach.

Cuirtear fíricí agus sonraí i láthair sa ghrafaic faisnéise lena léirítear conas atá an ghéarchéim dhomhanda á déanamh níos measa ag an Rúis.
Conas a chuir ionradh na Rúise ar an Úcráin leis an ngéarchéim dhomhanda bhia (Grafaic faisnéise)

Conas a chuir ionradh na Rúise ar an Úcráin leis an ngéarchéim dhomhanda bhia (Grafaic faisnéise)

Cómhalartacht caighdeán le haghaidh táirgí talmhaíochta allmhairithe

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an bhfaisnéis a chuir an Coimisiún ar fáil i dtaca lena thuarascáil a glacadh le déanaí i ndáil le caighdeáin sláinte agus chomhshaoil an Aontais a chur i bhfeidhm ar tháirgí talmhaíochta agus agraibhia allmhairithe. D’eascair an plé as díospóireacht a bhí ann roimhe sin a d’eagraigh Uachtaránacht na Fraince i mí Feabhra 2022 maidir leis an gcomhleanúnachas idir an Comhaontú Glas don Eoraip, an Comhbheartas Talmhaíochta agus beartas trádála an Aontais a neartú.

Leis an tuarascáil, léiríodh an cumas a bhí ann chun bearta a chur chun feidhme, i gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Domhanda Trádála, i bhfóraim iltaobhacha, i gcomhaontuithe trádála déthaobhacha nó trí bhearta uathrialacha nuair a thugtar caighdeán táirgeachta isteach i rialacháin Eorpacha. Ba dhíol sásaimh do na hairí an tuarascáil agus chuir siad i bhfios go láidir go raibh an scrúdú ar an gcómhalartacht ábhartha i roinnt réimsí, amhail leas na n-ainmhithe, a luaigh a lán toscaireachtaí, go háirithe trí fhóraim iltaobhacha agus caibidlíocht dhéthaobhach a shlógadh. D’iarr siad freisin go ndéanfaí obair leantach rialta ar na bearta atá curtha chun feidhme nó atá beartaithe.

Gnó eile

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin obair a rinneadh le trí mhí anuas ar an togra le haghaidh rialachán maidir le tásca geografacha (TGanna). Fuair siad faisnéis freisin ón gCoimisiún maidir leis an staid mar atá i ndáil le fiabhras eipeasótach Afracach na muc san Eoraip agus an ngá atá ann go leanfaimis orainn dá dhíothú, agus i dtaca leis an bpróiseas clársceidealaithe don Chiste Eorpach do Ghnóthaí Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (EMAFA). Chuir na toscaireachtaí ar an eolas iad freisin maidir leis na dálaí aimsire a bhí ann le déanaí sna Ballstáit (an Chróit) agus i ndáil le cur chuige coiteann i dtaca leis na cuspóirí chun úsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí a laghdú (an Eastóin).

Iascach

Deiseanna iascaireachta le haghaidh 2023

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi staid chur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh (CBI). Cuireadh na hairí ar an eolas freisin faoi sheoladh an chomhairliúcháin phoiblí maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh 2023, a bheidh ar siúl go dtí an 31 Lúnasa 2022. Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le staid na stoc éisc agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé cóir chomhionann a chinntiú idir trí cholún CBI, mar aon leis an ngá atá ann aitheantas a thabhairt do na hiarrachtaí agus do na feabhsuithe atá déanta ag an earnáil. Ina theannta sin, phléigh siad cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, sainiúlachtaí gach imchuach farraige, tionchar iascach tríú tír agus tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, chomh maith leis an tionchar atá ag tosca eile amhail an aeráid agus truailliú ar an acmhainn iascaigh. Anuas air sin, phléigh na hairí an cur isteach suntasach ar earnáil na hiascaireachta mar gheall ar an bhfogha míleata atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, bíodh sin i dtéarmaí sreafaí trádála, comhairle eolaíoch a fhorbairt nó idirbheartaíocht áirithe a reáchtáil ar an leibhéal idirnáisiúnta. Luaigh siad freisin go mbainfí leas as an gCiste Eorpach do Ghnóthaí Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (FEAMPA) chun bearta géarchéime a mhaoiniú chun tacú leis an earnáil.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025