Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 13 Iúil 2026

Na príomhthorthaí

Straitéis bheostoic agus plean gníomhaíochta próitéine

Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir leis an straitéis bheostoic agus an plean gníomhaíochta próitéine, a ghlac an Coimisiún Eorpach an 7 Iúil 2026, mar chuid den obair leantach ar na tosaíochtaí a leagtar amach san Fhís le haghaidh na Talmhaíochta agus an Bhia. Is é is aidhm don dá thionscnamh aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha choiteanna, go háirithe iomaíochas agus inbhuanaitheacht na n-earnálacha beostoic agus próitéine, agus dearcadh agus réitigh fhadtéarmacha á gcur ar fáil ag an am céanna.

Ag seisiún an lae inniu, bhí na hairí in ann a dtuairimí tosaigh a roinnt maidir leis an dá thionscnamh sin agus an chaoi a gcuireann siad lena chéile, agus bhíothas in ann bealaí a phlé chun an obair a thabhairt ar aghaidh.

<p>Martin Heydon, Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann</p>

Is den ríthábhacht é earnáil beostoic iomaíoch athléimneach a bheith ann chun slándáil bia na hEorpa a chosaint, chun ár bpobail tuaithe a neartú agus chun ár n-uathriail straitéiseach a threisiú. Le chéile, tugann an Straitéis Bheostoic agus an Plean Gníomhaíochta Próitéine treoir shoiléir maidir le conas todhchaí níos athléimní a thógáil do thalmhaíocht na hEorpa agus ár spleáchas ar phróitéiní beatha allmhairithe a laghdú. Is é an tosaíocht atá ann anois gníomhaíocht a dhéanamh den uaillmhian sin trí bhearta praiticiúla a chur i gcrích lena dtabharfar luach saothair d’fheirmeoirí agus lena spreagfar nuálaíocht.

<p>Martin Heydon, Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann</p>

Martin Heydon, Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann

Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé uathriail straitéiseach agus slándáil bia an Aontais a neartú. An tráth céanna, leag siad béim freisin ar a thábhachtaí atá sé borradh a chur faoi iomaíochas, athléimneacht agus inbhuanaitheacht earnáil an bheostoic, agus feabhas leanúnach á chur ar shláinte agus leas ainmhithe ag an am céanna.

D’athdhearbhaigh an Chomhairle freisin a thábhachtaí atá soláthar éagsúlaithe próitéine, agus luaigh sí an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an Úcráin ina leith sin.

Ar deireadh, leag na hairí béim ar an ngá atá le tacaíocht airgeadais leordhóthanach chun an dá thionscnamh a chur chun feidhme.

Mná in earnáil na talmhaíochta

Chuir Uachtaránacht na hÉireann an t-ábhar sin ar chlár oibre na Comhairle chun féachaint ar bhealaí a bhféadfadh an earnáil agraibhia a bheith níos cuimsithí, níos athléimní agus níos inbhuanaithe trí aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar rannpháirtíocht na mban, trí thacú leis an gcéad ghlúin eile d’fheirmeoirí mná, agus trí dhálaí a chruthú inar féidir le tallann, nuálaíocht agus ceannaireacht bláthú gan beann ar inscne.

Mná atá aitheanta go foirmiúil mar shealbhóirí feirme faoin gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) agus atá incháilithe do thacaíocht CBT, is iad atá i gceist le thart ar aon trian (31%) de shealbhóirí feirme an Aontais, is é sin, 2.9 milliún as 9 milliún sealbhóir feirme san iomlán.

Ós amhlaidh gur ainmnigh na Náisiúin Aontaithe 2026 mar Bhliain Idirnáisiúnta na an Fheirmeora Mná, chuir an plé ar chumas na n-airí féachaint ar bhealaí chun rannpháirtíocht, infheictheacht agus aitheantas foirmiúil na mban san earnáil agraibhia a chur chun cinn. Ag an am céanna, d’fhéach an Chomhairle ar bhealaí chun rochtain chomhionann agus deiseanna comhionanna a chur chun cinn d’fheirmeoirí mná.

Chomhaontaigh na hairí gur gá rannpháirtíocht na mban san earnáil agraibhia a chur chun cinn agus a chinntiú ag an am céanna go ndéanfar ionadaíocht leormhaith orthu i róil cheannaireachta agus chinnteoireachta.

Sa chomhthéacs sin, leagadh béim ar rochtain ar sheirbhísí riachtanacha — saoráidí cúraim leanaí, bonneagar, leathanbhanda ardluais, mar shampla — mar ghné ríthábhachtach chun tarraingteacht agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach na gceantar tuaithe a fheabhsú. Ina theannta sin, leagadh béim freisin ar a thábhachtaí atá sé comhdheiseanna a chur chun cinn d’fheirmeoirí ban chun fiontair a cheannach, a fháil le hoidhreacht agus a bhunú.

Clár oibre Uachtaránacht na hÉireann

Chuir Uachtaránacht na hÉireann i láthair a clár oibre agus a príomhthosaíochtaí d’earnáil talmhaíochta agus iascaigh an Aontais don dara leath de 2026.

Le linn Uachtaránacht na hÉireann, agus an mana ‘Ní neart go cur le chéile’ mar threoir aici, oibreoidh Comhairle AGRIFISH chun tacú le teaghlaigh feirmeoireachta agus iascaireachta, a n-ioncaim a chosaint, a n-iomaíochas a neartú, pobail tuaithe agus chósta a chothú agus an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir trí cholún na hinbhuanaitheachta — an inbhuanaitheacht eacnamaíoch, an inbhuanaitheacht shóisialta agus an inbhuanaitheacht comhshaoil. Tabharfaidh Uachtaránacht na hÉireann aird ar leith ar shaincheisteanna na slándála bia, an iomaíochais, an tsimplithe, na hinbhuanaitheachta agus na hathnuachana ó ghlúin go glúin.

Saincheisteanna talmhaíochta a bhaineann leis an trádáil

Bhí ceann dá seisiúin rialta tuairimíochta ag an gComhairle maidir le saincheisteanna talmhaíochta a bhaineann le trádáil, agus dhírigh Uachtaránacht na hÉireann an plé ar bheartas an Aontais maidir le tásca geografacha faoi chosaint (TGFCanna) a chur chun cinn agus a chosaint i dtríú tíortha. Rinne na hairí a marana ar na forbairtí is déanaí, agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá TGFCanna d’iomaíochas onnmhairí talmhaíochta an Aontais, agus ar an mbreisluach a bhaineann leo.

Le linn an phlé, d'iarr na hairí go ndéanfaí táirgí a bhfuil TGFCanna acu a chosaint trí chomhaontuithe trádála atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo. D’iarr siad freisin go n-áireofaí clásail choimirce i gcomhaontuithe trádála, agus béim á leagan acu ag an am céanna ar a thábhachtaí atá sé uathriail straitéiseach, cothroime iomaíochta agus cómhalartacht a chinntiú.

Pointí eile

Cuireadh síos roinnt míreanna ‘gnó eile’ freisin.

Ar deireadh, mar mhír gan phlé, ghlac an Chomhairle an togra ón gCoimisiún darb aidhm cuidiú le feirmeoirí na hEorpa déileáil leis an méadú mór atá tagtha ar phraghsanna leasacháin mar thoradh ar an ngéarchéim sa Mheánoirthear le déanaí. Thíolaic an Coimisiún Eorpach an togra an 12 Meitheamh 2026 mar chuid de phacáiste níos leithne beart i bhfreagairt ar thionchar ghéarchéim an Mheánoirthir ar mhargaí ionchuir talmhaíochta. Leis an togra sin, leasaítear an rialachán maidir le pleananna straitéiseacha CBT agus an rialachán cothrománach chun uirlisí breise a chur ar fáil do na Ballstáit chun tacú le feirmeoirí a gcuireann praghsanna méadaithe leasacháin isteach orthu.

Is léiriú é glacadh pras an rialacháin seo ar thiomantas láidir an Aontais do bheith ag tacú le feirmeoirí atá thíos le costais arda leasacháin de dheasca na staide sa Mheánoirthear.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Iúil 2026