Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais (an margadh inmheánach agus an tionsclaíocht), 28 Samhain 2024

Na príomhthorthaí

Todhchaí iomaíochas na hEorpa

D’eisigh Uachtaránacht na hUngáire conclúidí ón Uachtaránacht maidir le todhchaí iomaíochas na hEorpa. Aithnítear sna conclúidí ón Uachtaránacht a phráinní atá sé feabhas a chur ar tháirgiúlacht agus ar fhás inbhuanaithe, agus samhail shóisialta agus eacnamaíoch an Aontais á coinneáil ag an am céanna.

Chun an sprioc sin a bhaint amach, iarrtar sna conclúidí ón Uachtaránacht go ndéanfaí an méid seo a leanas:

  • an margadh aonair a dhoimhniú
  • nuálaíocht a chur chun cinn
  • ualaí rialála a laghdú
  • feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide

Leagtar béim sna conclúidí ón Uachtaránacht ar a phráinní atá sé infheistíocht a shlógadh i bpríomhearnálacha straitéiseacha, a bhfuil teicneolaíochtaí glana agus bonneagar fuinnimh san áireamh orthu, agus feabhas a chur ar mhaoiniú na nuálaíochta.

Iarrann an Uachtaránacht ar an gCoimisiún straitéisí nua a fhorbairt don mhargadh aonair agus don tionsclaíocht, agus béim á leagan ar nuachóiriú agus ar shimpliú chun tacú le fás eacnamaíoch fadtéarmach agus le hiomaíochas ar fud an Aontais.

Rialáil níos fearr san Eoraip

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir le rialáil níos fearr san Eoraip. Cnámh droma na díospóireachta ab ea nóta a d’ullmhaigh Uachtaránacht na hUngáire.

Thug na hairí a dtuairimí uathu maidir le trí phointe:

  • tacaíocht do thionscnaimh maidir le rialáil níos fearr i dtuarascáil Draghi
  • an laghdú ar an ualach riaracháin a chur chun feidhme go héifeachtach
  • agus feabhas a chur ar na huirlisí rialála níos fearr atá ann cheana

Ba dhíol sásaimh d’fhormhór na mBallstát an t-ábhar mar ghné thábhachtach chun feabhas a chur ar an iomaíochas san Eoraip. Ba dhíol sásaimh do thromlach na dtoscaireachtaí na tograí ón gCoimisiún chun an t-ualach tuairiscithe a laghdú 25%, agus sprioc 35% ann do FBManna. Thacaigh roinnt toscaireachtaí le moladh thuarascáil Draghi dul níos faide ná an sprioc sin (suas le laghdú 50% ar an ualach tuairiscithe do FBManna), chomh maith leis an smaoineamh modh aonair a bheith ann chun an t-ualach riaracháin a ríomh, agus ualach carnach na reachtaíochta éagsúla san áireamh. Ba dhíol sásaimh do roinnt mhaith toscaireachtaí gur cruthaíodh coimisinéir um chur chun feidhme agus simpliú (an Coimisinéir Dombrovskis) agus go bhfuil sé de fhreagracht ar gach coimisinéir tástáil struis a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann cheana agus a chinntiú nach mbeidh ualach breise nach bhfuil gá leis á chruthú ag reachtaíocht nua, tuairisciú bliantúil a dhéanamh ar laghdú an ualaigh agus idirphlé maidir le cur chun feidhme a reáchtáil faoi dhó sa bhliain. Tharraing a lán toscaireachtaí anuas an tsaincheist maidir le measúnuithe tionchair níos fearr (i gcás leasuithe ón gComhairle agus ón bParlaimint freisin), agus béim ar leith ar chríocha éagsúla (ar nós na réigiún is forimeallaí) san áireamh léi, agus ar chineálacha gnólachtaí (ar nós FBManna). D’iarr roinnt airí go ndéanfaí na huirlisí um rialáil níos fearr atá ann cheana a chur i bhfeidhm ar bhealach treisithe, mar shampla an tástáil ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ nó an tástáil FBM. Ar deireadh, d’iarr idirghabhálacha éagsúla go n-úsáidfí teicneolaíochtaí atá ann cheana nó teicneolaíochtaí nua (digiteacha, intleachta saorga, blocshlabhra) chun ceanglais tuairiscithe a laghdú.

Aon ghnó eile

  • Chuir Uachtaránacht na hUngáire na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir leis na comhaid reachtacha a bhfuil sí ag obair orthu
  • Chuir toscaireachtaí na Danmhairge, na hEastóine, na Spáinne, na Fraince, na Laitvia, na Liotuáine, na Portaingéile, na Fionlainne agus na Sualainne na hairí ar an eolas faoi ‘An bithgheilleagar — na chéad chéimeanna eile san Aontas’
  • Chuir toscaireachtaí na Danmhairge, na Gearmáine, na hÉireann, na Spáinne, na Fraince, na Laitvia, na Slóvaice agus na Fionlainne na hairí ar an eolas faoi ‘Leas iomlán a bhaint as réabhlóid na biteicneolaíochta’
  • Chuir toscaireachtaí na Gearmáine, na Fraince agus na Sualainne na hairí ar an eolas faoi ‘Táirgeadh Ceallraí san Eoraip a fhorbairt agus an bealach chun cinn chun Tionscal Ceallraí iomaíoch san Eoraip a chinntiú’
  • Chuir toscaireachtaí na Bulgáire, na Seice, na hIodáile, na hOstaire, na Polainne, na Rómáine agus na Slóvaice na hairí ar an eolas faoi ‘Togra comhpháirteach le haghaidh beartas Eorpach athnuaite gluaisteán: cothromaíocht a aimsiú idir an t-iomaíochas agus an uaillmhian aeráide’
  • Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin ‘Rialachán maidir le comhéadan poiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh le haghaidh dearbhú maidir le hoibrithe a phostú’
  • Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi Thuarascáil 2024 ó Líonra Toscairí na FBManna chuig an gComhairle Iomaíochais
  • Chuir Uachtaránacht inteachta na Polainne a clár oibre i réimse an mhargaidh inmheánaigh agus na tionsclaíochta i láthair

Míreanna ‘A’

Ghlac na hairí liosta na míreanna ‘A’ freisin.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025