"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Iomaíochais (an margadh inmheánach agus an tionsclaíocht), 12 Márta 2025
Na príomhthorthaí
Tionscal na hEorpa – an compás iomaíochais agus an comhaontú maidir le tionsclaíocht ghlan
Bhí díospóireacht ag na hairí maidir le conas oibriú i dtreo tionscal Eorpach níos iomaíche. Tionóladh an plé i ndiaidh fhoilsiú an chompáis iomaíochais an 29 Eanáir agus i ndiaidh chur i láthair an chomhaontaithe maidir le tionsclaíocht ghlan an 26 Feabhra. Thacaigh na hairí le go leor de na bearta a mholtar sna doiciméid sin, mar shampla an dícharbónú, iomaíochas tionsclaíoch a mhéadú, an geilleagar ciorclach (chun ábhair chriticiúla a aisghabháil agus dramhaíl a laghdú), soláthairtí fuinnimh a éagsúlú, tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in eangacha cumhachta agus i mbonneagar stórála fuinnimh, príomh-mhargaí a chruthú le haghaidh táirgí glasa (soláthar poiblí san áireamh), poist ardcháilíochta a chruthú, scileanna a chosaint, ilroinnt an mhargaidh aonair a sheachaint agus comhaontuithe idirnáisiúnta a chur i gcrích chun rochtain ar amhábhair, slabhraí soláthair agus saorthrádáil a dhaingniú.
Seo uair na cinniúna do gheilleagar na hEorpa. Is iomaí rud atá ag cur isteach ar ár dtionscail faoi láthair: praghsanna arda fuinnimh, iomaíocht éagórach ó thríú tíortha, agus bearna nuálaíochta atá ag dul i méid idir an Eoraip agus ár n-iomaitheoirí domhanda. Glacaimid leis an bhfreagracht seo ón gCoimisiún. Tá sé in am beart a dhéanamh de réir ár mbriathar, agus na focail a chur i ngníomh trí fhíor-réitigh a chur i bhfeidhm. Tá go leor eile fós le déanamh againn, ach táimid ar an mbealach ceart chun leas iomlán a bhaint as geilleagar na hEorpa.
Krzysztof Paszyk, Aire Forbartha Eacnamaíche agus Teicneolaíochta na Polainne
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Straitéis chothrománach le haghaidh margadh aonair nuachóirithe: an gá atá le plean gníomhaíochta le haghaidh seirbhísí
Bhí díospóireacht pholaitiúil ag na hairí maidir leis an straitéis atá ar na bacáin le haghaidh an mhargaidh aonair, agus béim ar leith á leagan ar phlean gníomhaíochta le haghaidh seirbhísí. Tháinig an díospóireacht sna sála ar fhoilsiú na Tuarascála Bliantúla maidir leis an Margadh Aonair agus an Iomaíochas an 29 Eanáir. Chothaigh an plé ionchur praiticiúil don straitéis chothrománach nua maidir leis an margadh aonair, a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún a chur i gcrích i mí na Bealtaine. I measc saincheisteanna eile, thacaigh na hairí leis an smaoineamh treochlár seirbhísí, ina mbeadh cuspóirí SMART agus amlínte soiléire, a áireamh sa straitéis. Leag a lán toscaireachtaí béim ar a thábhachtaí atá cáilíochtaí gairmiúla, aitheantas frithpháirteach agus soghluaisteacht an lucht saothair. Leag roinnt airí béim ar a phráinní atá próisis cheadúcháin éifeachtúla, an earnáil tógála agus cur chun feidhme seasta rialacha an Aontais, go háirithe i gcás na treorach um sheirbhísí. D’iarr roinnt toscaireachtaí freisin go mbainfí leas iomlán as na huirlisí digiteacha uile atá ar fáil chun borradh a chur faoi chomhtháthú seirbhísí sa mhargadh aonair.
Bosca uirlisí cuimsitheach de chuid an Aontais don ríomhthráchtáil shábháilte inbhuanaithe
Le linn an lóin, phléigh na hairí an teachtaireacht dar teideal ‘Bosca uirlisí cuimsitheach de chuid an Aontais don ríomhthráchtáil shábháilte inbhuanaithe’ a thíolaic an Coimisiún an 5 Feabhra.
Phléigh na hairí na bearta simpliúcháin a mhol an Coimisiún an 26 Feabhra (pacáistí Omnibus mar a thugtar orthu), rinne siad an ‘modh Omnibus’ a mheas maidir lena chumas simpliú tapa a dhéanamh ar an láthair, agus phléigh siad conas a chinntiú go dtabharfar tosaíocht do bhearta simpliúcháin ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta freisin. Dhírigh na hairí ar réimsí eile de reachtaíocht na hEorpa a bhfuil bearta simpliúcháin de dhíth orthu freisin chun iomaíochas chuideachtaí an Aontais a neartú, go háirithe FBManna. Tá na pacáistí Omnibus um shimpliúchán a thíolaic an Coimisiún an 26 Feabhra (pacáiste amháin maidir le bearta inbhuanaitheachta, agus an dara pacáiste maidir le maoiniú) ar na chéad chinn i sraith beart a gheall an Coimisiún chun oibleagáidí tuairiscithe do chuideachtaí a laghdú 25% (agus 35% do FBManna).
Tionscal iomaíoch dícharbónaithe an Aontais i gcomhthéacs an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT)
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an mbeartas tionsclaíoch agus leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT, uirlis an Aontais lena gcuirtear praghas cothrom ar CO2 a astaítear le linn táirgeadh earraí ar mór a lorg carbóin a thugtar isteach san Aontas, agus lena spreagtar táirgeadh níos glaine i dtíortha nach tíortha den Aontas iad). Phléigh na hairí smaointe chun rialachán SCCT a neartú, mar shampla an t-ualach riaracháin a laghdú, an raon feidhme iomchuí, táirgí iartheachtacha a chumhdach, sceitheadh carbóin a chomhrac, cleachtais imchéimniúcháin a chosc agus astaíochtaí indíreacha a chomhrac.
Oiriúnach do 55: conas atá sé i gceist ag an Aontas aghaidh a thabhairt ar na hastaíochtaí lasmuigh den Aontas? (Grafaic faisnéise)
Gnó eile
Treoirphlean don straitéis chothrománach nua maidir leis an margadh aonair
Tar éis na díospóireachta ar straitéis an mhargaidh aonair, chuir an tSeicia, an Ghearmáin, an Eastóin, an Fhionlainn, an Chróit, Éire, an Liotuáin, an Laitvia, Málta, an Ísiltír, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSualainn, an tSlóivéin, an Spáinn agus an tSlóvaic pointe faisnéise in iúl. Mhol na toscaireachtaí sin bearta sonracha chun feabhas a chur ar an margadh aonair, in oirchill an straitéis nua maidir leis an margadh aonair atá ar na bacáin.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Todhchaí thionsclaíoch na hEorpa a athbheochan: iomaíochas agus athléimneacht a neartú
D’iarr an Phortaingéil, an Spáinn, an tSlóvaic agus an tSlóivéin colún tionsclaíoch sa Chiste Eorpach um Iomaíochas a fógraíodh chun ceannaireacht theicneolaíoch a chothú, slabhraí soláthair a dhaingniú agus a chinntiú go leanfaidh an Eoraip de bheith ina príomhghníomhaí tionsclaíoch domhanda.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Thíolaic an Coimisiún an ‘plean gníomhaíochta tionsclaíoch d’earnáil mótarfheithiclí na hEorpa’, a cuireadh ar fáil don phobal an 5 Márta.
An staid scáfar atá roimh thionscal ceimiceán an Aontais: earnáil straitéiseach a bhfuil gníomh tiomnaithe ceimiceán criticiúil de chuid an Aontais de dhíth uirthi
Tharraing an tSeicia, an Fhrainc, an Ungáir, an Iodáil, an Ísiltír, an Rómáin, an tSlóvaic agus an Spáinn aird ar an ngéarchéim atá roimh thionscal na gceimiceán faoi láthair (ina bhfuil laghdú 12% ar tháirgeadh agus an baol go gcaillfí 50 000 post in earnáil ghnó na bpeitriceimiceán amháin) agus mhol siad bearta chun tacú leis an earnáil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.