Skip to content
  • An Chomhairle Iomaíochais

An Chomhairle Iomaíochais (an margadh inmheánach agus an tionsclaíocht), 26 Meán Fómhair 2024

Na príomhthorthaí

A bhfuil i ndán d’iomaíochas na hEorpa

Bhí plé ag na hairí maidir lena bhfuil i ndán d’iomaíochas na hEorpa, bunaithe ar nóta a d’ullmhaigh an Uachtaránacht. Rinne na hairí measúnú foriomlán ar an tuarascáil ó Mario Draghi dar teideal ‘Todhchaí an iomaíochais Eorpaigh’, agus phléigh siad na gnéithe den tuarascáil sin ba cheart a léiriú sa Chomhaontú Nua Eorpach maidir le hIomaíochas.

Creat státchabhrach

Sa dara seisiún tuairimíochta a bhí ag na hairí, díríodh ar an gcreat státchabhrach agus ar an méid a chuireann sé le cuspóirí beartais an Aontais, bunaithe ar pháipéar cúlra a d’ullmhaigh Uachtaránacht na hUngáire.

Chuir na hairí a dtuairimí in iúl faoi na tograí maidir le státchabhair a cuireadh san áireamh sna tuarascálacha ó iar-phríomh-airí na hIodáile Enrico Letta agus Mario Draghi maidir leis an margadh inmheánach agus maidir leis an iomaíochas faoi seach. Rinne siad machnamh freisin arbh fhiú é a aistriú ó na rialacha creata sealadacha maidir le státchabhair go dtí na rialacha maidir le státchabhair a bhí ann roimh an ngéarchéim.

Ar deireadh, mhínigh na hairí conas, dar leo, a d’fhéadfaí leibhéal an chistithe phoiblí a chuireann le hiomaíochas an Aontais a mhéadú.

FBManna agus buntáistí an mhargaidh aonair

Le linn an lóin oibre, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le FBManna a bhaineann tairbhe as an margadh aonair.

Díríodh sa phlé ar na bearta is práinní is gá a dhéanamh san Aontas Eorpach chun rochtain ar an margadh inmheánach a fheabhsú do FBManna, lena n-áirítear comhar trasteorann, agus ar cheart an sainmhíniú ar FBManna agus ar chuideachtaí meánchaipitlithe beaga a oiriúnú do riachtanais thimpeallacht eacnamaíoch an 21ú haois.

Gnó eile

Faoi aon ghnó eile, cuireadh na hairí ar an eolas faoi thrí shaincheist:

  • ríomhthráchtáil (arna iarraidh sin do thoscaireacht na Gearmáine)
  • tosaíochtaí don mhargadh inmheánaigh (arna iarraidh sin do thoscaireachtaí Phoblacht na Seice agus Lucsamburg)
  • pointe faisnéise maidir leis an gcomhdháil in earnáil na ngluaisteán a d’eagraigh an uachtaránacht an lá roimhe sin.

D’fhormheas na hairí freisin míreanna A reachtacha agus neamhreachtacha, lena n-áirítear an Gníomh um Éigeandáil agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh (IMERA) agus bearta tionlacain (omnibus IMERA), chomh maith leis an Aerspás Eorpach Aonair 2+.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025