- An Chomhairle Iomaíochais
An Chomhairle Iomaíochais (an margadh inmheánach agus an tionsclaíocht), 24 Bealtaine 2024
Na príomhthorthaí
An margadh inmheánach agus an tionsclaíocht
Míreanna ‘A’
Ghlac na hairí dhá chomhad reachtacha:
- an treoir i ndáil le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach
- Dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach: Formheas deiridh tugtha ag an gComhairle (preaseisiúint, an 24 Bealtaine 2024)
- Inbhuanaitheacht chorparáideach (eolas cúlra)
- Féach ar an seisiún poiblí
- leasú ar an rialachán maidir le Cód Teorainneacha Schengen
- Limistéar Schengen: Nuashonrú ar Chód Teorainneacha Schengen glactha ag an gComhairle (preaseisiúint, an 24 Bealtaine 2024)
- Míniú ar limistéar Schengen (eolas cúlra)
- Féach ar an seisiún poiblí
Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna ar liosta na míreanna neamhreachtacha ‘A’.
Todhchaí bheartas tionsclaíochta an Aontais
D’fhormheas na hairí na conclúidí ón gComhairle maidir le ‘A competitive European industry driving our green, digital and resilient industrial future’ [‘Tionscal Eorpach iomaíoch chun ár dtodhchaí ghlas, dhigiteach agus athléimneach a chur chun cinn’]. Déantar anailís sna conclúidí ar staid earnáil thionsclaíoch an Aontais, féachtar ar bhealaí chun an nuálaíocht, an rochtain ar mhaoiniú agus an timpeallacht ghnó do chuideachtaí a fheabhsú, agus moltar na príomhphrionsabail is bonn le beartas tionsclaíoch de chuid an Aontais a bheidh ann sa todhchaí.
Cuireann spriocanna uaillmhianacha an Aontais maidir le ceannaireacht dhigiteach agus aeráidneodracht deiseanna tábhachtacha ar fáil chun ceannaireacht thionsclaíoch a fhorbairt agus poist ardcháilíochta a chruthú. Agus tús á chur leis an gcéad sainordú eile de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, is mithid anois machnamh a dhéanamh faoin todhchaí, na bunchlocha a leagan síos le haghaidh beartas tionsclaíoch Eorpach agus treoir a chur ar fáil maidir leis an mbealach chun cinn i dtreo comhaontú nua maidir le hiomaíochas na hEorpa.
Jo Brouns, an tAire Pléimeannach Geilleagair, Nuálaíochta, Fostaíochta, Geilleagair Shóisialta agus Talmhaíochta
- Conclúidí maidir le todhchaí an bheartais thionsclaíoch glactha ag an gComhairle (preaseisiúint, an 24 Bealtaine 2024)
- Conclúidí ón gComhairle maidir le <em>A competitive European industry driving our green, digital and resilient future </em>[Tionscal Eorpach iomaíoch chun ár dtodhchaí ghlas, dhigiteach agus athléimneach a chur chun cinn]
- Beartas tionsclaíoch an Aontais (eolas cúlra)
Todhchaí an mhargaidh inmheánaigh
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le todhchaí an mhargaidh inmheánaigh, bunaithe ar an spreagadh a fuarthas ón tuarascáil ardleibhéil a thíolaic Enrico Letta, Uachtarán Institiúid Jacques Delors agus iar-Phríomh-Aire na hIodáile, ag an gcruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach an 18 Aibreán. Iarrtar sna conclúidí go mbunófaí straitéis nua iomlánaíoch don mhargadh aonair ina ndíreofar ar an gcreat rialála, lena bhfeabhsófar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis, go háirithe i dtreo aistriú cothrom glas agus aistriú cothrom digiteach, seirbhísí níos comhtháite, poist cháilíochtúla agus slabhraí soláthair athléimneacha a bhaint amach.
Tá an margadh aonair ar cheann de na héachtaí is mó atá bainte amach ag an Aontas Eorpach. Chuir sé tairbhí ar fáil dár leas sóisialta agus threisigh sé ár seasamh eacnamaíoch domhanda. Ach níor cheart dúinn ár maidí a ligean le sruth: tá an margadh aonair fós ilroinnte, ní bhaineann gach duine an tairbhe chéanna as, agus tá a rialacha féin á bhforchur ag gníomhaithe móra. Sna conclúidí a glacadh, leagtar amach treochlár chun ár margadh aonair a neartú agus chun é a ullmhú do na dúshláin dhomhanda atá ag teacht chun cinn.
Pierre-Yves Dermagne, Leas-Phríomh-Aire na Beilge agus an tAire Geilleagair agus Fostaíochta
Conarthaí soláthair phoiblí an Aontais
D’fhormheas na hairí freisin na conclúidí ón gComhairle maidir le tuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: ‘Soláthar poiblí san Aontas Eorpach: Níos lú iomaíochta maidir le conarthaí a dámhadh le haghaidh oibreacha, earraí agus seirbhísí sna 10 mbliana roimh 2021.’ Sna conclúidí, dar teideal Improving fair and effective competition for EU public procurement contracts awarded for works, goods and services [Iomaíochas cothrom éifeachtach a fheabhsú le haghaidh conarthaí soláthair phoiblí an Aontais a dámhadh le haghaidh oibreacha, earraí agus seirbhísí], léirítear freagairt na n-airí iomaíochais ar an tuarascáil sin agus moltar go seolfaí plean gníomhaíochta straitéiseach uile-Aontais le haghaidh soláthar poiblí mar cheann de na tosaíochtaí don chéad sainordú eile de chuid an Choimisiúin.
Tá soláthar poiblí ar cheann de na nithe is mó a spreagann fás eacnamaíoch agus fostaíocht agus is féidir leis a bheith ina uirlis chumhachtach chun ár gcuspóirí straitéiseacha a bhaint amach. Mar sin féin, ní mór dúinn a bheith cinnte go bhfaighimid an luach is airde as gach euro a chaitear ar cheannacháin phoiblí, ag cinntiú go bhfuil na rialacha soiléir, go bhfuil faisnéis ar fáil go héasca, agus go bhfuil fíor-iomaíocht ann i measc na rannpháirtithe go léir.
Pierre-Yves Dermagne, Leas-Phríomh-Aire na Beilge agus an tAire Geilleagair agus Fostaíochta
Gnó eile
Chuir Uachtaránacht na Beilge na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir leis na comhaid reachtacha a bhfuil sí ag obair orthu. Ina measc, tá an rialachán maidir le sábháilteacht bréagán, an rialachán maidir le híocaíochtaí déanacha, an rialachán maidir le ceadúnú éigeantach agus an pacáiste beart chun ualach riaracháin a laghdú faoi 25%.
- Togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le sábháilteacht bréagán
- Togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála
- Togra ón gCoimisiún maidir le ceadúnú éigeantach le haghaidh bainistiú géarchéime
- Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hiomaíochas fadtéarmach
Cuireadh na hairí ar an eolas freisin faoi na saincheisteanna seo a leanas:
- an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an mbiteicneolaíocht
- dearbhú aireachta ó chruinniú aireachta D9+
- pacáiste beartais carbóin inbhuanaithe Eorpach do thionscal na gceimiceán
- an gá atá le machnamh a dhéanamh ar roghanna chun beartas tionsclaíoch a mhaoiniú ar leibhéal an Aontais: Reinforcing European industry to boost competitiveness [Tionsclaíocht an Aontais a threisiú chun borradh a chur faoin iomaíochas]
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- dearbhú maidir le hoibrithe a phostú
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- rialáil agus comhchuibhiú earraí piriteicniúla
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- Bearta custaim na Stát Aontaithe
- Lá Iomaíochta an Aontais
- chuir Uachtaránacht inteachta na hUngáire a clár oibre i réimse an mhargaidh inmheánaigh agus na tionsclaíochta i láthair
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
- Conclúidí glactha ag an gComhairle maidir leis an tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí i ndáil le soláthar poiblí
- 24/05/2024
- Conclúidí maidir le todhchaí an mhargaidh aonair glactha ag an gComhairle
- 24/05/2024
- Conclúidí maidir le todhchaí an bheartais thionsclaíoch glactha ag an gComhairle
- 24/05/2024
- Limistéar Schengen: Nuashonrú ar Chód Teorainneacha Schengen glactha ag an gComhairle
- 24/05/2024
- Dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach: Formheas deiridh tugtha ag an gComhairle
- 24/05/2024
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Ferran Tarradellas Espuny Press officer
- +32 473 95 45 74
- +32 2 281 6291
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #COMPET
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2025