- An Chomhairle Iomaíochais
An Chomhairle Iomaíochais (an taighde agus an spás), 29 Samhain 2024
Na príomhthorthaí
An Taighde
iomaíochas an Aontais a neartú, an Limistéar Eorpach Taighde a threisiú agus ilroinnt an limistéir sin a shárú
Chuir na hairí atá freagrach as an taighde tús leis an gcuid Taighde de Chomhairle COMPET trí chonclúidí ón gComhairle maidir le hiomaíochas an Aontais a neartú, an Limistéar Eorpach Taighde a threisiú agus ilroinnt an Limistéir sin a shárú a fhormheas.
D’athdhearbhaigh na hairí a dtiomantas iomaíochas, rathúnas agus aeráidneodracht an Aontais a fheabhsú faoi 2050 trí bheartais fheabhsaithe taighde agus nuálaíochta. Leagtar béim sna conclúidí ar an ngá atá le barr feabhais eolaíoch agus, nuálaíocht shuaiteach a chothú, agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin, mar shampla, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach agus an tslándáil eacnamaíoch. Iarrtar sna conclúidí an bhearna idir na Ballstáit a laghdú agus infheistíochtaí i ndáil le T&F a mhéadú chun an sprioc 3 % de chaiteachas OTI a bhaint amach faoi 2030 agus comhar náisiúnta agus comhar an Aontais a chur chun cinn. Leagtar béim freisin ar a thábhachtaí atá eolas, tallann agus ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise chun an t-iomaíochas agus seasamh domhanda an Aontais a neartú. Beidh an Limistéar Eorpach Taighde (LET) ríthábhachtach chun ilroinnt éiceachórais T&F a laghdú agus chun feabhas a chur ar an gcomhar idir na Ballstáit. Tacaítear le struchtúir rialachais LET níos fearr i réimsí faoi leith, mar shampla, an eolaíocht oscailte, éiceachórais nuálaíochta, agus bonneagair thaighde, agus cúrsaíocht tallainne agus soghluaisteacht taighdeoirí á gcur chun cinn ag an am céanna. Ar deireadh, moltar timpeallacht atá fabhrach d’infheisteoirí a chruthú do ghnólachtaí nuathionscanta, rud a spreagfaidh infheistíochtaí príobháideacha agus cistiú solúbtha d’fhás teicneolaíoch na hEorpa.
- Conclúidí ón gComhairle maidir le hiomaíochas an Aontais a neartú, an Limistéar Eorpach Taighde a threisiú agus ilroinnt an limistéir sin a shárú
- Clár Oibre Beartais LET 2022-2024
- An Limistéar Eorpach Taighde (eolas cúlra)
Leas a bhaint as acmhainneacht bithgheilleagair Lár agus Oirthear na hEorpa
D’fhormheas na hairí conclúidí ón gComhairle maidir le tionscnamh taighde agus nuálaíochta uile-Eorpach a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le bainistíocht inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha, slándáil na gcóras bia agus imscaradh an bhithgheilleagair a chur chun cinn, chun leas a bhaint as acmhainneacht Lár agus Oirthear na hEorpa.
Sna conclúidí ón gComhairle, cuirtear i dtábhacht go bhfuil táirgeadh bithmhaise inbhuanaithe ríthábhachtach chun spriocanna 2030 agus 2050 an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus chun borradh a chur faoi iomaíochas na hEorpa trí bhithgheilleagar ciorclach. Sa téacs, iarrtar go mbeadh comhar trasnáisiúnta níos fearr ann, go háirithe le tíortha comharsanachta (na Balcáin Thiar agus na tíortha is iarrthóirí), chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le bainistiú acmhainní agus leis an tslándáil bia, agus aithnítear ann an ról atá ag BIOEAST – tionscnamh lena dtugtar tíortha Lár agus Oirthear na hEorpa le chéile chun an bithgheilleagar ciorclach a chothú – maidir le taighde ábhartha a chomhordú. Ar deireadh, iarrtar sna conclúidí ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le tionscnamh féideartha nua T&F i réimse an bhithgheilleagair agus ar a indéanta atá sé.
- Conclúidí ón gComhairle maidir le hiomaíochas an Aontais a neartú, an Limistéar Eorpach Taighde a threisiú agus ilroinnt an limistéir sin a shárú
- Suíomh gréasáin BIOEAST
Ardábhair
D’fhormheas na hairí conclúidí ón gComhairle maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hardábhair.
Is díol sásaimh don Chomhairle an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an éileamh méadaitheach ar ardábhair san Eoraip agus iarrann sí go gcuirfí dlús leis an taighde agus leis an nuálaíocht (T&F) chun éiceachóras na n-ardábhar a fhorbairt a thuilleadh. Ní mór don ábhar seo a bheith sábháilte, inbhuanaithe agus tíosach ar acmhainní chun tacú leis an gComhaontú Glas agus leis an ngeilleagar ciorclach. Iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar an tslándáil taighde, cuspóirí coiteanna a shainaithint agus réimsí tosaíochtaí T&F a thabhairt cothrom le dáta, de réir mar is iomchuí. Cuirtear san áireamh ann an moladh maidir le bonneagar digiteach a chruthú le haghaidh ardábhar, ag tógáil ar bhonneagair atá ann cheana amhail EuroHPC agus an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte. Iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a sheachaint agus an Chomhairle Teicneolaíochta um Ardábhair á bunú aige. Leagtar béim ar an ngá atá le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach, trí úsáid a bhaint as tionscnaimh cosúil leis an gcomhpháirtíocht 'Ábhair Nuálacha don Aontas' nó tionscadail ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne chun cistiú príobháideach a mhealladh. Iarrann an Chomhairle freisin go ndéanfaí sineirgí níos láidre idir cistí an Aontais, go dtabharfaí tacaíocht do lucht na nuálaíochta agus do FBManna agus go bhforbrófaí scileanna lucht saothair, agus tugann sí dá haire gur seoladh Acadamh Ardábhar. Ar deiridh, tarraingítear aird ar ghnéithe eiticiúla agus impleachtaí sochaíocha na n-ardábhar, mar shampla, a dtionchar ar an tsláinte agus ar an gcomhshaol.
- Conclúidí ón gComhairle maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hardábhair
- Teachtaireacht maidir le hardábhair le haghaidh ceannaireacht thionsclaíoch
Rannchuidiú na taighde agus na nuálaíochta le hiomaíochas an Aontais
Phléigh na hairí rannchuidiú na taighde agus na nuálaíochta le hiomaíochas an Aontais. Nóta a d’ullmhaigh Uachtaránacht na hUngáire a bhí mar bhonn leis an díospóireacht.
Meabhraítear sa nóta go leagtar béim i dtuarascáil Mario Draghi ‘Todhchaí iomaíochas na hEorpa’ ar an ról ríthábhachtach atá ag an taighde agus ag an nuálaíocht maidir le táirgiúlacht agus iomaíochas na hEorpa a chur chun cinn, agus leagtar béim inti ar an ngá atá leis an mbearna nuálaíochta le geilleagair dhomhanda eile a dhúnadh. Moltar roinnt beart i dtuarascáil Draghi chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh na nuálaíochta Eorpaí agus chun an t-éiceachóras a chur ag gluaiseacht.
Orthu sin, moltar:
- feabhas a chur ar mhaoiniú na nuálaíochta, na ngnólachtaí nuathionscanta agus na ngnólachtaí atá i mbun fáis
- creatchlár T&N níos simplí agus níos éifeachtaí a ullmhú
- barr feabhais acadúil a chur chun cinn; infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar taighde ceannródaíoch ar fud an domhain
- comhordú níos fearr a dhéanamh ar bheartais chun go mbainfear amach an sprioc 3 % de OTI a dhíriú ar T&F; an creat rialála a shimpliú
Chuir na hairí a dtuairimí in iúl maidir le trí shaincheist:
- príomhphointí thuarascáil Draghi, agus cén chaoi lena gcur i bhfeidhm
- barr feabhais a chur chun cinn agus cuimsitheacht, inrochtaineacht agus comhroinnt na dtairbhí agus an rathúnais a bhaineann le T&N á gcaomhnú ag an am céanna
- bealaí chun caipiteal príobháideach T & F a ghiaráil
D'fháiltigh na hairí uile roimh an anailís a rinneadh ar thuarascáil Draghi agus chomhaontaigh siad go bhfuil taighde agus nuálaíocht ríthábhachtach chun iomaíochas an Aontais a fheabhsú agus chun an bhearna nuálaíochta idir é féin agus mórghníomhaithe eacnamaíocha domhanda eile a laghdú. Is iomaí aire a mhínigh na bearta a glacadh chun an sprioc 3 % de OTI a bheith dírithe ar thaighde a bhaint amach. Mar sin féin, ceapann an-chuid toscaireachtaí go mbeidh an infheistíocht phríobháideach ríthábhachtach má táthar leis an sprioc sin a bhaint amach. D’iarr na hairí go mbeadh creat níos fearr ann chun infheistíocht phríobháideach a mhealladh lena ngabhann ualach riaracháin níos lú, níos mó dreasachtaí agus fíor-aontas na margaí caipitil. D’iarr an uachtaránacht go mbainfí cothromaíocht amach idir barr feabhais agus cuimsitheacht sa bheartas taighde. Ar deireadh, d’aontaigh a lán toscaireachtaí gur gá gníomhú anois.
Aon ghnó eile
Neamhspleáchas na Comhairle Eorpaí um Thaighde (ERC)
Thug toscaireacht na Danmhairge, agus tacaíocht á fáil aici ó 22 toscaireacht eile, faisnéis maidir le ‘Neamhspleáchas na Comhairle Eorpaí um Thaighde (ERC) a threisiú’.
Clár na huachtaránachta inteachta
Chuir toscaireacht na Polainne an Chomhairle ar an eolas faoina clár oibre uachtaránachta i réimse an taighde agus na nuálaíochta.
An Spás
Inniúlachtaí Eorpacha in earnáil an spáis a atreisiú
Ghlac na hairí conclúidí ón gComhairle maidir le 'inniúlachtaí Eorpacha in earnáil an spáis a threisiú'.
Faoi chathaoirleacht an Aire Stáit Richárd Szabados, d’aontaigh Airí na Foirmíochta maidir leis an Spás go bhfuil ról ríthábhachtach ag earnáil an spáis maidir le tacú le spriocanna eacnamaíocha, sóisialta, comhshaoil, teicneolaíochta agus slándála an Aontais. Mar sin féin, tá géarghá le cumais an Aontais sa réimse sin a neartú chun a iomaíochas, a cheannaireacht agus a neamhspleáchas a choinneáil.
Leagtar béim sna conclúidí ar a thábhachtaí atá cur chuige cuimsitheach, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
- scileanna a fhorbairt,
- creataí rialála,
- comhar idirnáisiúnta chun a chinntiú go bhfanfaidh an Eoraip ar thús cadhnaíochta i dteicneolaíocht an spáis.
Leagtar béim sna conclúidí ar an ngá atá le céimeanna réamhghníomhacha a thabhairt, mar shampla infheistíocht a dhéanamh in oideachas ETIM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic), agus sineirgí a chruthú idir gnólachtaí, ollscoileanna agus institiúidí poiblí. Táthar ag súil go gcothóidh na gníomhaíochtaí sin nuálaíocht, inbhuanaitheacht agus athléimneacht laistigh d’earnáil spáis na hEorpa. Iarrtar sna conclúidí freisin go laghdófaí an spleáchas ar theicneolaíochtaí nach teicneolaíochtaí Eorpacha iad chun leasanna an Aontais a chosaint agus chun a chumas gníomhú go neamhspleách ar an leibhéal domhanda a neartú agus cultúr feabhsaithe leanúnaigh agus barr feabhais a chothú in earnáil an spáis.
Measúnú meántéarma ar an gClár Spáis
D’fhormheas na hairí conclúidí ón gComhairle dar teideal 'an meastóireacht eatramhach ar chlár spáis an Aontais Eorpaigh’.
Sna conclúidí ón gComhairle dar teideal 'an meastóireacht eatramhach ar chlár spáis an Aontais Eorpaigh’, déantar anailís ar thorthaí tuarascála ar chur chun feidhme chlár spáis an Aontais agus ar fheidhmíocht Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA), a d’fhoilsigh an Coimisiún i mí Iúil 2024. Bunaíodh an Clár Spáis don tréimhse 2021-2027 chun gníomhaíochtaí spáis a chur chun feidhme sna réimsí seo a leanas: faire na cruinne, an loingseoireacht satailíte, feasacht staide an spáis (SSA), cumarsáid satailíte rialtais (GOVSATCOM), nascacht, taighde agus nuálaíocht spáis agus chun tacú le cumas uathrialach, slán agus costéifeachtúil chun rochtain a fháil ar an spás, agus leasanna slándála bunriachtanacha an Aontais á gcur san áireamh; chomh maith le forbairt geilleagair spáis láidir de chuid an Aontais a chothú, lena n-áirítear trí thacú leis an éiceachóras spáis agus trí iomaíochas, nuálaíocht, fiontraíocht, scileanna agus fothú acmhainneachta a threisiú sna Ballstáit uile agus i réigiúin uile an Aontais, agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis (EUSPA) a bhunú. Sna conclúidí ón gComhairle, breithnítear an dul chun cinn a rinneadh maidir le Clár Spáis an Aontais a chur chun feidhme, déantar anailís ar obair EUSPA agus sainaithnítear na tosaíochtaí don obair atá le déanamh amach anseo. Moltar sna conclúidí go ndéanfaí gníomhaíocht chun na bagairtí méadaitheacha ar shábháilteacht agus ar athléimneacht an chláir a chomhrac agus iarrtar go laghdófaí an spleáchas agus go neartófaí an neamhspleáchas.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- Tuarascáil ar chur chun feidhme chlár spáis an Aontais agus ar fheidhmíocht Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gclár spáis
- Suíomh gréasáin EUSPA
Todhchaí bheartas spáis an Aontais
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le ‘todhchaí bheartas spáis an Aontais — sineirgí cosanta le clár spáis sibhialtach’.
Díríodh sa díospóireacht bheartais ar ghnéithe straitéiseacha agus slándála an bheartais spáis, tar éis Straitéis Spáis an Aontais um Shlándáil agus Cosaint, a glacadh i mí an Mhárta 2023. Úsáideadh doiciméad a d’ullmhaigh uachtaránacht na hUngáire mar threoir don phlé, doiciméad ina sainaithnítear an spás mar réimse straitéiseach agus iomaíoch.
Chuir na hairí a dtuairimí in iúl maidir le trí ábhar:
- na hathruithe a d’fhéadfadh teacht ar an gClár Spáis chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin slándála atá ag dul i méid san Eoraip
- athléimneacht agus slándáil bhonneagair spáis an Aontais a neartú i gcomhthéacs na gcreataí formhaoirseachta sibhialta atá ann faoi láthair
- breithnithe maidir leis na teicneolaíochtaí dé-úsáide ar cheart tosaíocht a thabhairt dóibh agus céimeanna chun ailíniú le spriocanna inbhuanaitheachta a chinntiú
Leag a lán toscaireachtaí béim ar an ngá atá leis an dearcadh beartais Eorpaigh maidir leis an spás a thabhairt cothrom le dáta chun coinneáil suas leis an tírdhreach geopholaitiúil idirnáisiúnta atá ag athrú go tapa. Chuir roinnt toscaireachtaí in iúl go mbeidh breithnithe dé-úsáide - is é sin úsáid sócmhainní spáis chun críoch sibhialta agus míleata araon nó chun críoch slándála - níos tábhachtaí sa bheartas spáis a bheidh ann amach anseo. Mar sin féin, i gcomhréir le Straitéis Spáis an Aontais um Shlándáil agus Cosaint, chomhaontaigh formhór na n-airí gur cheart do chlár spáis an Aontais níos mó seirbhísí a chur ar fáil d’úsáideoirí cosanta, agus rialú sibhialtach á choinneáil ag an am céanna. Sa chomhthéacs sin, chun athléimneacht agus slándáil chórais spáis an Aontais a chinntiú, ceannasacht theicneolaíoch sa spás a chaomhnú, agus neamhspleáchas straitéiseach foriomlán a neartú, ba cheart riachtanais dé-úsáide a chur san áireamh i nDlí Spáis an Aontais atá ar na bacáin, sa chéad Chlár Spáis eile, agus i dtionscnaimh shuaitheanta spáis an Aontais.
Aon ghnó eile
Clár na huachtaránachta inteachta
Chuir toscaireacht na Polainne an Chomhairle ar an eolas faoi chlár oibre na huachtaránachta inteachta i réimse an spáis.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- Liosta na míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- Cúlra faisnéise
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Doiciméid toraidh
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Ferran Tarradellas Espuny Press officer
- +32 473 95 45 74
- +32 2 281 6291
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #COMPET
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iomaíochais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Feabhra 2025