"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.

Féach ár leathanach beartais maidir le fianáin chun tuilleadh eolais a fháil agus chun do shocruithe a athrú.

български español čeština dansk Deutsch eesti Ελληνικά English français Gaeilge hrvatski italiano latviešu lietuvių magyar Malti Nederlands polski português română slovenčina slovenščina suomi svenska
Skip to content

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 8 Iúil 2014

Phléigh Ecofin an clár oibre don dara leath de 2014

Ag an gcruinniú a bhí ag na hairí an 8 Iúil, phléigh siad clár oibre Chomhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais agus na tosaíochtaí don dara seimeastar de 2014, a chur Uachtaránacht na hIodáile i láthair.

Is tosaíochtaí lárnacha iad athchóirithe struchtúracha agus infheistíocht san fhás agus i bpoist faoi Uachtaránacht Iodálach Chomhairle an Aontais Eorpaigh, a mhairfidh ón 1 Iúil go dtí deireadh mhí na Nollag.

Chuir Pier Carlo Padaon, Aire Geilleagair agus Airgeadais na hIodáile, agus Cathaoirleach Ecofin, an togra ón Uachtaránacht i láthair le dlús a chur leis an bhfás san Aontas Eorpach, ar togra é atá bunaithe ar 3 phríomhcholún: níos mó comhtháthaithe a dhéanamh ar an margadh aonair, dlús a chur leis na hathchóirithe struchtúracha agus infheistíocht a chur chun cinn.

"Ní mór dúinn leanúint leis an gcomhdhlúthú buiséadach, ní mór dúinn an fás a chothú - is dhá thaobh den bhonn céanna iad", a dúirt an tAire Padoan.

D'eisigh an Chomhairle ráiteas tar éis an phlé, inar dearbhaíodh gur thacaigh sí leis na cuspóirí chun cur leis an bhfás agus le poist. I gcomhréir leis an ráiteas, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar athchóirithe struchtúracha "lena n-áirítear trí bhearta buiséadacha agus athchóirithe struchtúracha a mheasúnú, agus an leas is fearr is féidir á bhaint as an tsolúbthacht atá mar chuid de na rialacha maidir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis".

Áirítear ar na príomhthosaíochtaí eile atá ar chlár oibre Ecofin an t-aontas baincéireachta a thabhairt chun críche, rialáil na margaí airgeadais a neartú agus an obair reachtach i réimse an chánachais a chur ar aghaidh.

Leanfaidh na hairí de dheiseanna infheistíochta agus athchóirithe struchtúracha a phlé ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bheidh ag Ecofin i mí Mheán Fómhair.

Ábhair phríomha eile a bheidh ar an gclár oibre

An t-athbhreithniú meántéarma ar straitéis Eoraip 2020

I gcomhthéacs an athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar straitéis Eoraip 2020 le haghaidh fáis agus post, phléigh an Chomhairle na bealaí ina bhféadfaí feabhas a chur ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí beartais agus mar a fhéadfar feabhas a chur ar chur chun feidhme na straitéise tríd an Seimeastar Eorpach.

Déanfaidh an Chomhairle tuilleadh plé ar athbhreithniú faoin straitéis i bhfoirmíochtaí éagsúla de chuid na Comhairle le linn an dara leath de 2014. Cuirfidh sí treoir ar fáil ansin do thograí an Choimisiúin lena ndírítear ar fheabhas a chur ar chur chun feidhme na straitéise.

Seimeastar Eorpach 2014 tugtha chun críche

Ghlac an Chomhairle moltaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith a bhain leis na Ballstáit agus leis an limistéar euro ina iomláine maidir leis na beartais eacnamaíocha agus buiséadacha, nuair a d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach iad níos túisce i mí an Mheithimh.

An leasú ar an Treoir Máthairchuideachta: glacadh

Ghlac an Chomhairle go foirmiúil le leasú ar rialacha cánach an Aontais lena gcuirfear cosc ar neamhchánachas dúbailte na ndíbhinní a dháiltear i measc na ngrúpaí corparáideacha a thagann ó shocruithe iasachtaí hibride.

Rialacha maidir le réiteach bainc

Phléigh na hairí an t-ullmhúchán atá á dhéanamh don reachtaíocht chur chun feidhme (2 ghníomh dhlíthiúla) maidir le ranníocaíochtaí atá le híoc ag na bainc do na cistí réitigh a bunaíodh faoi na rialacha a comhaontaíodh le déanaí maidir le réiteach banc.

Meastar go mbeidh an Coimisiún réidh ag ullmhú an 2 ghníomh dhlíthiúla i mí Mheán Fómhair 2014.

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025