Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 14/10/2014, 14 Deireadh Fómhair 2014

Imghabháil cánach a chomhrac: Tagann an Chomhairle ar chomhaontú maidir le malartú uathoibríoch faisnéise

An 14 Deireadh Fómhair 2014, tháinig an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais ar chomhaontú maidir le treoir arb é is aidhm di an comhrac i gcoinne na calaoise agus imghabhála cánach a neartú.

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le treoir lena leasaítear rialacha AE atá ann cheana maidir le malartú faisnéise idir riaracháin chánach na mBallstát. Baineann an fhaisnéis sin le catagóirí áirithe ioncaim atá ag cáiníocóirí i mBallstát seachas a stát cónaithe.

Leis an treoir nua a comhaontaíodh, cuirfear ar chumas thíortha an Aontais Eorpaigh an comhrac i gcoinne calaoise cánach agus imghabhála cánach a neartú agus éifeachtúlacht agus éifeachtacht bhailiú na cánach a mhéadú.

"Ghlacamar céim mhór inniu chun trédhearcacht níos fearr a bhaint amach ina léireofar go bhfuil deireadh le rúndacht bhaincéireachta i gcúrsaí cánach san Aontas Eorpach", arsa Pier Carlo Padaon, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais na hIodáile, a bhí mar chathaoirleach ar an gcruinniú. 

Na chéad chéimeanna eile

Glacfar téacs na treorach nua gan tuilleadh plé a dhéanamh air ag cruinniú de chuid na Comhairle amach anseo, nuair a bheidh an téacs críochnaitheach réidh i dteangacha oifigiúla go léir an Aontais Eorpaigh.  

Príomhghnéithe na rialacha comhaontaithe

De réir na rialacha nua a comhaontaíodh, beidh oibleagáid ar údaráis chánach an Aontais Eorpaigh faisnéis maidir le hioncam ábhartha (ús, díbhinn, agus ioncam den chineál chéanna) a mhalartú go huathoibríoch agus iarmhéideanna cuntais agus fáltais ó shócmhainní airgeadais a dhíol freisin.  

Leis na rialacha a bhí i bhfeidhm ó 2013 (Treoir 2011/16 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais) cumhdaíodh an malartú uathoibríoch faisnéise éigeantach maidir le fostaíocht, táillí stiúrthóra, táirgí árachais saoil, pinsin agus maoin dhochorraithe ar choinníoll go raibh faisnéis den sórt sin ar fáil.

Déanfar an fhaisnéis maidir leis na catagóirí nua ioncaim airgeadais a mhalartú gan an coinníoll i ndáil le hinrochtaineacht faisnéise.

Soláthraítear sa treoir freisin creat le haghaidh cúnamh frithpháirteach idir na ballstáit, ionas go mbeidh siad in ann na cánacha atá dlite a mheasúnú ar bhealach níos fearr.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Tacaíocht don infheistíocht

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le bearta chun tacú leis an infheistíocht.

Taighde agus nuáil mar fhoinsí le haghaidh an fháis

Phléigh na hairí teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le taighde agus nuáil mar fhoinsí le haghaidh an fháis.

An t-aontas baincéireachta: ranníocaíochtaí na mbanc le cistí réitigh banc

Chuir an Coimisiún na hullmhúcháin don reachtaíocht chur chun feidhme in iúl don Chomhairle lena gcinnfear na ranníocaíochtaí a bheidh á n-íoc ag na bainc do na cistí réitigh a bunaíodh faoin treoir maidir le téarnamh agus réiteach na mbanc agus an rialachán maidir leis an gciste aonair réitigh. Déanfar ranníocaíochtaí a ríomh ar bhonn dhliteanais na mbanc, gan chistí dílse agus taiscí cumhdaithe a bheith san áireamh, agus coigeartaithe do riosca.

Cánachas fuinnimh

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir le togra le haghaidh athstruchtúrú a dhéanamh ar an gcáin a ghearrtar ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas. Is é is aidhm don togra cánachas fuinnimh a athstruchtúrú lena thabhairt i gcomhréir le spriocanna beartais an Aontais Eorpaigh i réimse an athraithe aeráide. Ós rud é go bhfuil roinnt saincheisteanna atá fós gan réiteach, leanfaidh an Chomhairle den obair ar an togra chun teacht ar chomhaontú.

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025