- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 20 Meitheamh 2014
Tá an Chomhairle tar éis fáil réidh le lúb ar lár an neamhchánachais dhúbailte
Ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 20 Meitheamh, chomhaontaigh na hAirí leasú a dhéanamh ar rialacha an Aontais maidir le cáin le fáil réidh le lúb ar lár sa chóras cánach trínar ligeadh do na corparáidí trasteorann leas a bhaint as neamhchánachas dúbailte.
Leis an leasú a comhaontaíodh a dhéanamh ar Threoir na Máthairchuideachtaí agus na bhFochuideachtaí (2011/96/AE) cuirfear deireadh leis an gcaoi ina raibh grúpaí corparaideacha trasteorann in ann teacht i dtír ar na difríochtaí idir na rialacha náisiúnta cánach agus leas a bhaint as neamhchánachas dúbailte trí bhíthin socruithe iasachtaí hibride.
De réir an téacs a comhaontaíodh ní staonfadh Ballstát na máthairchuideachta ó cháin a ghearradh ar bhrabúis na fochuideachta ach amháin sa mhéid nach brabúis asbhainteacha iad sin don fhochuideachta.
Tá an leasú mar chuid den iarracht leathan atá ar bun ag an Aontas Eorpach agus dá thiomantas idirnaisiúnta imghabháil cánach agus pleanáil ionsaitheach chánach a chomhrac.
Na chéad chéimeanna eile
Bheadh ar na Ballstáit an fhoráil leasaitheach a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 2015.
Treoir na Máthairchuideachtaí agus na bhFochuideachtaí - tuige an leasú?
Leis an leasú táthar ag dul i ngleic le socruithe iasachta hibride a úsáideann grúpaí corparáideacha trasteorann.
Is éard atá sna socruithe iasachta hibride ionstraimí airgeadais a bhfuil gnéithe cothromais agus fiachais araon acu.
Ar an gcúis sin, braitear i roinnt Ballstát gur iasachtaí simplí iad, agus i mBallstáit eile aicmítear iad mar chothromas, agus dá bhrí sin caitear leo mar iasachtaí asbhainteacha nó mar iasachtaí atá díolmhaithe ó cháin ag brath ar dhlí cánach na tíre.
Leis an méid sin ligeadh do na cuideachtaí trasteorann a gcuid brabúis a dháileadh de réir mar a d'fheil dóibh chun cánachas a sheachaint ar bhrabúis a fuarthas ó shocruithe iasachtaí hibride i gceann ar bith de na Ballstáit.
Ní hé nach raibh a leithéid de phleanáil chánach á déanamh roimhe seo, ós rud é gur ceanglaíodh ar na Ballstáit, le foralácha an chéad Treoir Máthairchuideachtaí-Fochuideachtaí, na brabúis a fuair máthairchuideachtaí óna gcuid fochuideachtaí i mBallstáit eile a dhíolmhú ó chánachas.
Na príomhábhair eile a bhí ar an gclár oibre
Limistéar an euro a mhéadú - an Liotuáin
Tar éis don Choimisiún agus don Bhanc Ceannais Eorpach na tuarascálacha a eisiúint i ndáil le cóineasú, chuir tíortha limistéar an euro (ag teacht le chéile dóibh laistigh den Chomhairle) moladh faoi bhráid Chomhairle an Aontais Eorpaigh go nglacfaí leis an Liotuáin mar bhall den limistéar euro.
Sula nglacfar an cinneadh deiridh, cuirfear an togra chuig an gComhairle Eorpach lena phlé agus chuig Parlaimint na hEorpa le go dtabharfaidh sí a tuairim uaithi ina leith. Má ghlactar leis an moladh, bheadh an euro mar airgeadra ag an Liotuáin ón 1 Eanair 2015.
Dréacht-bhuiséad an Aontais Eorpaigh don bhliain 2015
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir leis an dréacht-togra a thíolaic an Coimisiún i dtaca le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain 2015. Foráiltear leis an dréacht ón gCoimisiún d' íocaíochtaí iomlána de €142.1 billiún (+4.9% le hais bhuiséad na bliana 2014) agus gealltanais arb ionann agus €145.6 billiún (+2.1%) iad.
Táthar ag ceapadh go gcomhaontóidh an Chomhairle a seasamh maidir leis an dréacht-bhuiséad faoi dheireadh mhí Iúil.
An Seimeastar Eorpach: moltaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith i ndáil le beartais eacnamaíocha agus fioscacha
D'fhormheas an Chomhairle dréacht-mholtaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith i ndáil lena mbeartais eacnamaíocha agus fioscacha mar atá leagtha amach ina gcuid clár náisiúnta. Eisítear moladh sonrach do limistéar an euro ina iomláine.
Táthar ag ceapadh go bhformheasfaidh an Chomhairle Eorpach na moltaí sin an 27 Meitheamh. Glacfaidh Comhairle an Aontais Eorpaigh leagan deiridh na dtéacsanna i mí Iúil.
An nós imeachta um easnamh iomarcach tugtha chun críche
Ghlac an Chomhairle cinntí lenar cuireadh críoch leis an nós imeachta um easnamh iomarcach don Bheilg, do Phoblacht na Seice, don Danmhairg, don Ísiltír, don Ostair agus don tSlóvaic. Leis na cinntí sin, deimhnítear go bhfuil a gcuid easnamh laghdaithe ag na tíortha sin faoi bhun 3% den Olltáirgeacht Intíre (OTI), luach tagartha an Aontais d'easnaimh rialtais.
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025