Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 11 Márta 2014

Nuashonraíonn an Chomhairle a seasamh maidir leis an sásra réitigh aonair

Ag Comhairle Ecofin an 11 Márta, nuashonraigh Airí Airgeadais an Aontais an sainordú d'Uachtaránacht na Gréige chun caibidlíocht a dhéanamh le Parlaimint na hEorpa maidir leis na saincheisteanna atá fós gan réiteach don sásra réitigh aonair.

D'athdhearbhaigh na hAirí tiomantas na Comhairle an chaibidlíocht a thabhairt chun críche roimh shos toghcháin na Parlaimint sa Bhealtaine, eadhon, i rith théarma seo na Parlaiminte.

Dá réir sin rinne an Chomhairle a seasamh caibidlíochta a nuashonrú - 'an cur chuige ginearálta' - mar a thugtar air a comhaontaíodh i mí na Nollag 2013 , maidir leis na sé cheist seo leanas:

  1. Nós imeachta réitigh: cén institiúid a bheadh ina "húdarás réitigh dheiridh"
  2. Cén institiúid ar cheart di cinneadh a dhéanamh maidir le  "tá ag cliseadh ar bhanc nó is dóigh go gclisfidh air"
  3. Ról an tseisiúin iomlánaigh agus an tseisiúin feidhmiúcháin den bhord réitigh aonair i gcinneadh réitigh faoi leith
  4. Socruithe vótála ag seisiúin iomlánacha an Bhoird Aonair Réitigh
  5. Na féidearthachtaí atá ann don Bhord Aonair Réitigh iasachtaí a chonrú don Chiste Réitigh Aonair (SRF)
  6. Cén chaoi a gcinnfear na ranníocaíochtaí a dhéanfar leis an gciste réitigh aonair.

"Na díospóireachtaí a bhí ag an gComhairle inniu maidir leis na ceisteanna sin uile, bhí siad cuimsitheach, deacair ach cuiditheach agus tá sainordú nuashonraithe againn […] lenar féidir linn an tsolúbthacht is gá a úsáid chun dul chuig an gcruinniú trípháirteach amárach", arsa Giannis Stournaras, Aire Airgeadais na Gréige a bhí ina chathaoirleach ar an gcruinniú, ag an bpreasócáid.

Agus iad á mbunú ar an sainordú nuashonraithe leanfaidh an Uachtaránacht leis na caibidlíochtaí an 12 Márta i "gcruinniú trípháirteach" - caibidlíocht idir an Chomhairle, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach - agus a thionólfar in Strasbourg.

Glacfaidh an tUasal Stournaras agus Jeroen Dijsselbloem, Uachtarán an Ghrúpa Euro, páirt sa chruinniú trípháirteach amárach le foireann chaibidlíochta an Uachtaráin. Is é Uachtarán an Ghrúpa Euro atá ina chathaoirleach ar chruinniú speisialta na nAirí a raibh an chomhdháil idir-rialtasach ag tuairisciú dó maidir leis na caibidlíochtaí faoin gcomhaontú idir-rialtasach i dtaca le SRF.

An Sásra Réitigh Aonair: an cúlra

Beidh an Sásra Réitigh Aonair, an túisce a ghlacfar é, ina bhunghné d'aontas baincéireachta na hEorpa amach anseo.

I gcomhréir leis an dréacht-togra, is é a bheidh ann bord réitigh aonair (SRB) agus ciste réitigh aonair (SRF). Is éard is cuspóir don sásra a áirithiú go ndéanfar réiteach ordúil i gcás na mbanc a bhfuil ag cliseadh orthu agus an tionchar ar cháiníocóirí agus ar an bhfíorgheilleagar á íoslaghdú ag an am céanna.

Beidh feidhm ag an sásra réitigh, i bprionsabal, maidir le gach banc sa limistéar euro agus i dtíortha an Aontais Eorpaigh sin ar rogha leo a bheith rannpháirteach.

Comhaontú idir-rialtasach maidir leis an gciste réitigh aonair

Cuimsítear freisin i gcur chuige ginearálta na Comhairle a comhaontaíodh i mí na Nollag, gealltanas chun comhaontú idir-rialtasach a chaibidliú maidir le feidhmiú an chiste réitigh aonair.

Leis an gcomhaontú tá sé i gceist socruithe a chuimsiú le haghaidh ranníocaíochtaí náisiúnta a aistriú chuig SFR agus lena "bhfrithpháirtiú" forchéimnitheach, nó lena gcumasc de réir a chéile, in aon chiste aonair amháin.

Tá sonraí an chomhaontaithe á gcaibidliú ag comhdháil idir-rialtasach ina bhfuil Ballstáit uile an Aontais rannpháirteach. Bíonn ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa rannpháirteach mar bhreathnóirí.

Cuirfear an comhaontú idir-rialtasach i gcrích nuair a thabharfaidh an Chomhairle an chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa chun críche maidir leis an sásra réitigh aonair.

I gcomhréir le cur chuige ginearálta na Comhairle, thiocfadh Rialachán SRM i bhfeidhm an 1 Eanáir 2015. Bheadh a fheidhmeanna i ndáil le díluacháil fiachais na ngeallsealbhóirí agus na gcreidiúnaithe infheidhme ón 1 Eanáir 2016 amach.

Ceisteanna tábhachtacha eile ar an gclár oibre

Cánachas ar ioncam ó choigilteas

Phléigh na hAirí an treoir leasaithe maidir le cánachas ar ioncam ó choigilteas. Tá sé mar aidhm leis an treoir an comhrac i gcoinne calaoise cánach agus imghabhála cánach a fheabhsú. Dhearbhaigh an Chomhairle go rabhthas sásta tacú leis na rialacha neartaithe ar an mórchóir. Táthar ag súil go nglacfar an téacs go críochnaitheach roimh dheireadh an Mhárta, i ndiaidh don Chomhairle Eorpach é a fhormhuiniú.

An méid a leanann as cruinniú airí G20 i gCathair Sydney

Thíolaic Uachtaránacht na Comhairle agus an Coimisiún an toradh a bhí ar Chruinniú Airí Airgeadais G20 le gobharnóirí na mbanc ceannais i gCathair Sydney an 22 agus an 23 Feabhra.

    Creat fuinnimh agus aeráide 2013 an Aontais

    Phléigh na hAirí gnéithe eacnamaíocha chreat fuinnimh agus aeráide AE 2030 mar ullmhúchán do chruinniú na Comhairle Eorpaí a thionólfar an 20-21 Márta. D'fhéach siad ar thionchar an chreata a moladh maidir le fás agus fostaíocht, maidir le praghsanna fuinnimh, iomaíochas tionsclaíoch agus airgeadas poiblí. Le tuarascáil na hUachtaránachta ar an bplé soláthrófar ionchur i gcéad chruinniú eile na Comhairle Eorpaí.

    Comhaid na gcruinnithe

    Faisnéis phreasa

    Teagmhálaithe preasa

    Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

    Creidiúnú agus preasócáidí

    Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

    Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

    Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

    Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

    Féach tuilleadh cruinnithe

    An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025