- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 06/05/2014, 6 Bealtaine 2014
Pléann an Chomhairle bealach éalaithe cánach a dhúnadh
Ag cruinniú Ecofin a bhí ar siúl an 6 Bealtaine, phléigh na hairí leasuithe lena ndírítear ar bhealach éalaithe a dhúnadh lenar ligeadh do chorparáidí trasteorann a sheachaint cáin a íoc ar chineálacha áirithe brabúis.
Leis na leasuithe ar threoir na máthairchuideachta-fochuideachta (2011/96/AE), dírítear ar dheireadh a chur leis an gcás inarbh fhéidir le grúpaí corparáideacha na difríochtaí idir dlíthe náisiúnta cánach a dhúshaothrú agus leas a bhaint as neamhchánachas dúbailte trí bhíthin socruithe maidir le hiasachtaí hibride.
Leis an treoir thosaigh, beartaíodh a áirithiú nach n-íocfadh cuideachtaí trasteorann cáin dhá uair - i dtír a máthairchuideachta agus i dtíortha na bhfochuideachtaí. Dá bhrí sin, ceanglaíodh ar na Ballstáit na brabúis a fhaigheann máthairchuideachtaí óna bhfochuideachtaí a fheidhmíonn i mBallstáit eile, a dhíolmhú ó chánachas.
Leis an leasú, téitear i ngleic go sonrach le socruithe maidir le hiasachtaí hibride, atá ina n-ionstraimí airgeadais a bhfuil saintréithe fiachais agus cothromais araon ag gabháil leo. Ar an gcúis sin, meastar i roinnt Ballstát gur iasacht shimplí iad, agus i mBallstáit eile meastar gur cothromas iad, agus dá bhrí sin, caitear leo mar ionstraimí in-asbhainteach nó díolmhaithe ó thaobh cánach de réir dhlí cánach na tíre. .
Leis na difríochtaí sin, ceadaítear do na cuideachtaí trasteorann a mbrabúis a dháileadh dá réir, trína sheachnaítear cánachas in aon cheann de na Ballstáit.
De réir na rialacha a leasaítear, ní dhéanfaidh Ballstát na máthairchuideachta cáin a ghearradh ar bhrabúis ón bhfochuideachta ach a mhéid nach bhfuil na brabúis sin inasbhainte ag an bhfochuideachta.
Na chéad chéimeanna eile
Tar éis an phlé, áiritheoidh an Uachtaránacht go ndéanfaidh saineolaithe tuilleadh scrúdú ar an togra, de réir mar is gá.
Tá sé ar intinn ag an Uachtaránacht glacadh na Treorach leasuithe a lorg ag an gCruinniú a bheidh ag an gComhairle an 20 Meitheamh.
Na príomhábhair eile ar an gclár oibre
Cáin ar idirbhearta airgeadais
Phléigh an Chomhairle cáin a thabhairt isteach ar idirbhearta airgeadais (FTT) i 11 Bhallstát a roghnaigh an cháin a thabhairt isteach tríd an nós imeachta 'comhar feabhsaithe'. Is iad na tíortha sin: an Ostair, an Bheilg, an Eastóin, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Phortaingéil, an tSlóvaic, an tSlóivéin agus an Spáinn.
Leis na rialacha a bheartaítear, thabharfaí isteach íosráta cánach comhchuibhithe de 0.1% ar fud na dtíortha rannpháirtíochta, le haghaidh idirbhearta i ngach cineál ionstraimí airgeadais seachas díorthaigh, a mbeadh ráta 0.01% i bhfeidhm maidir leo.
Thug an Uachtaránacht dá haire gur bheartaigh na tíortha rannpháirtíochta obair a dhéanamh maidir leis an gcáin ar idirbhearta airgeadais a bhféadfaí a chur chun feidhme ar bhealach forásach, chun an tionchar eacnamaíoch atá aici a mheas sula ndéanfar a raon feidhme a leathnú.
An nós imeachta do mhíchothromaíocht mhaicreacnamaíoch: athbhreithnithe doimhne
Phléigh an Chomhairle torthaí na n-athbhreithnithe doimhne a rinneadh ar an staid mhaicreacnamaíoch i 17 mBallstát, ar athbhreithnithe iad a rinne an Coimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta do mhíchothromaíocht mhaicreacnamaíoch.
An treoir maidir le téarnamh agus réiteach na mbanc - glacadh
Ghlac an Chomhairle an treoir lena mbunaítear creat le haghaidh théarnamh agus réiteach na mbanc. D'fhormheas Parlaimint na hEorpa an treoir i mí Aibreáin i mbliana.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
Torthaí na vótála sa chruinniúFaisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025