Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 15/01/2016, 15 Eanáir 2016

Na príomhthorthaí

Na hionchais fáis agus na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha

Phléigh an Chomhairle na hionchais fáis agus na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha faoin “Seimeastar Eorpach”, próiseas bliantúil comhordaithe beartais an Aontais Eorpaigh.

Ghlac an Chomhairle Conclúidí agus formheasadh dréacht-Mholadh maidir le beartais eacnamaíochta an limistéir euro.

Is iad na tosaíochtaí beartais don bhliain 2016 an infheistíocht, athchóirithe struchtúracha agus beartais fhreagracha buiséid. Maidir leis na míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, tá an Coimisiún le grinn-athbhreithnithe a fhoilsiú i mí Feabhra i ndáil leis an staid in ocht gcinn déag de Bhallstát.

D’aontaigh an Chomhairle i gcoitinne leis an anailís agus leis na tosaíochtaí a leag an Coimisiún amach ina shuirbhé bliantúil fáis. “Chomh maith leis sin, tá sé ar intinn againn an Seimeastar Eorpach a neartú agus a chuíchóiriú, mar atá molta ag an gCoimisiún, mar spreagadh le cur chun feidhme na moltaí atá sonrach do thíortha ar leith”, arsa Jeroen Dijsselbloem, Aire Airgeadais na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle.

Cuirfear an dréacht-Mholadh don limistéar euro faoi bhráid na Comhairle Eorpaí i mí Feabhra, ag féachaint lena ghlacadh i mí an Mhárta. Tiocfaidh Seimeastar Eorpach 2016 chun críche i mí Iúil leis na moltaí atá sonrach do thíortha ar leith.

Táimid ag iarraidh na dálaí is fearr a chruthú don fhás agus don rathúnas fadtéarmach eacnamaíoch san Aontas Eorpach, agus le go mbeidh an limistéar euro in ann seasamh i gcoinne suaití arsa Jeroen Dijsselbloem, Aire Airgeadais na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle 

Clár oibre na hUachtaránachta

Phléigh an Chomhairle clár oibre Uachtaránacht na hÍsiltíre.

Áirítear ar thosaíochtaí na hUachtaránachta:

  • aontas baincéireachta an Aontais Eorpaigh a neartú;
  • aontas margaí caipitil an Aontais a fhorbairt;
  • an próiseas comhordaithe beartais, .i. an Seimeastar Eorpach, a neartú agus a chuíchóiriú;
  • gníomhaíocht a chur chun cinn i gcoinne na imghabhála cánach agus na seachanta cánach.

I measc cuspóirí eile, leanfaidh an Chomhairle den obair chun aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta an Aontais Eorpaigh a neartú tuilleadh.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025