- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 08/03/2016, 8 Márta 2016
Na príomhthorthaí
Seachaint cánach corparáide
Tá tacaíocht láidir againn do chomhaontú polaitiúil maidir leis an Treoir seo, ar Treoir í lena ndéanfar caighdeán na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta i ndáil le tuairisciú tír-ar-thír, a thrasuí go cruinn i reachtaíocht an Aontais ” arsa Jeroen Dijsselbloem, Aire Airgeadais na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle
Ar an 8 Márta 2016, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh, go dtí go dtiocfaidh a tuairim ó Pharlaimint na hEorpa, faoi Dhréacht-Treoir i ndáil le faisnéis cánach i dtaobh gníomhaíochtaí cuideachtaí ilnáisiúntaa mhalartú.
“Is í seo an chéad chéim inár gcuid oibre maidir leis an bpacáiste in aghaidh na seachanta cánach”, a dúirt Jeroen Dijsselbloem, Aire Airgeadais na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle. “Tá tacaíocht láidir againn do chomhaontú polaitiúil maidir leis an Treoir seo, ar Treoir í lena ndéanfar caighdeán na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta i ndáil le tuairisciú tír-ar-thír, a thrasuí go cruinn i reachtaíocht an Aontais.”
Beidh an comhaontú polaitiúil faoi réir aon Bhallstát amháin a dhul i gcomhairle lena Pharlaimint.
Leis an Treoir seo, cuirfear iallach ar chuideachtaí ilnáisiúnta faisnéis cánach a thuairisciú agus í arna mionsonrú tír-ar-thír agus cuirfear iallach ar údaráis náisiúnta cánach an fhaisnéis sin a mhalartú go huathoibríoch.
Cumhdaítear fiontair ilnáisiúnta léi arb ionann a n-ioncam comhdhlúite iomlán grúpa agus €750 milliún ar a laghad agus a bhfuil 90% d'ioncam corparáideach ina seilbh acu.
An cód iompair maidir le cánachas gnó
Ghlac an Chomhairle Conclúidí maidir le cód iompair a neartú lena ndírítear ar dheireadh a chur le bearta a bhféadfadh iomaíocht éagórach chánach a bheith mar thoradh orthu.
Úsáidtear an cód iompair chun measúnú a dhéanamh ar dhíobháil na mbeart cánach a glacadh, nó atá in áirithe a nglactha, ag na Ballstáit. Déanann meitheal maoirsiú ar a chur chun feidhme.
Foráiltear le Conclúidí na Comhairle go gcuirfear feabhas ar rialachas, trédhearcacht agus modhanna oibre na meithle.
Cuirfear feabhas ar an éifeachtúlacht tríd an measúnú ar chórais chánach a d’fhéadfadh a bheith díobhálach a luathú agus trí rannpháirtíocht níos minice agus níos luaithe ón gComhairle. Feabhsófar an fhaisnéis a thugtar don phobal ar obair na Meithle roimhe seo agus atá ar siúl faoi láthair.
Tá sé beartaithe ag an Uachtaránacht go nglacfar cinneadh eile faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2016 maidir le hathbhreithniú ar shainordú na meithle.
Beartas eacnamaíoch agus buiséadach
Phléigh na hAirí cur chun feidhme na moltaí tír-shonracha faoin “Seimeastar Eorpach”, arb é próiseas bliantúil an Aontais é le faireachán a dhéanamh ar bheartais. Thíolaic an Coimisiún tuarascálacha ar bheartais eacnamaíocha na mBallstát, ag díriú ar bhearta a glacadh chun deireadh a chur le bacainní ar an infheistíocht.
D’eisigh an Chomhairle moladh maidir le beartais eacnamaíocha an limistéir euro, trína bhféadfar aird chuí a thabhairt ar cheisteanna an limistéir euro sna moltaí tír-shonracha do 2016.
Ghlac sí Conclúidí freisin maidir leis an inbhuaine fhioscach, lena sainaithnítear na dúshláin a bhíonn ag na Ballstáit, a mhéid a bhaineann lena n-airgeadas poiblí.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- Clár táscach - an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 8 Márta 2016
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 8 Márta 2016
- Liosta de mhíreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 8 Márta 2016
- Cúlra faisnéise
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
Seachaint cánach corparáide: Tagann an Chomhairle ar chomhaontú faoina seasamh maidir le faisnéis cánach faoi chuideachtaí ilnáisiúnta a mhalartú - 08/03/2016
Conclúidí ón gComhairle maidir le struchtúr agus rátaí na ndleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe - 08/03/2016
A bhfuil i ndán don Chód Iompair (Cánachas Gnó) Conclúidí ón gComhairle - 08/03/2016
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Tuarascáil maidir le hInbhuanaitheacht Fhioscach - 08/03/2016
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025