- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 10/11/2015, 10 Samhain 2015
Na príomhthorthaí
An t-athrú aeráide
Agus an 21ú comhdháil de chuid na bPáirtithe i gcreat-choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe (NA) ar an athrú aeráide ar na bacáin, ghlac an Chomhairle Conclúidí i ndáil leis sin.
Agus sainordú uaillmhianach aige do Chomhdháil Pháras, léirítear go bhfuil a ról á ghlacadh ag an Aontas Eorpach mar cheann de na príomhfhórsaí atá ag iarraidh comhaontú nua i ndáil leis an aeráid a chur chun cinn Pierre Gramegna, Aire Airgeadais Lucsamburg
Tionólfar an Chomhdháil i bPáras ón 30 Samhain go dtí an 11 Nollaig 2015 agus féachfar le comhaontú nua faoin aeráid de chuid na Náisiún Aontaithe a fhormheas inti don tréimhse i ndiaidh 2020. Is é an aidhm atá leis sin an méadú ar an meánteocht dhomhanda a theorannú do 2°C ar a mhéad le hais na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus maoiniú leordhóthanach poiblí agus príobháideach a ráthú chun é sin a bhaint amach.
Agus sainordú uaillmhianach aige do Chomhdháil Pháras, léirítear go bhfuil a ról á ghlacadh ag an Aontas Eorpach mar cheann de na príomhfhórsaí atá ag iarraidh comhaontú nua i ndáil leis an aeráid a chur chun cinn", a dúirt Pierre Gramegna, Aire Airgeadais Lucsamburg agus uachtarán na Comhairle. "Táimid ullamh freisin ranníocaíocht mhór a dhéanamh chun riachtanais a mhaoiniú i dtaca leis an athrú aeráide".
Sna Conclúidí ón gComhairle, dírítear ar ranníocaíochtaí an Aontais mar chuid den $100 billiún in aghaidh na bliana a gheall tíortha forbartha faoi 2020, ar ranníocaíochtaí le maoiniú don troid i gcoinne athrú na haeráide iad, agus ar intuarthacht na ranníocaíochtaí leis an maoiniú i leith an athraithe aeráide. Leis sin, tugtar aghaidh ar na gnéithe maoiniúcháin a ghabhann le comhaontú nua aeráide de chuid na Náisiún Aontaithe don tréimhse i ndiaidh 2020.
Beidh gá le hacmhainní suntasacha chun cabhrú le tíortha i mbéal a bhforbartha dul i ngleic go leordhóthanach leis an athrú aeráide, le hastaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú agus chun dul i dtaithí ar iarmhairtí an athraithe aeráide. An $100 billiún in aghaidh na bliana a gheall tíortha i mbéal forbartha faoi 2020, gheofar ó fhoinsí fíoréagsúla é: foinsí poiblí agus príobháideacha, déthaobhacha agus iltaobhacha agus lena n-áirítear foinsí malartacha maoiniúcháin.
Aontas na Margaí Caipitil
Ghlac an Chomhairle Conclúidí lena gcuirtear fáilte roimh an bplean gníomhaíochta ón gCoimisiún maidir le hAontas na Margaí Caipitil a fhorbairt.
Is éard is aidhm don phlean go mbunófar aontas na margaí caipitil san Aontas Eorpach a bheidh ag feidhmiú faoi lán seoil faoi dheireadh 2019. Tá sé i gceist bearta éagsúla a dhéanamh chun na margaí caipitil a neartú ionas go meallfar níos mó infheistíochta, lena n-áirítear infheistíocht eachtrach, do chuideachtaí Eorpacha agus do thionscadail Eorpacha bonneagair.
Ceann de na príomhaidhmeanna is ea an rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, go háirithe sna tionscail nuála.
"Tá tús curtha cheana againn leis an obair ar thogra maidir le hurrúsú simplí, trédhearcach agus caighdeánaithe, agus é mar aidhm teacht ar chomhaontú polaitiúil a luaithe agus is féidir, agus b’fhéidir fiú roimh dheireadh na bliana seo, a dúirt an tUasal Gramegna. “Táimid ag fanacht freisin ar thogra maidir le réamheolairí, chun go mbeidh muid in ann obair a dhéanamh air sin freisin, ar togra é a bheidh tábhachtach le gur fusa a bheidh sé d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide rochtain a fháil ar chreidmheas."
Aisghairm na Treorach maidir le cáin ar choigilteas
Rinne an Chomhairle Treoir 2003/48/CE, lenar ceadaíodh do lucht riaracháin cánach, ó 2005 i leith, rochtain níos fearr a fháil ar fhaisnéis maidir le coigilteoirí príobháideacha, a aisghairm.
Rinneadh an aisghairm sin agus bearta a bheith déanta le déanaí chun cosc a chur ar an imghabháil cánach. Bhí forluí suntasach tar éis tarlú maidir le reachtaíocht eile sa réimse sin agus, tríd an aisghairm, cuirtear deireadh leis an bhforluí sin anois.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- An clár táscach, Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, an 10 Samhain 2015
- Clár oibre sealadach, an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, an 10 Samhain 2015
- Liosta ítimí A, gníomhaíochtaí reachtacha, Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, an 10 Samhain 2015
- Liosta ítimí A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, an 10 Samhain 2015
- Cúlra faisnéise
- Liosta na rannpháirtithe
Preaseisiúintí
- Trade marks reform: Council adopts position at first reading
- 10/11/2015
- Conclúidí ón gComhairle maidir le Maoiniú don Troid i gCoinne Athrú na hAeráide
- 10/11/2015
- Aisghairtear an Treoir maidir le cáin ar choigilteas
- 10/11/2015
- Cuireann an tAontas fad leis an sainordú atá ag trí Ionad Speisialta de chuid an Aontais
- 10/11/2015
- Medium combustion plants: New rules on emissions adopted
- 10/11/2015
- Astaíochtaí feithiclí faoi dhálaí tiomána : Deir an Chomhairle go bhféadfar an chéad phacáiste a ghlacadh anois
- 10/11/2015
- Conclúidí ón gComhairle i ndáil le Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le hAontas na Margaí Caipitil a fhorbairt
- 10/11/2015
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025