- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 08/12/2015, 8 Nollaig 2015
Na príomhthorthaí
Cánachas corparáideach
Rinne an Chomhairle roinnt cinntí maidir le cánachas corparáideach.
Ghlac sí Treoir maidir le rialuithe cánach trasteorann, rud a chuirfidh le trédhearcacht na rialuithe cánach a thugann na Ballstáit do ghnólachtaí faoin mbealach a ndéanfar cáin a ghearradh orthu.
Ba mhórthosaíocht don Uachtaránacht Lucsamburgach é go nglacfaí an Treoir thábhachtach seo laistigh de thréimhse ghairid, agus glacadh.” arsa Pierre Gramegna, Aire Airgeadais Lucsamburg agus Uachtarán na Comhairle
"Ba mhórthosaíocht don Uachtaránacht Lucsamburgach é go nglacfaí an Treoir thábhachtach seo laistigh de thréimhse ghairid, agus glacadh.” arsa Pierre Gramegna, Aire Airgeadais Lucsamburg agus Uachtarán na Comhairle. "Tá comhartha láidir á chur amach ag an Eoraip anois ar mhaithe le cothromas cánachais do ghnólachtaí ar fud na cruinne."
Phléigh an Chomhairle bearta gaolmhara arb é is aidhm leo fáil réidh leis an imghabháil chánach corparáide. Ghlac sí Conclúidí maidir lena bhfuil le déanamh anois le cód iompair an chánachais ghnó agus maidir le hobair ECFE i ndáil le creimeadh an bhoinn chánach agus aistriú an bhrabúis (BEPS) a chur chun feidhme. Rinne sí athbhreithniú freisin ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca le cur i gcoinne chreimeadh an bhoinn chánach agus aistriú an bhrábúis i dtogra le haghaidh bonn comhdhlúite amháin a bheith ann san Aontas Eorpach don cháin chorparáideach.
"Tá dul chun cinn thar na bearta déanta againn sa phlé teicniúil i dtaca leis an ábhar seo”, a dúirt an tUasal Gramegna. “Léiríonn sé sin cé chomh dáiríre atá muid faoi mholtaí ECFE maidir le creimeadh an bhoinn chánach agus aistriú an bhrábúis a chur chun feidhme, ar bhealach tapa, comhordaithe.”
Aontas na margaí caipitil
D’fhormhuinigh an Chomhairle comhaontú ar thángthas air ar leibhéal na gcoistí chun margadh urrúsúcháin a fhorbairt san Eoraip, ar cuid é de phleananna níos leithne ná sin i ndáil le hAontas na Margaí Caipitil.
Caithfear na tograí seo a chaibidliú le Parlaimint na hEorpa, agus meastar go mbeidh siad ina gcabhair chun foinsí breise airgeadais a chur ar fáil, go háirithe do FMBanna agus do ghnólachtaí nuathionscanta.
"Tá ag loiceadh ar an margadh urrúsúcháin faoi láthair agus caithfear gníomhú láithreach má táimid lena athbheochan”, arsa an tUasal Gramegna. “Measaimid gur ábhar ríthábhachtach é seo do gheilleagar na hEorpa.”
Comhaontuithe cánachais le Lichtinstéin, le San Mairíne agus leis an Eilvéis
D’fhormheas an Chomhairle comhaontuithe cánachais a tugadh chun críche le Lichtinstéin agus leis an Eilvéis, agus cheadaigh go síneófaí comhaontú le San Mairíne.
Beidh na trí chomhaontú ina gcabhair leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh deireadh a chur leis an imghabháil chánach, ós rud é go gceanglaítear leo go ndéanfaí faisnéis faoi choigilteoirí príobháideacha a chomh-mhalartú go huathoibríoch. Leis sin, beidh teacht níos fearr ag lucht riaracháin chánach ar fhaisnéis chuntais airgeadais a gcuid coigeoilteoirí féin i dtíortha eile.
Rinneadh an comhaontú le San Mairíne a shíniú díreach tar éis chruinniú na Comhairle.
Beoshruth, físeáin agus grianghraif
Comhaid na gcruinnithe
Preaseisiúintí
- Comhaontú maidir le cánachas a shínigh an tAontas Eorpach agus San Mairíne san iarracht chomhpháirteach le haghaidh comhlíonadh cánach a fheabhsú
- 08/12/2015
- Conclúidí ón gComhairle maidir le cánachas corparáideach - creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis
- 08/12/2015
- Conclúidí ón gComhairle maidir le cánachas gnó - a bhfuil i ndán don chód iompair
- 08/12/2015
- D'fhormheas an tAontas Eorpach comhaontuithe cánachas Lichtinstéin agus na hEilvéise
- 08/12/2015
- Rialuithe cánach trasteorann: glactar rialacha maidir le trédhearcacht
- 08/12/2015
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025