- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 12/07/2016, 12 Iúil 2016
Na príomhthorthaí
An Phortaingéil agus an Spáinn
Chinn an Chomhairle nach ndearna an Spáinn ná an Phortaingéil beart leoréifeachtach mar fhreagairt ar na moltaí a thug sí faoina n-easnaimh iomarcacha a cheartú.
Dhearbhaigh sí nach laghdóidh na tíortha sin a n-easnaimh faoi 3% de OTI, arb é luach tagartha AE é le haghaidh easnamh rialtais, faoin spriocdháta atá molta. Agus chinn sí go raibh bearna shuntasach idir an iarracht fhioscach a rinne an dá thír agus an iarracht a moladh.
Leis an gcinneadh ón gComhairle cuirfear smachtbhannaí i bhfeidhm faoi Airteagal 126(8) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tá 20 lá ag an gCoimisiún chun fíneálacha a mholadh agus beidh 10 lá ag an gComhairle lena bhformheas.
“Táim cinnte go mbeidh toradh cliste, éirimiúil againn ag an deireadh”, arsa Peter Kažimír, Aire Airgeadais na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle.
Trédhearcacht cánach, sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta
Ghlac an Chomhairle rialacha nua chun dul i ngleic le cleachtais maidir le seachaint cánach, tar éis comhaontú a sroicheadh ar an 21 Meitheamh 2016.
Leis an treoir sin follúnaítear moltaí 2015 ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) i dtaca le creimeadh an bhoinn cánach agus aistriú brabúis. Leis an treoir sin téitear i ngleic le cásanna ina dtairbhíonn grúpaí corparáideacha de na héagothromaíochtaí atá idir na córais náisiúnta chánach d’fhonn a ndliteanas cánach a laghdú.
Phléigh an Chomhairle bearta breise a d’fhéadfaí a thionscnamh chun an trédhearcacht cánach a fheabhsú agus chun an mhí-úsáid cánach a chosc, ar bhonn teachtaireachta ón gCoimisiún.
“Tá an uachtaránacht meáite ar dhul chun cinn a dhéanamh chun imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac sna míonna amach romhainn”, arsa an tUasal Kažimír. “ Ní gá a áiteamh go bhféadfaí na céadta milliúin a sciobann an chalaois cánach nó an tseachaint cánach chun siúil a infheistiú inár ngeilleagair agus ní mór dúinn an galar seo a dhíothú ar ais nó ar éigean.”
Phléigh an Chomhairle togra maidir lerialacha AE a neartú lena ndírítear ar an sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc.
Tá an togra sin ina ghné lárnach d’freagairt an Aontais ar na hionsuithe sceimhlitheoireachta a tharla le deireanas san Eoraip, agus ar ar tháinig chun solais sna ‘Panama Papers’ in Aibreán 2016. Rachfar i mbun an obair theicniúil a dhéanamh i mí Iúil 2016 le hintinn teacht ar chomhaontú sa Chomhairle taobh istigh de roinnt míonna.
Clár na hUachtaránachta
Phléigh an Chomhairle clár oibre uachtaránacht na Slóvaice.
“ Is áil linn teacht aniar AE a threisiú i ndáil le dúshláin ón taobh amuigh agus ón taobh istigh agus muinín ár saoránach i dtionscnamh na hEorpa a athbhunú”, arsa an tUasal Kažimír.
Áirítear ar thosaíochtaí na hUachtaránachta:
- doimhniú cliste a dhéanamh ar aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta AE;
- seachaint cánach agus imghabháil cánach a chomhrac;
- aontas mhargaí caipitil an Aontais;
- an t-aontas baincéireachta;
- infheistíocht;
- buiséad ginearálta an Aontais do 2017.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
- Toradh chruinniú na Comhairle
- Liosta míreanna A, plé reachtach, an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 12 Iúil 2016
- Liosta míreanna A, gníomhaíochtaí neamhreachtacha, an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 12 Iúil 2016
- Provisional agenda, Economic and Financial Affairs Council, 12 July 2016
- Cúlra faisnéise
- List of participants
Preaseisiúintí
- Síníonn an tAontas Eorpach agus Monacó socrú maidir le malartú uathoibríoch sonraí cánach
- 12/07/2016
- Conclúidí ón gComhairle maidir le bailchríoch a chur ar athchóirithe iar-ghéarchéime Basel
- 12/07/2016
- Beartais eacnamaíocha, fostaíochta agus fioscacha: Déanann an Chomhairle moltaí tír-shonracha a fhormheas
- 12/07/2016
- An nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach: Cinneann an Chomhairle nach bhfuil gníomhaíocht éifeachtach déanta ag an bPortaingéil ná ag an Spáinn
- 12/07/2016
- Seachaint cánach corparáid: Rialacha nua glactha
- 12/07/2016
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025