Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 11/10/2016, 11 Deireadh Fómhair 2016

Na príomhthorthaí

An t-athrú aeráide - Gnéithe maoiniúcháin

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an athrú aeráide roimh an 22ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe (COP 22) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an athrú aeráide, a thionólfar in Marrakech ón 7 go dtí an 18 Samhain 2016.

Is éard atá sna conclúidí sainordú AE do Chomhdháil Marrakech lena bpléifear cur chun feidhme comhaontú nua domhanda maidir leis an athrú aeráide a baineadh amach ag COP21 i bPáras i mí na Nollag 2015.

Dírítear sna conclúidí ar na gnéithe maoiniúcháin a ghabhann leis an athrú aeráide. Ar an 30 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Comhshaoil conclúidí freisin lena gcumhdaítear na gnéithe níos ginearálta.

“Is dúshlán tromchúiseach domhanda é an t-athrú aeráide gan amhras agus tugann AE tús áite i gcónaí ar ghníomhaíocht ghasta ina leith. Beidh ról lárnach fós ag maoiniú poiblí don troid i gcoinne an athraithe aeráide”, arsa Peter Kažimír, Aire Airgeadais na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle. Dúirt sé an méid seo a leanas freisin: “Dhearbhaíomar go bhfuil AE meáite ar a chuid a dhéanamh i ndáil le sprioc na dtíortha forbartha USD 100 billiún a chur ar fáil, ar bhonn comhpháirteach, in aghaidh na bliana faoi 2020 agus ar aghaidh go 2025, don mhaolú agus don oiriúnú, ar maoiniú é a thiocfaidh ó raon leathan foinsí, trí ionstraimí éagsúla agus trí bhealaí éagsúla.”

Trédhearcacht cánach

Ghlac an Chomhairle conclúidí mar fhreagra ar theachtaireacht ón gCoimisiún maidir le trédhearcacht cánach tar éis an méid a tháinig chun solais i bPáipéir Phanama i mí Aibreáin 2016.

Cuirtear béim sna conclúidí ar an ngá leanúnach cosc a chur le cistí a cheilt ar mhórscála, rud lena gcuirtear bac ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh deireadh a chur leis an imghabháil chánach, le sciúradh airgid agus le maoiniú sceimhlitheoirí.

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún i mí Iúil 2016, mhol an Coimisiún cur chuige comhordaithe i leith drochúsáid cánach a chosc, ar leibhéal AE agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon. Cé go bhfuil dul chun cinn déanta ar leibhéal AE, tá lúbanna ar lár ann i gcónaí agus beartaítear tabhairt faoi thuilleadh gníomhaíochta.

Dhearbhaigh an Chomhairle comhaontú cánach le Monacó, lena dtabharfar rochtain trasteorann níos fearr ar fhaisnéis faoi chuntais airgeadais cónaitheoirí i dtíortha a chéile.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025