Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 17/06/2016, 17 Meitheamh 2016

Na príomhthorthaí

Seachaint cánach corparáidí

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú ginearálta maidir le dréacht-treoir lena dtugtar aghaidh ar sheachaint cánach corparáidí, faoi réir nós imeachta an tosta a gcuirfear deireadh leis ag meán oíche an 20 Meitheamh 2016.

Sa dréacht-treoir seo, cuirtear leis na moltaí ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta chun aghaidh a thabhairt ar chreimeadh an bhoinn agus ar aistriú brabúis (BEPS). Tugtar aghaidh ar chásanna ina dtairbhíonn grúpaí corparáideacha as na héagothromaíochtaí atá idir na córais náisiúnta chánach lena ndliteanas cánach a laghdú.

Má dhearbhaítear an comhaontú, tíolacfar an treoir don Chomhairle ina dhiaidh sin chun go nglacfar í.

“Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh an tAontas ar thús cadhnaíochta sa chomhrac i gcoinne na seachanta cánach agus ghlacamar céim thábhachtach inniu”, arsa Jeroen Dijsselbloem, Aire Airgeadais na hÍsiltíre agus Uachtarán na Comhairle. “Is é an aidhm atá ann plean gníomhaíochta BEPS na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta a chur chun feidhme go comhleanúnach, agus an plean sin a thrasuí ina dhlí crua ar fud an Aontais.”

An t-aontas baincéireachta a neartú

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le ‘treochlár’ le haghaidh tuilleadh oibre chun aontas baincéireachta an Aontais a chomhlánú.

Leagtar amach sa Treochlár na tosaíochtaí agus na garspriocanna do na blianta atá le teacht, maidir le rioscaí a chomhroinnt agus a laghdú araon in earnáil na baincéireachta agus maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá fós gan réiteach.

Déanfar obair i dtrí phríomhréimse:

  • scéim Eorpach árachais taiscí (SEÁT);
  • tacaíocht chomhchoiteann a bhunú don chiste réitigh aonair;
  • rialacháin bainc lena ndíreofaí ar rioscaí.

“Ba cheart go mbeadh aontas baincéireachta níos athléimní de thoradh air sin, lena n-atreoiseofar cobhsaíocht airgeadais sa limistéar euro agus san Aontas trí chéile”, arsa an tUasal Dijsselbloem. “Táthar ag súil le go leor, ós é an t-aontas baincéireachta ceann de mhórbhuanna an Aontais, tar éis gur chuir sé go mór le muinín a chur i réim athuair.”

Leis na conclúidí ón gComhairle, cuirtear treoir ar fáil maidir leis na bearta laghdaithe riosca a sheicheamhú, agus maidir leis an tacaíocht choiteann agus maidir le SEÁT.

Easnaimh, beartais eacnamaíocha, aontas na margaí caipitil, cistí margaidh airgid

Dhún an Chomhairle na nósanna imeachta um easnamh iomarcach don Chipir, d’Éirinn agus don tSlóivéin.

D'fhormheas sí moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith do na Ballstáit maidir leis na beartais eacnamaíocha agus buiséadacha atá acu.

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le rialacha réamheolaire chun urrúis a eisiúint agus a thairiscint, mar chuid de phleananna níos leithne le haghaidh aontas na margaí caipitil.

Tháinig sí ar chomhaontú freisin maidir le dréachtrialacha i ndáil le cistí margaidh airgid, lena ndírítear ar na táirgí sin a dhéanamh níos láidre.

Beoshruthú, físeáin agus grianghraif

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025