Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 23/05/2017, 23 Bealtaine 2017

Na príomhthorthaí

An cánachas dúbailte - díospóidí a réiteach

Chomhaontaigh an Chomhairle ar chóras nua chundíospóidí maidir le cánachas dúbailte idir Bhallstáit an Aontais a réiteach

Tá sé mar aidhm ag an togra seo feabhas a chur ar na sásraí a úsáidtear nuair a thagann díospóidí chun cinn mar gheall ar léirmhíniú a dhéanamh ar chomhaontuithe maidir le cánachas dúbailte a dhíchur.

“Is tábhachtach an chuid í an treoir seo den phlean atá againn leis an deimhneacht chánach a neartú agus feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó san Eoraip,” a deir Edward Scicluna, Aire Airgeadais Mhálta, an tír a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle aici faoi láthair.

Leis an dréacht-treoir, ceanglaítear sásraí réitigh díospóidí a bheith ann a bheidh sainordaitheach, ceangailteach, agus teorainneacha soiléire ama a bheith ann chomh maith le hoibleagáid toradh fóinteach a bhaint amach. Mar sin, cuirfear feabhas ar chinnteacht faoi chúrsaí cánach agus ar an timpeallacht ina bhfeidhmíonn gnólachtaí.

Comhbhonn don cháin chorparáide

Phléigh an Chomhairle togra le haghaidh comhbhonn don cháin chorparáide (CCTB) don Aontas, a mbeadh sé mar aidhm leis an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí ilnáisiúnta a laghdú.

Leis an téacs, athchóirítear togra ó 2011 a tarraingíodh siar agus ar cuireadh tograí le haghaidh athchóirú dhá chéim ar an gcáin chorparáide ina áit.

Bunaítear leabhar rialacha aonair leis a úsáidtear chun dliteanas cánach corparáide cuideachtaí a ríomh.

Dheimhnigh an Uachtaránacht an rún atá aici leanúint ar aghaidh leis an bplé maidir le gnéithe nua den togra agus gur ceart foráil a dhéanamh do leibhéal iomchuí solúbthachta. Breithneofar togra eile le haghaidh comhdhlúthú cánach (CCCTB) gan mhoill tar éis an leabhar rialacha aonair CCTB a chomhaontú.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025