Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 16/06/2017, 16 Meitheamh 2017

Na príomhthorthaí

Baincéireacht

Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh maidir le cuid de phacáiste de thograí darb aidhm rioscaí a laghdú in earnáil na baincéireachta.

Baineann na téacsanna le rangú neamhurraithe ionstraimí fiachais in imeachtaí dócmhainneachta agus le socruithe idirthréimhseacha lena dtabharfar isteach de réir a chéile an tionchar maidir le caipiteal rialála a bheidh ag caighdeán idirnáisiúnta cuntasaíochtaIFRS 9.

Déanfar foráil iontu chomh maith chun deireadh a chur de réir a chéile le forálacha maidir le láimhseáil neamhchosaintí móra i gcás fiachais san earnáil phoiblí a ainmnítear in airgeadraí nach airgeadraí baile de chuid an Aontais iad.

“Is é is aidhm do na tograí seo cuidiú leis na bainc a bheith níos stóinsí i gcoinne suaite i bhfianaise dálaí nua i leith caighdeáin stuamachta a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta. Tá cinneadh déanta againn tús áite a thabhairt do na téacsanna sin le súil is go mbeidh an Pharlaimint in ann tús a chur leis an gcaibidlíocht faoi dheireadh na bliana seo", a dúirt Edward Scicluna, Aire Airgeadais Mhálta, ós ag an mBallstát sin atá uachtaránacht na Comhairle faoi láthair.

Nós imeachta maidir le heasnaimh iomarcacha — Beartais eacnamaíocha agus fhioscacha

Chuir an Chomhairle clabhsúr ar na nósanna imeachta maidir le heasnaimh iomarcacha don Chróit agus don Phortaingéil, agus dhearbhaigh sí gur thit a n-easnaimh faoi bhun 3% de OTI, luach tagartha an Aontais Eorpaigh.

Fágann sin nach bhfuil ach ceithre Bhallstát as na 28 mBallstát ar fad fós faoi réir an nós imeachta maidir le heasnaimh iomarcacha, scéal dearfa atá amhlaidh ó 2011 i leith.

D'fhormheas an Chomhairle a cuid moltaí tír-shonracha do na Ballstáit maidir lena mbeartais eacnamaíocha agus buiséadacha don bhliain 2017.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025