- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Físchomhdháil na n-airí eacnamaíocha agus airgeadais, 9 Meitheamh 2020
Na príomhthorthaí
Plean téarnaimh don Eoraip
Mhalartaigh na hairí tuairimí leis an gCoimisiún faoi théarnamh na hEorpa i ndiaidh ghéarchéim COVID-19, gur dhírigh ar riachtanais deisiúcháin, téarnaimh agus athléimneachta. Phléigh siad freisin struchtúr bunúsach an phlean téarnaimh don Eoraip.
Sainaithníodh na riachtanais shuntasacha infheistíochta atá san Aontas sa Phlean don Téarnamh a cuireadh i láthair ar an 27 Bealtaine agus cuireadh in iúl go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin le sraith beart lena ndírítear ar €3.1 trilliún a ghiaráil.
Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé cistí a úsáid chun téarnamh inbhuanaithe a chinntiú agus chun cuspóirí comhchoiteanna beartais a bhaint amach amhail aistriú glas digiteach. Phléigh siad an gaol idir an Seimeastar Eorpach agus an Plean don Téarnamh, chomh maith leis an measúnú ar riachtanais náisiúnta maidir le hinfheistíocht agus le hathchóiriú: leag siad béim ar a riachtanaí atá sé an tionchar uasta a chinntiú, an t-ualach riaracháin a íoslaghdú agus dúbláil a sheachaint. Thug na hairí aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le méid foriomlán na hionstraime téarnaimh freisin, ar chineál na gcistí nó an chreata rialála agus ar na critéir maidir le leithdháileadh.
Thug an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) forléargas ar chur chun feidhme na mbeart a rinneadh go dtí seo.
An Seimeastar Eorpach
Thug na hairí airgeadais dá n-aire na hullmhúcháin atá á ndéanamh do na moltaí tírshonracha le haghaidh chleachtadh Sheimeastar Eorpach na bliana seo.
Sna moltaí sin, tá treoir bheartais atá saincheaptha do gach Ballstát san Aontas faoin gcaoi le borradh a chur faoin bhfostaíocht agus faoin bhfás, agus airgeadas poiblí stuama a choinneáil ag an am céanna.
I bhfianaise an mheatha ollmhóir atá tagtha ar an ngeilleagar mar thoradh ar phaindéim COVID-19, agus i bhfianaise chur i ngníomh na mbeart solúbthachta sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis i mí an Mhárta 2020, dírítear ar chúig réimse leathana tosaíochta i moltaí na bliana seo:
- infheistíochtaí i gcórais cúraim sláinte,
- caomhnú na fostaíochta agus aghaidh a thabhairt ar thionchar sóisialta na géarchéime,
- taighde agus forbairt,
- forálacha leachtachta agus cobhsaíocht na hearnála airgeadais a chinntiú, agus
- an margadh aonair agus cúrsaíocht earraí agus seirbhísí a chaomhnú.
Glacfaidh an Chomhairle na moltaí go foirmiúil a luaithe a fhormhuineoidh an Chomhairle Eorpach iad, is dóichí i mí Iúil.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025