"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Físchomhdháil na n-airí eacnamaíocha agus airgeadais, 19 Bealtaine 2020
Na príomhthorthaí
Freagairt eacnamaíoch ar ghéarchéim COVID-19
Phléigh na hairí an dul chun chun cinn atá déanta i ndáil le bearta freagartha an Aontais chun dul i ngleic le géarchéim COVID-19.
Ba dhíol sásaimh do na hairí gur glacadh, le nós imeachta i scríbhinn, an rialachán maidir le tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE). Le SURE, féadfar suas le €100 billiún d'iasachtaí a chur ar fáil do na Ballstáit faoi théarmaí fabhracha chun scéimeanna oibre gearrthréimhsí náisiúnta agus bearta comhchosúla a mhaoiniú, daoine féinfhostaithe ina measc, agus féadfar, freisin, tacú le roinnt beart a bhaineann leis an tsláinte, go háirithe san áit oibre, mar fhreagairt ar an ngéarchéim.
Beidh rialtais an Aontais in ann tionchar diúltach sóisialta na géarchéime sláinte a íoslaghdú trí phoist a tharrtháil agus ioncaim na saoránach a chosaint, rud a thabharfaidh an deis do gheilleagair uile an Aontais teacht chucu féin a luaithe is féidir.
Zdravko Maric, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Airgeadais na Cróite
Tá SURE ar cheann de na trí líontán sábhála, ar fiú €540 billiún é, do phoist agus d'oibrithe, do ghnólachtaí agus do na Ballstáit, a chomhaontaigh an Grúpa Euro ar an 9 Aibreán 2020. D'fhormhuinigh ceannairí an Aontais an comhaontú ar an 23 Aibreán agus d'iarr siad go mbeadh an pacáiste i bhfeidhm faoin 1 Meitheamh 2020.
Tháinig an líontán sábhála do na Ballstáit, an tacaíocht don ghéarchéim phaindéime de chuid an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh, i bhfeidhm ar an 15 Bealtaine 2020 nuair a thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir le gnéithe agus téarmaí caighdeánaithe na hionstraime ag an nGrúpa Euro ar an 8 Bealtaine.
Rinne na hairí a marana freisin ar an bplé atá ar siúl faoi láthair chun an líontán sábhála do ghnólachtaí a chur i ngníomh trí chiste ráthaíochta uile-Eorpach an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. D’iarr an Uachtaránacht go gcuirfí bailchríoch ar an ionstraim a luaithe ab fhéidir
Thíolaic an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach a measúnú ar an staid eacnamaíoch agus airgeadais.
Frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta
Bhí plé ag na hairí tar éis don Choimisiún Eorpach cur i láthair a dhéanamh ar an gcur chuige atá aige comhrac an Aontais i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a threisiú a thuilleadh.
Phléigh na hairí cé mar is féidir tuilleadh feabhais a chur ar an gcreat atá ann cheana don chomhrac i gcoinne frithsciúradh airgid, go háirithe an méid seo a leanas:
faoin mbealach is fearr is féidir tacar comhchuibhithe rialacha a bhaint amach agus a chinneadh cé na réimsí agus na hearnálacha sin ab fhiú a chumhdach faoi rialachán;
cé mar is féidir leas níos fearr a bhaint as sonraí, anailís sonraí agus comhroinnt sonraí;
na deiseanna a d'fhéadfadh a bheith ann i ndáil húdarás tiomanta nua AE le haghaidh frithsciúradh airgid a bhunú agus na hinniúlachtaí a ghabhfadh leis;
an mhodheolaíocht athbhreithnithe atá molta ag an gCoimisiún chun tríú tíortha ardriosca a shainaithint.
Ar an 7 Bealtaine, thíolaic an Coimisiún an méid seo a leanas:
plean gníomhaíochta le haghaidh beartas cuimsitheach de chuid an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc
modheolaíocht athbhreithnithe chun tríú tíortha ardriosca a liostú a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcórais i gcoinne sciúradh airgid
Déantar obair leantach trí phlean gníomhaíochta an Choimisiúin ar na conclúidí ón gComhairle ó mhí na Nollag 2019, inar leagadh amach tosaíochtaí straitéiseacha le haghaidh athchóirithe sa réimse sin.
Is é is aidhm don mhodheolaíocht athbhreithnithe liostaithe cosaint níos fearr a dhéanamh ar chóras airgeadais an Aontais ar rioscaí frithsciúrtha airgid. I gcreat an Aontais Eorpaigh maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta, leagtar amach oibleagáid dlínsí tríú tír a shainaithint a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcórais i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta.
Ba dhíol sásaimh do na hairí na conclúidí ón gComhairle a glacadh maidir le tuarascálacha tíre Sheimeastar Eorpach 2020 agus maidir le cur chun feidhme mholtaí tírshonracha 2019.
Is cuid den phróiseas bliantúil iad na conclúidí sin chun measúnú a dhéanamh ar na nósanna imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. I mbliana, áfach, is léiriú iad na conclúidí ar na himthosca eisceachtúla a ghabhann leis an meath ollmhór atá tagtha ar an geilleagar i ngeall ar phaindéim COVID-19. Dírítear sna conclúidí ar dhúshláin struchtúracha agus ar leochaileachtaí atá fós ábhartha i dtimpeallacht eacnamaíoch athraitheach éiginnte an lae inniu, agus a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le straitéis téarnaimh.
Idirphlé eacnamaíoch leis na Balcáin Thiar agus leis an Tuirc
Ar imeall fhíschomhdháil na n-airí eacnamaíocha agus airgeadais, thionóil an tAontas, na Balcáin Thiar agus an Tuirc a n-idirphlé bliantúil maidir leis an mbeartas eacnamaíoch. Dhírigh plé na bliana seo ar thionchar eacnamaíoch phaindéim COVID-19 ar an réigiún. Ghlac na rannpháirtithe ráiteas comhpháirteach ag deireadh na físchomhdhála.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.