- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Teileachomhdháil na n-airí eacnamaíochta agus airgeadais, 23 Márta 2020
Ó tharla bearta réamhchúraim i bhfeidhm i ngeall ar COVID-19, is mar theileachomhdháil a tionóladh an cruinniú seo.
COVID-19: solúbthacht an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis
I ngeall ar ghéarchéim COVID-19, phléigh na hairí solúbthacht an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, i bhfianaise na teachtaireachta a thíolaic an Coimisiún Eorpach maidir leis na gnéithe eacnamaíocha a ghabhann le géarchéim COVID-19 ar an 20 Márta.
D’eisigh na hairí airgeadais ráiteas comhpháirteach inar aontaigh siad leis an measúnú ón gCoimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húsáid chlásal ginearálta éalaithe chreat fioscach an Aontais.
Tionchar eacnamaíoch ghéarchéim COVID-19
Rinne na hairí a marana ar thionchar eacnamaíoch ghéarchéim COVID-19 agus ar na bearta éagsúla a glacadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach chun dul i ngleic leis sin. Thíolaic an Coimisiún Eorpach measúnú ar an staid mar atá agus ar na bearta a rinneadh le déanaí, lena n-áirítear an Tionscnamh Infheistíochta um Fhreagairt ar an gCoróinvíreas nó creat sealadach an Choimisiúin Eorpaigh do bhearta státchabhrach. Thíolaic an Banc Ceannais Eorpach Clár Ceannaithe d'Éigeandáil na Paindéime – clár a fógraíodh ar an 18 Márta.
Leanfaidh na hairí airgeadais de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid atá ag síorathrú go mear. Chuir siad in iúl an athuair go bhfuil siad ullamh chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí láithreacha a bhaineann le géarchéim an choróinvíris ar bhealach comhordaithe agus cinntitheach agus béim á leagan acu ar a thábhachtaí atá sé teacht i gcabhair ar an ngeilleagar ach an coróinvíreas téaltaithe siar
Seimeastar Eorpach 2020
Rinne na hairí a marana ar an tionchar a bheidh ag COVID-19 ar Sheimeastar Eorpach 2020 agus ar an mbealach chun cinn sna míonna amach romhainn.
Baineann éiginnteacht mhór le cainníochtú a dhéanamh ar iarmhairtí eacnamaíocha na paindéime, agus i ngeall ar shíorathrú mear na mbeart fioscach chun freagairt don staid mar atá, tá deacrachtaí ag na Ballstáit réamh-mheastacháin inchreidte fhioscacha agus eacnamaíocha a bhaint amach. Chomhaontaigh na hairí agus an Coimisiún ar chur chuige solúbtha pragmatach a ghlacadh chun na chéad chéimeanna eile de Sheimeastar Eorpach na bliana seo a chur i gcrích.
Comhaid na gcruinnithe
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025