"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Físchomhdháil na n-airí gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais, 16 Aibreán 2020
Tionchar eacnamaíoch ghéarchéim COVID-19 agus an fhreagairt beartais
Phléigh na hairí an measúnú is déanaí ar thionchar eacnamaíoch phaindéim COVID-19 agus an fhreagairt bheartais uirthi.
Is dúshlán mór é téarnamh gheilleagar na hEorpa. Gníomhóimid le chéile i ndlúthpháirtíocht agus cuirfimid réitigh ar fáil a chuirfidh ar ár gcumas an dul chun cinn is gá a dhéanamh chun an tAontas Eorpach a neartú.
Zdravko Marić, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Airgeadais na Cróite
Chuir an Grúpa Euro pacáiste beart chun tosaigh le dul i ngleic le géarchéim COVID-19. Cuimsíonn an pacáiste trí líontán sábhála láithreach d'oibrithe, do ghnólachtaí agus do Bhallstáit ar fiú thart ar EUR 500 billiún iad. Anuas air sin, leagtar síos sa tuarascáil bonn do chiste téarnaimh chun an geilleagar a athsheoladh, agus chun dlúthpháirtíocht leis na Ballstáit sin is mó atá thíos le COVID-19 a chinntiú.
D’iarr na hairí go gcuirfí na bearta éigeandála chun feidhme go pras, i gcomhréir leis na prionsabail a chomhaontaigh an Grúpa Euro. Gheall Uachtaránacht na Cróite go háirithe go rachadh sí i mbun caibidlíochta go gasta faoin togra ón gCoimisiún le haghaidh ionstraim shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE).
Plé déanta ag airí an Aontais ar thionchar eacnamaíoch COVID-19 agus ar an bhfreagairt bheartais uirthi.
Iasachtú bainc do theaghlaigh agus do chorparáidí
Tá an sreabhadh iasachtaí bainc chuig teaghlaigh agus chuig corparáidí, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, ar cheann de na modhanna is suntasaí atá ag an Aontas chun dul i ngleic le hiarmhairtí socheacnamaíocha ráig COVID-19.
D'fhormhuinigh na hairí ráiteas inar thacaigh siad le cur i bhfeidhm solúbtha rialacha an Aontais in earnáil na baincéireachta, agus iad ag iarraidh ar na bainc staonadh ó dháileadh na ndíbhinní chomh maith.
Tháinig siad ar chomhaontú freisin faoi cheanglais faisnéise a shimpliú do thimthriall na bliana seo den Seimeastar Eorpach.
I bhfianaise an mhéid éiginnteachta atá ann mar thoradh ar dhrochiarmhairt shocheacnamaíoch phaindéim COVID-19, tá próiseas simplithe curtha chun cinn ag an gCoimisiún do chleachtadh Sheimeastar Eorpach na bliana seo. Tá sé mar aidhm leis sin príomh-gharspriocanna an tSeimeastair Eorpaigh a chaomhnú, agus na saolta dúshlánacha atá roimh na Ballstáit á gcur san áireamh. Go háirithe, bheadh cur chuige cuíchóirithe ann chun go bhféadfadh na Ballstáit cláir náisiúnta um athchóiriú agus um chobhsaíocht nó um chóineasú (NRPanna agus SCPanna) a thíolacadh. Tá an Coimisiún ag súil go dtíolacfaidh sé réamhaisnéis an earraigh, chomh maith le dréachtmholtaí tírshonracha go luath i mí na Bealtaine 2020.
Chuir Uachtaránacht na Cróite agus an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi chruinnithe idirnáisiúnta an earraigh, lena n-áirítear cruinnithe airí airgeadais G7 agus G20, mar aon leis an gCoiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta agus Airgeadais a bhí ar siúl trí fhíschomhdháil le linn sheachtain an 13 Aibreán 2020.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.