Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Físchomhdháil na n-airí eacnamaíocha agus airgeadais, 6 Deireadh Fómhair 2020

Na príomhthorthaí

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

Tháinig na hairí ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht (RRF), arb í an phríomhionstraim í sa phacáiste téarnaimh dar luach EUR750 billiún a chaibidil ceannairí an Aontais ag an gcruinniú a bhí acu ar an 17-21 Iúil.

Is é is aidhm don tsaoráid tacaíocht airgeadais ar mórscála a chur ar fáil le haghaidh na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a dhéanann na Ballstáit, tionchar eacnamaíoch agus sóisialta phaindéim COVID-19 a mhaolú, agus geilleagair an Aontais a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos athléimní, agus níos ullmhaithe do na dúshláin a eascraíonn as an aistriú glasa agus as an aistriú digiteach. Meascán de dheontais (€312.5 billiún) agus iasachtaí (€360 billiún) a chuirfí ar fáil do na Ballstáit faoi chuimsiú na saoráide seo.

Tá dianphlé déanta le cúpla mí anuas laistigh den Chomhairle ar an togra le haghaidh rialachán lena mbunaítear an ionstraim seo. Roinn na hairí a dtuairimí le chéile maidir leis na saincheisteanna atá fós gan réiteach, lena n-áirítear rialachas, córais rialaithe agus na dúshláin nach mór aghaidh a thabhairt orthu sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta atá le tíolacadh ag na Ballstáit más uathu tacaíocht RRF a fháil.

Déanfaidh Coiste na mBuanionadaithe an comhaontú polaitiúil ar thángthas air inniu a chur ar bhonn foirmiúil mar shainordú le dul i mbun caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa. Beidh seasamh na Comhairle ina treoir ag an Uachtaránacht sa chaibidlíocht a dhéanfar leis an bParlaimint; tá sé mar aidhm ag an Uachtaránacht an chaibidlíocht sin a thabhairt chun críche a luaithe is féidir.

Olaf Scholz, Aire Cónaidhme Airgeadais na Gearmáine agus an Leas-Seansailéir
Táimidne, an Uachtaránacht, an-sásta gur thángamar ar chomhaontú i measc na mBallstát inniu maidir leis an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht. Táimid ar an mbóthar ceart. Is í an tsaoráid seo croílár ár ndíograis ar son iarmhairtí na géarchéime COVID-19 a ghleic. Beidh sí ina cuidiú ag na Ballstáit teacht slán as an ngéarchéim sin agus, san am céanna, infheistiú san aistriú glas agus san aistriú digiteach, agus geilleagair na mBallstát a ullmhú don mhéid atá romhainn. Is é ár ndóchas go mbeimid in ann an próiseas reachtach a thabhairt chun críche leis an bParlaimint a luaithe is féidir. Ní tráth faillí é.
Olaf Scholz, Aire Cónaidhme Airgeadais na Gearmáine agus an Leas-Seansailéir
Olaf Scholz, Aire Cónaidhme Airgeadais na Gearmáine agus an Leas-Seansailéir

Maoiniú digiteach

Roinn na hairí a dtuairimí le chéile maidir leis an bpacáiste airgeadais dhigitigh a thíolaic an Coimisiún, ina bhfuil:

  • straitéisí airgeadais dhigitigh agus íocaíochtaí miondíola
  • tograí reachtacha maidir le criptea-shócmhainní agus athléimneacht oibríochtúil dhigiteach na hearnála airgeadais

Is é is aidhm don phacáiste borradh a chur faoi iomaíochas agus nuálaíocht na hEorpa san earnáil airgeadais, rud a thabharfaidh rogha níos fearr do thomhaltóirí maidir le seirbhísí airgeadais agus réitigh nua-aimseartha íocaíochta, agus cosaint na dtomhaltóirí agus an chobhsaíocht airgeadais a áirithiú san am céanna.

I mbun plé dóibh, dhírigh na hairí ar réimse na n-íocaíochtaí miondíola, réimse a bhfuil feabhas nach beag tagtha air le blianta beaga anuas. Bíodh sin mar atá, tá margadh an Aontais fós ilroinnte agus taobh le gníomhaithe móra domhanda den chuid is mó. Thug siad le fios go dtacaíonn siad – ar an iomlán – leis an bpacáiste, lena n-áirítear an straitéis íocaíochta miondíola a thíolaic an Coimisiún, agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé iarracht a dhéanamh Eoraip láidir, cheannasach a bhaint amach in earnáil an mhaoinithe dhigitigh.

Leag an Uachtaránacht béim ar a rún atá aici dianobair a dhéanamh ar na tograí reachtacha maidir le criptea-shócmhainní agus athléimneacht oibríochtúil ionas oiread dul chun cinn is féidir a dhéanamh maidir leis na comhaid sin.

Aontas na margaí caipitil

Ina theannta sin, thíolaic an Coimisiún an teachtaireacht uaidh maidir le plean gníomhaíochta nua i ndáil le hAontas na Margaí Caipitil. Roinn na hairí a dtuairimí le chéile ina dhiaidh sin.

Trí phríomhchuspóir atá ag plean gníomhaíochta an Choimisiúin:

  • a áirithiú go mbeidh téarnamh eacnamaíoch an Aontais glas, digiteach, cuimsitheach agus athléimneach trí mhaoiniú a dhéanamh níos inrochtana do chuideachtaí an Aontais, go háirithe do FBManna
  • áit níos sábháilte fós a dhéanamh den Aontas Eorpach do dhaoine aonair a gcuid airgid a choigilt agus a infheistiú san fhadtéarma
  • na margaí caipitil náisiúnta a chomhtháthú i margadh aonair uile-Aontais iarbhír don chaipiteal

Thíolaic an Coimisiún sé cinn déag de bhearta spriocdhírithe darbh aidhm na cuspóirí sin a bhaint amach agus dul chun cinn a dhéanamh i ndáiríre ionsar tabhairt chun críche Aontas na Margaí Caipitil.

Leag na hairí amach a measúnú foriomlán ar an bplean gníomhaíochta athnuaite, lena n-áirítear a dtosaíochtaí maidir leis na prionsabail agus na bearta a luaitear sa teachtaireacht ón gCoimisiún. Beidh an malartú tuairimí a rinne na hairí ina lón ullmhúcháin agus na conclúidí ón gComhairle maidir le hAontas na Margaí Caipitil – ar mian leis an Uachtaránacht iad a ghlacadh i mí na Nollag – á ndréachtú.

An Seimeastar Eorpach

Roinn na hairí a dtuairimí le chéile faoi na ceachtanna a foghlaimíodh ó Sheimeastar Eorpach 2020, agus faoi na róid atá romhainn i gcomhthéacs an téarnaimh ó ghéarchéim COVID-19. I mbun an phlé sin dóibh, dhírigh siad ar na gnéithe réamhbhreathnaitheacha a ghabhann le próiseas an tSeimeastair Eorpaigh, lena n-áirítear na hathruithe a thabharfar isteach sa chleachtadh atá chugainn ó tharla an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht á tabhairt isteach in 2021.

Míreanna eile

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoina bhfuil déanta de dhul chun cinn maidir leis na tograí reachtacha reatha um sheirbhísí airgeadais. I measc nithe eile, leag an Uachtaránacht béim ar an bPacáiste maidir le Téarnamh na Margaí Caipitil, pacáiste a chuideoidh le téarnamh eacnamaíoch tapa, agus ar athbhreithniú an Rialacháin Tagarmhairc, a chuirfidh ar chumas rialálaithe an Aontais aghaidh a thabhairt ar scor féideartha tagarmharcanna ábhartha san Aontas nó i dtríú tíortha ionas go mbeifear in ann, ar an gcaoi sin, an chobhsaíocht airgeadais a chosaint.

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas freisin maidir leis na chéad chéimeanna eile a ghlacfar tar éis don Ghrúpa Euro tacú le hiarrthóireacht Frank Elderson mar chomhalta nua ar Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Déanfar an moladh ón gComhairle maidir le ceapadh an Uasail Elderson a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn. Ina dhiaidh sin, ceapfar an comhalta nua go críochnaitheach tar éis don Chomhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle Rialaithe BCE.

  • Bord Feidhmiúcháin BCE: Tacaíocht tugtha ag an nGrúpa Euro d’iarrthóireacht Frank Elderson (preaseisiúint ón nGrúpa Euro, 5 Deireadh Fómhair 2020)

Anuas ar an méid sin go léir, thug na hairí dá n-aire an t-ullmhúchán atá ar bun don chruinniú a bheidh ag airí airgeadais G20 agus gobharnóirí na mbanc ceannais ar an 14 Deireadh Fómhair agus do chruinniú bliantúil an Choiste Airgeadaíochta agus Airgeadais Idirnáisiúnta (IMFC) ar an 15 agus an 16 Deireadh Fómhair, chomh maith le toradh an ghlao ar ainmniúcháin le haghaidh iarrthóir Eorpach ar chathaoirleacht CAIC.

Ceapachán chomhaltaí bhord feidhmiúcháin BCE
Ceapachán chomhaltaí bhord feidhmiúcháin BCE (Grafaic faisnéise)

Ceapachán chomhaltaí bhord feidhmiúcháin BCE (Grafaic faisnéise)

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025