- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí eacnamaíocha agus airgeadais, 3 Bealtaine 2022
Na príomhthorthaí
Dhírigh na hairí ar an téarnamh eacnamaíoch san Eoraip. Bhí malartú tuairimí acu maidir leis na cinntí cur chun feidhme ón gComhairle i ndáil le pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a fhormheas don Bhulgáir agus don tSualainn. Chun na cinntí a ghlacadh go foirmiúil, cuirfear tús leis an nós imeachta i scríbhinn go gairid tar éis an chruinnithe neamhfhoirmiúil a bhí ann. Ag deireadh an nós imeachta i scríbhinn, beidh an dá Bhallstát sin in ann comhaontuithe deontais a shíniú faoi Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais.
Is í an tSaoráid Téarnamh agus Athléimneachta clár tacaíochta airgeadais mórscála an Aontais mar fhreagairt ar na dúshláin atá tugtha ag an bpaindéim do gheilleagar na hEorpa. Úsáidtear €672.5 billiún na saoráide chun tacú leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a leagtar amach i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát.
€6.3 billiún de dheontais atá i bplean téarnaimh agus athléimneachta na Bulgáire. Tá rún ag an mBulgáir 58.9% de leithdháileadh iomlán an phlean a úsáid ar mhaithe lena cuspóirí aeráide trí dhlús a chur le dícharbónú na hearnála fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh príobháideach agus poiblí a fheabhsú, agus tacú le foirmeacha inbhuanaithe iompair. Díreofar 25.8% de leithdháileadh iomlán an phlean ar chuspóirí digiteacha amhail scileanna digiteacha a fheabhsú agus an riarachán poiblí a dhigitiú chomh maith le tacú le forbairt líonraí fíor-ardacmhainneachta ar fud na tíre.
€3.3 billiún de dheontais atá i bplean téarnaimh agus athléimneachta na Sualainne. Tacaíonn 44.4% de leithdháileadh iomlán an phlean le cuspóirí aeráide. Tá rún ag an tSualainn, i measc nithe eile, tacú leis an tiontú chuig fuinneamh in-athnuaite le haghaidh téamh sa tionsclaíocht, an earnáil tionsclaíochta a dhícharbónú a thuilleadh agus a hacmhainn iarnróid a fheabhsú. Tá sé beartaithe ag an tSualainn 20.5% de leithdháileadh iomlán an phlean a leithdháileadh ar athchóirithe agus infheistíochtaí lena dtacaítear le cuspóirí digiteacha, amhail dlús a chur le leathadh amach an líonra leathanbhanda i limistéir inar tearc an daonra agus infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar digiteach ar fud an chórais riaracháin.
Mar a fhoráiltear sa rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ba cheart 37% den chaiteachas, ar a laghad, a thiomnú don aeráid agus 20%, ar a laghad, a thiomnú do na spriocanna digiteacha. Anuas ar an dá réimse sin, díreofar infheistíochtaí agus athchóirithe faoin tsaoráid ar na réimsí seo a leanas: fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach; comhtháthú sóisialta agus críochach; an tsláinte agus athléimneacht na heacnamaíochta, na sochaí agus na n-institiúidí; agus beartais don chéad ghlúin eile.
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (Grafaic faisnéise)
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025