Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 15 Márta 2022

Na príomhthorthaí

Smachtbhannaí ar an Rúis

Le linn an bhricfeasta, phléigh na hairí eacnamaíocha agus airgeadais iarmhairtí eacnamaíocha agus airgeadais na smachtbhannaí a forchuireadh ar an Rúis tar éis an ionraidh mhíleata gan chúis gan údar a rinne sí ar an Úcráin. Phléigh siad staid reatha na himeartha maidir leis an gcur chun feidhme chomh maith le hiarmhairtí na smachtbhannaí sin a thagann faoina réimse inniúlachta.

Bruno Le Maire, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha, Airgeadais agus Téarnaimh na Fraince
Tá na smachtbhannaí a ghlacamar ag dul i bhfeidhm go mór ar gheilleagar na Rúise. Tá siad tar éis córas airgeadais na Rúise a chur as riocht agus Banc Ceannais na Rúise a fhágáil ina staic. Cinntíonn na smachtbhannaí go bhfuil réimeas Putin ag tosú ag íoc anois as an bhfogha míleata. Táimid réidh le smachtbhannaí comhlántacha a ghlacadh pé uair is gá. Maidir le cosaint ár ngeilleagar, is mian linn dlúthchomhordú a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach, mar a rinneamar le linn ghéarchéim Covid.
Bruno Le Maire, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha, Airgeadais agus Téarnaimh na Fraince
Bruno Le Maire, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha, Airgeadais agus Téarnaimh na Fraince

Tá súil ghéar á coinneáil ag airí airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais ar a bhfuil ag titim amach. An 25 Feabhra, d'eisigh siad ráiteas in éineacht leis an gCoimisiún Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach ina leagtar amach a n-aontacht, a ngealltanas machnamh a dhéanamh ar na smachtbhannaí uile a d'fhéadfadh a bheith ann, chomh maith leis an toil atá acu neamhspleáchas eacnamaíoch na hEorpa a neartú.

An 2 Márta, bhí físchomhdháil neamhfhoirmiúil ag airí eacnamaíocha agus airgeadais an Aontais a bhí dírithe go hiomlán ar phlé ar na smachtbhannaí. Tháinig na Ballstáit ar chomhaontú maidir le bearta breise a ghlacadh chun cás ar bith ina dtiocfar timpeall ar na smachtbhannaí a sheachaint. Ó shin i leith, ghlac an Chomhairle pacáistí breise smachtbhannaí – smachtbhannaí i ndáil le cripteashócmhainní san áireamh.

Sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú (cur chuige ginearálta) i ndáil leis an rialachán maidir leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, atá ar cheann de phríomhghnéithe phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ an Aontais Eorpaigh.

Is é príomhchuspóir an bhirt comhshaoil sceitheadh carbóin a sheachaint. Spreagfaidh sé freisin tíortha comhpháirtíochta chun beartais praghsála carbóin a bhunú chun an t-athrú aeráide a chomhrac.

Chun na críche sin, díríonn an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha ar allmhairí táirgí atá dian ar charbón, i gcomhréir iomlán le rialacha trádála idirnáisiúnta, chun cosc a chur ar fhritháireamh iarrachtaí an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú trí tháirgí a mhonaraítear i dtíortha nach bhfuil san Aontas a allmhairiú, áit nach bhfuil na beartais maidir leis an athrú aeráide chomh huaillmhianach céanna leis na beartais atá san Aontas Eorpach. Cabhróidh sé freisin le cosc a chur ar tháirgeadh nó ar allmhairiú táirgí atá dian ar charbón a athlonnú.

Is bua do bheartas aeráide na hEorpa é an comhaontú sa Chomhairle maidir leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha. Tabharfaidh sé uirlis dúinn chun dlús a chur le dícharbónú ár dtionscail, agus san am céanna á chosaint ar chuideachtaí ó thíortha nach bhfuil spriocanna aeráide chomh huaillmhianach céanna acu. Spreagfaidh sé freisin tíortha eile chun a bheith níos inbhuanaithe agus chun níos lú astaíochtaí a scaoileadh. Ar deireadh, freagraíonn an sásra seo ar an straitéis uaillmhianach Eorpach atá againn chun dlús a chur le neamhspleáchas fuinnimh na hEorpa. Bruno Le Maire, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha, Airgeadais agus Téarnaimh na Fraince

Ní mór don Chomhairle fós dul chun cinn leordhóthanach a dhéanamh maidir le roinnt saincheisteanna a bhfuil dlúthbhaint acu le CBAM, ach ar saincheisteanna iad nach bhfuil mar chuid de dhréacht-téacs dlíthiúil rialachán CBAM. Baineann sé sin go háirithe le deireadh a chur de réir a chéile leis na lamháltais saor in aisce arna leithdháileadh ar earnálacha a chumhdaítear le CBAM, arna mbunú leis an Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí, agus na réitigh iomchuí maidir le sceitheadh carbóin a d'fhéadfadh a bheith ann ó onnmhairí a theorannú, ionas go gcinnteofar éifeachtúlacht eacnamaíoch, sláine comhshaoil agus comhoiriúnacht na hEagraíochtaí Domhanda Trádála le CBAM.

A luaithe a bheidh dul chun cinn leordhóthanach déanta sa Chomhairle, cuirfidh an Chomhairle tús leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa, tar éis don Pharlaimint a seasamh a chomhaontú.

Cánachas corparáide: cánachas cothrom éifeachtach do ghrúpaí ilnáisiúnta

Tá dul chun cinn déanta ag na Ballstáit chun teacht ar chomhaontú maidir leis an treoir, a chuir an Coimisiún Eorpach i láthair i mí na Nollag 2021, chun an ghné íosta chánach d’athchóiriú idirnáisiúnta cánach ECFE a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais.

Nuair a chuirfear treoir ‘Colún 2’ chun feidhme go héifeachtach, ba cheart go ndéanfar an sodar go grinneall maidir le rátaí cánach corparáide a theorannú. Gearrfar cáin ar chuideachtaí ilnáisiúnta móra, a bhfuil láimhdeachas iomlán bliantúil de €750 milliún ar a laghad acu, ag íosráta 15%. Laghdófar an riosca maidir le creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis leis na rialacha nua, agus is leo siúd a chinnteofar go n-íocfaidh na grúpaí ilnáisiúnta is mó an t-íosráta domhanda cánach corparáide a comhaontaíodh.

Tá an-dul chun cinn déanta againn i ndáil leis an treoir maidir le híoschánachas. Tá sroicheadh ar chomhaontú chun deireadh a chur leis an sodar go grinneall. Beidh ar chuideachtaí ilnáisiúnta 15% ar a laghad de na cánacha ar fud an domhain a íoc. Bruno Le Maire, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha, Airgeadais agus Téarnaimh na Fraince

Athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch & treoir fhioscach

Chuir an Coimisiún i láthair a threoir fhioscach don bhliain 2023 lenar cheart go gcuideofaí leis na Ballstáit a gcláir um chobhsaíocht agus um chóineasú, a bhfuiltear ag súil leo i mí Aibreáin, a ullmhú. Mar fhreagairt air sin, d’eisigh an Grúpa Euro ráiteas inné.

Chuir an Coimisiún an t-eolas is déanaí ar fáil freisin faoi staid na himeartha maidir leis an athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch tar éis an chomhairliúcháin phoiblí agus an phlé sa choiste ábhartha leis na Ballstáit.

Cuntas maidir le cruinniú neamhfhoirmiúil na gceann stáit nó rialtais, Versailles, an 10 - 11 Márta 2022

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi phríomhthorthaí chruinniú neamhfhoirmiúil na gceann stáit nó rialtais a tionóladh in Versailles an 10 - 11 Márta 2022.

Tosaíochtaí na Comhairle do bhuiséad an Aontais do 2023

Leag an Chomhairle amach a cuid tosaíochtaí do bhuiséad an Aontais do 2023. Úsáidfear na treoirlínte formheasta mar thagairt sa timthriall buiséadach atá le teacht.

Creidmheasanna onnmhairiúcháin

Den chéad uair, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le creidmheasanna onnmhairiúcháin a bhfuil an-dul chun cinn i dtrí réimse ag baint leo.

Ar an gcéad dul síos, geallann siad go gcuirfidh na Ballstáit a mbeartais maidir le creidmheas onnmhairiúcháin in oiriúint do chuspóirí an chomhraic i gcoinne an athraithe aeráide. Is léiriú díreach é an dul chun cinn sin ar an dinimic ar chuir an Fhrainc tús léi i mí Aibreáin 2021 leis an gcomhghuaillíocht i ndáil le Maoiniú Onnmhairiúcháin don Todhchaí, agus gealltanais na comhghuaillíochta sin glactha anois ag Ballstáit uile an Aontais. Ar an dara dul síos, leis na conclúidí sin, neartaítear teanntás an Aontais ar an leibhéal idirnáisiúnta, trí iarrachtaí chun na rialacha maidir le creidmheas onnmhairiúcháin a nuachóiriú ag ECFE. Ar an tríú dul síos, i ndiaidh na hoibre a rinne an Coimisiún Eorpach maidir leis an Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála, leagtar síos sna conclúidí sin an bonn le haghaidh straitéis nua creidmheasa onnmhairiúcháin de chuid an Aontais, a gcuirfear tús le céim d’fháthmheas mionsonraithe ar riachtanais ina leith.

Pacáiste r-thráchtála CBL

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le cur chun feidhme an phacáiste r-thráchtála. Tháinig an pacáiste r-thráchtála CBL i bhfeidhm an 1 Iúil 2021. Rinneadh foráil ann do roinnt athruithe ar reachtaíocht CBL chun na bacainní ar dhíolacháin trasteorann ar líne a shárú agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as na córais CBL i gcás ciandíolacháin earraí agus soláthairtí seirbhísí gnólacht le tomhaltóir, agus i ndáil le coinsíneachtaí ar luach íseal a allmhairiú.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhain le liosta na míreanna 'A' neamhreachtacha.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025