- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 24 Bealtaine 2022
Na príomhthorthaí
Iarmhairtí eacnamaíocha agus airgeadais fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir le gnéithe eacnamaíocha agus airgeadais fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin. Agus an staid eacnamaíoch ag dul in olcas mar gheall ar an gcogadh agus cúrsaí boilscithe ag ardú, phléigh na hairí mar a chomhordófar freagairtí na Comhairle ar bheartais eacnamaíocha. Bhí malartú tuairimí acu freisin maidir le freagairt na hEorpa ar riachtanais airgeadais na hÚcráine mar aon le cúnamh macrairgeadais breise a d’fhéadfadh an tAontas a chur ar fáil. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún Eorpach ar an eolas iad maidir le smachtbhannaí eacnamaíocha agus airgeadais a chur chun feidhme.
Coinneoidh airí eacnamaíocha agus airgeadais an Aontais súil ghéar ar na forbairtí sin.
Téarnamh eacnamaíoch san Eoraip
Ag eascairt as cur i láthair an Choimisiúin Eorpaigh maidir le staid na himeartha, rinne na hairí a marana ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta.
Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta clár tacaíochta airgeadais mórscála an Aontais mar fhreagairt ar dhúshláin na paindéime do gheilleagar na hEorpa. Úsáidtear €672.5 billiún na saoráide chun tacú leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a leagtar amach i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát.
Chuir an Coimisiún Eorpach a phlean RePowerEU a foilsíodh an 18 Bealtaine, i láthair freisin, agus ina dhiaidh sin, pléadh réitigh struchtúracha ar an ngéarchéim fuinnimh.
Aontas na Margaí Caipitil: Cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (ELTIFanna)
Ghlac an Chomhairle a seasamh maidir le modhnú atá beartaithe ar an rialachán maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (ELTIFanna) chun na cistí infheistíochta sin a dhéanamh níos tarraingtí. Is mar chuid de phacáiste Aontas na Margaí Caipitil an togra sin, agus é i gceist go gcruthófaí margadh aonair le haghaidh caipitil chun borradh a chur faoi infheistíochtaí agus faoin gcoigilteas ar fud na mBallstát ar fad ar mhaithe le saoránaigh, gnólachtaí agus infheisteoirí.
Sa chreat rialála le haghaidh ELTIFanna, leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le cistí, amhail rialacha i ndáil le sócmhainní agus infheistíochtaí incháilithe, éagsúlú agus comhdhéanamh na punainne, teorainneacha giarála agus margaíocht. Is iad ELTIFanna an t-aon chineál ciste atá tiomnaithe d’infheistíochtaí fadtéarmacha is féidir a dháileadh ar bhonn trasteorann ar infheisteoirí gairmiúla agus miondíola araon.
Reachtaíocht seirbhísí airgeadais
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas maidir le tograí reachtacha i réimse na seirbhísí airgeadais.
G20
Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún na hairí ar an eolas maidir le torthaí chruinniú airí airgeadais agus ghobharnóirí bainc ceannais G20 a tionóladh in Washington, faoi Uachtaránacht G20 na hIndinéise, an 20 Aibreán 2022.
Míreanna eile
An grúpa saoithe maidir leis na dúshláin atá roimh an Aontas Custaim
Chuir an Coimisiún i láthair na n-airí moltaí an ghrúpa saoithe maidir leis na dúshláin atá roimh an Aontas Custaim.
Europol
Ghlac an Chomhairle rialachán lena leasaítear rialachán Europol. Leis an téacs seo, cuirtear cúraimí nua ar an ngníomhaireacht, rud a neartaíonn a hacmhainneacht chun tacú leis na Ballstáit bagairtí agus modi operandi nua coiriúla a chomhrac.
Léirscaoileadh trádála idir an tAontas agus an Úcráin
Ghlac an Chomhairle rialachán lena gceadaítear léirscaoileadh sealadach trádála agus lamháltais trádála eile i ndáil le táirgí áirithe de chuid na hÚcráine. A bhuí leis na bearta sin, beidh an tAontas in ann tacú go mór le geilleagar na hÚcráine.
Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, míreanna A ar liostaí na míreanna reachtacha agus neamhreachtacha
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025