- An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 5 Aibreán 2022
Na príomhthorthaí
An cogadh san Úcráin agus smachtbhannaí i gcoinne na Rúise
Phléigh an Chomhairle cur chun feidhme na smachtbhannaí a d’fhorchuir an tAontas ar an Rúis, a n-éifeachtacht (agus é mar aidhm leo aon teacht timpeall orthu a chosc) agus iad a neartú. Phléigh na hairí freisin na saincheisteanna eacnamaíocha a bhaineann le glacadh le dídeanaithe ón Úcráin.
Chuir na hairí fáilte ansin roimh Serhii Marchenko, Aire Airgeadais na hÚcráine, a ghlac páirt ina chéad chruinniú ECOFIN trí fhíschomhdháil. Bhí an Chomhairle in ann a dlúthpháirtíocht iomlán le muintir na hÚcráine a athdhearbhú, agus machnamh a dhéanamh ar an tacaíocht airgeadais agus ábhartha a chuirtear ar fáil don Úcráin.
Ina dhiaidh sin, phléigh an Chomhairle tionchar an chogaidh san Úcráin ar gheilleagair na hEorpa, agus sin bunaithe ar mheasúnú nua ón gCoimisiún Eorpach. Díríodh sa phlé go háirithe ar na bearta a rinneadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach chun dul i ngleic leis an méadú ar phraghsanna fuinnimh agus amhábhar. Cuireadh i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le pleananna náisiúnta tacaíochta a chomhordú idir na Ballstáit.
Chomhaontaigh airí airgeadais agus geilleagair an Aontais leanúint de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí, agus dhearbhaigh siad an gá atá le haontacht na hEorpa agus leis an dlúthpháirtíocht. An 25 Feabhra, bhí ráiteas eisithe acu cheana féin in éineacht leis an gCoimisiún Eorpach agus leis an mBanc Ceannais Eorpach ina gcuirtear i dtreis a n-aontacht, a ngealltanas machnamh a dhéanamh ar na smachtbhannaí uile a d'fhéadfaí a fhorchur, chomh maith leis an toil atá acu uathriail eacnamaíoch na hEorpa a neartú.
- An Úcráin: preasráiteas ó Airí Airgeadais an Aontais, ón gCoimisiún Eorpach agus ón mBanc Ceannais Eorpach (preaseisiúint, an 25 Feabhra 2022)
- Cúnamh dar luach €1.2 billiún don Úcráin glactha ag an gComhairle (preaseisiúint, an 21 Feabhra 2022)
- Amlíne – bearta sriantacha an Aontais mar fhreagairt ar an ngéarchéim san Úcráin (eolas cúlra)
- Bearta sriantacha an Aontais mar fhreagairt ar an ngéarchéim san Úcráin (eolas cúlra)
Uathriail straitéiseach eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le huathriail straitéiseach earnáil eacnamaíoch agus airgeadais na hEorpa. Agus an comhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair, tá na céimeanna nithiúla chun an cuspóir sin a bhaint amach níos tábhachtaí fós.
Ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt
Phléigh an Chomhairle cur chun feidhme na gconclúidí ón gComhairle in 2021 maidir leis an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt a neartú, agus eiseamláir na dtionscnamh BEAF agus BEI á húsáid chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil don Úcráin.
Bunaíodh an plé ar chur i láthair a rinne an Coimisiún, an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI), agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) maidir le cur chun feidhme an Ollstruchtúir Airgeadais Eorpaigh don Fhorbairt go dtí seo.
- Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle: Treochlár an Choimisiúin le haghaidh ollstruchtúr airgeadais Eorpach feabhsaithe don fhorbairt, agus tuarascáil 2021 ar dhul chun cinn, an 24 Márta 2022
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- Conclúidí glactha ag an gComhairle maidir le feabhas a chur ar an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt (preaseisiúint, 14 Meitheamh 2021)
Cánachas corparáideach: cánachas cothrom éifeachtach do ghrúpaí ilnáisiúnta
Phléigh an Chomhairle an obair maidir leis an gcomhaontú domhanda ar thángthas air ag Creat Cuimsitheach ECFE a thrasuí i ndlí an Aontais, ar comhaontú é nár cheart do chuideachtaí ilnáisiúnta níos lú ná ráta cánach 15% a íoc áit ar bith ar domhan.
Is é is aidhm don treoir an t-athchóiriú dhá cholún ar na rialacha maidir le cánachas idirnáisiúnta corparáideach a thrasuí i ndlí an Aontais, mar a comhaontaíodh le creat cuimsitheach domhanda ECFE/G20 maidir le creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis. Garsprioc mhór atá sa chomhaontú sin, lena dtugtar 137 dtír agus dlínse le chéile, i dtreo córas cothrom éifeachtach cánachais i ndáil le brabús.
- Taifead ar an bplé a rinneadh ag cruinniú Chomhairle Ecofin an 5 Aibreán 2022
- Taifead ar an bplé a rinneadh ag cruinniú Chomhairle Ecofin an 15 Márta 2022
- Taifead ar an bplé a rinneadh ag cruinniú Chomhairle Ecofin an 18 Eanáir 2022
- Treoir maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a bhunú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas – Díospóireacht bheartais
- Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a bhunú do ghrúpaí ilnáisiúnta san Aontas
- Cánachas Cothrom: An Coimisiún ag moladh an comhaontú idirnáisiúnta maidir le híoschánachas ar chorparáidí ilnáisiúnta a thrasuí gan mhoill
- Ráiteas maidir le Réiteach Dhá Cholún chun aghaidh a thabhairt ar na Dúshláin Chánach a eascraíonn as Digiteáil an Gheilleagair – an 8 Deireadh Fómhair 2021 (ECFE)
- Cánachas (eolas cúlra)
Cruinnithe G20 agus CAI
Rinne an Chomhairle ullmhúcháin do chruinnithe earraigh an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), agus tháinig sí ar chomhaontú maidir le sainordú an Aontais do chruinniú G20 dʼairí airgeadais agus de ghobharnóirí banc ceannais a bheidh ar siúl an 20 Aibreán.
Reachtaíocht seirbhísí airgeadais
Rinne an Coimisiún cur i láthair ar an staid mar atá maidir le cur chun feidhme na reachtaíochta seirbhísí airgeadais.
Gnó eile
Ghlac an Chomhairle na rialacha nuashonraithe maidir le Cáin Bhreisluacha (CBL) agus sainordú treisithe do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA). Ghlac sí cinneadh freisin lena n-údaraítear do na Ballstáit an dara prótacal breise a ghabhann leis an gcoinbhinsiún maidir le cibearchoireacht (Coinbhinsiún Bhúdaipeist) a shíniú. Cuirfidh an prótacal sin feabhas ar rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach a úsáidtear in imeachtaí coiriúla. Glacadh na trí mhír sin gan phlé.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Patrick McCullough Press officer
- +32 471 33 38 46
- +32 2 281 91 19
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ECOFIN
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025