Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 12 Iúil 2022

Na príomhthorthaí

Iarmhairtí eacnamaíocha agus airgeadais chogadh na Rúise san Úcráin

Phléigh an Chomhairle iarmhairtí eacnamaíocha agus airgeadais chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Chinn sí € 1 bhilliún de chúnamh macrairgeadais a chur ar fáil don Úcráin, mar ábhar práinne.

Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia
Ní rogha é leanúint den chúnamh ábhartha agus airgeadais, ach is é ár ndualgas é. Dá bhrí sin, tá an-áthas orm go bhfuil dlús curtha againn leis an gcinneadh € 1 bhilliún de chúnamh macrairgeadais a chur ar fáil. Leis sin, tabharfar na cistí is gá don Úcráin chun riachtanais phráinneacha a chumhdach agus chun oibriú an bhonneagair chriticiúil a chinntiú.
Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia
Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia

An staid eacnamaíoch san Eoraip

Chuir an Coimisiún i láthair staid na himeartha i ndáil le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus bhí malartú tuairimí ag na hairí.

Méadú an limistéir euro

Ghlac an Chomhairle na trí ghníomh dhlíthiúla chríochnaitheacha, lena chuirfear ar chumas na Cróite an euro a thabhairt isteach mar airgeadra an 1 Eanáir 2023. I gceann de na gníomhartha dlí, socraítear an ráta comhshó idir an euro agus kuna na Cróite ag 7.53450 kuna in aghaidh 1 euro.

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le mo mhacasamhail, Zdravko Marić, agus le muintir na Cróite trí chéile as a bheith ar an 20ú tír chun dul isteach sa limistéar. Ní rás atá i gceist le glacadh an euro, ach cinneadh freagrach polaitiúil. Tá na critéir eacnamaíocha uile is gá curtha i gcrích go rathúil ag an gCróit agus beidh an euro in úsáid acu amhail ón 1 Eanáir 2023. Zbyněk Stanjura, Aire Airgeadais na Seicia
Is í an Chróit an 20ú Ballstát de chuid an Aontais a ghlacfaidh an euro mar airgeadra

Tograí reachtacha reatha i réimse na seirbhísí airgeadais

Chuir an Uachtaránacht i láthair staid na himeartha maidir leis na tograí reachtacha reatha i réimse na seirbhísí airgeadais.

Baineann sé sin, i measc nithe eile, leis an rialachán maidir le haistriú cistí i gcoinne frithsciúradh airgid agus an rialachán maidir le margaí criptea-shócmhainní, ar thángthas ar chomhaontuithe polaitiúla ina leith i bParlaimint na hEorpa roinnt laethanta ó shin.

Seimeastar Eorpach 2022

I gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh 2022, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí ar ghrinn-athbhreithnithe 2022 faoin nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha.

Cruinniú G20 na n-airí airgeadais agus ghobharnóirí na mbanc ceannais

D’fhormheas an Chomhairle téarmaí tagartha an Aontais do chruinniú G20 na n-airí airgeadais agus ghobharnóirí na mbanc ceannais, a bheidh ar siúl an 15-16 Iúil.

Conclúidí ar Thuarascáil 2021 maidir le hinbhuanaitheacht fhioscach

Ghlac an Chomhairle conclúidí mar fhreagairt ar thuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir le hinbhuanaitheacht fhioscach.

Cur i láthair chlár oibre na hUachtaránachta

Thíolaic Uachtaránacht na Seice na tosaíochtaí seo aici i réimse na ngnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais mar aon lena clár oibre le haghaidh mhí Iúil – mí na Nollag 2022.

Cinneadh ón gComhairle maidir le cistí ón 10ú agus ón 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (CEF) a úsáid chun cabhrú le tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim slándála bia

Ghlac an Chomhairle cinneadh lena dtugtar aghaidh ar an ngéarchéim slándála bia agus an suaitheadh eacnamaíoch atá ann faoi láthair i dtíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. A bhuí le cinneadh an lae inniu, leithdháilfidh an Chomhairle €600 000 000 de chistí a saoradh ón 10ú agus ón 11ú CEF chun maoiniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a théann chun tairbhe do tháirgeadh bia agus d’athléimneacht na gcóras bia, don chabhair dhaonnúil agus don tacaíocht mhaicreacnamaíoch.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna A reachtacha agus neamhreachtacha.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025