Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí eacnamaíocha agus airgeadais, 2 Márta 2022

Na príomhthorthaí

Tháinig airí eacnamaíocha agus airgeadais an Aontais le chéile trí bhíthin físchomhdhála chun iarmhairtí eacnamaíocha agus airgeadais na staide san Úcráin a phlé, tar éis don Rúis ionradh míleata a dhéanamh gan chúis gan údar. Mar fhreagairt ar an bhfogha sin, d'fhorchuir an tAontas sraith beart sriantach. Anuas ar na smachtbhannaí ar Rúisigh aonair agus ar eintitis Rúiseacha, shocraigh an tAontas smachtbhannaí eacnamaíocha a fhorchur chomh maith le srianta ar an gcomhar eacnamaíoch leis an Rúis.

Phléigh airí eacnamaíocha agus airgeadais an Aontais staid na himeartha faoi láthair maidir le cur chun feidhme na smachtbhannaí, chomh maith le hiarmhairtí na smachtbhannaí sin ar gheilleagair na hEorpa.

Chuir an Coimisiún i láthair a réamhanailís ar thionchar na mbeart ar an Rúis ó thaobh margaí airgeadais, airgeadra, a bainc ceannais agus a córais baincéireachta tráchtála de. Chomhaontaigh na hairí bearta náisiúnta a chomhordú, mar a rinneadh le linn ghéarchéim COVID, chun muintir na hEorpa agus cuideachtaí Eorpacha a chosaint i gcomhthéacs na bpraghsanna ardaithe fuinnimh.

Chomhaontaigh na Ballstáit imscrúdú breise a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí chun cás ar bith ina dtiocfar timpeall ar na smachtbhannaí a sheachaint, go háirithe trí úsáid cripteashócmhainní.

Ba dhíol sásaimh do na hairí an teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le staid fhioscach 2023 agus gurb amhlaidh go leanfaidh an Clásal Éalaithe Ginearálta d'fheidhm a bheith aige in 2022, sa tslí is go bhféadfar an beartas fioscach a chur in oiriúint don staid atá ag síorathrú. Déanfar athbhreithniú ar dhíghníomhachtú an Chlásail Éalaithe Ghinearálta ar bhonn réamhaisnéisí eacnamaíocha Earrach 2022 ón gCoimisiún.

Ar deireadh, chomhaontaigh na hAirí an tacaíocht airgeadais don Úcráin a mhéadú agus comhordú breise a dhéanamh le CAI, BEAF, BEI agus bainc forbartha iltaobhacha eile.

Bruno Le Maire, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha, Airgeadais agus Téarnaimh na Fraince
Chuir na 27 mBallstát in iúl go raibh siad iomlán aontaithe agus diongbháilte ina bhfreagairt eacnamaíoch agus airgeadais ar fhogha na Rúise, agus ina dtacaíocht airgeadais don Úcráin. Is léir cheana féin go bhfuil smachtbhannaí eacnamaíocha na hEorpa an-éifeachtach. Tá siad tar éis córas airgeadais na Rúise a chur as riocht agus Banc Ceannais na Rúise a fhágáil ina staic. Chinneamar oibriú ar bhearta comhlántacha ionas nach dtiocfar timpeall ar ár smachtbhannaí. Maidir le cosaint ár ngeilleagar, is mian linn dlúthchomhordú a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach, mar a rinneamar le linn ghéarchéim COVID.
Bruno Le Maire, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha, Airgeadais agus Téarnaimh na Fraince
Bruno Le Maire, Aire Gnóthaí Eacnamaíocha, Airgeadais agus Téarnaimh na Fraince

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025