"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 14 Márta 2023
Príomhthorthaí
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
Phléigh an Chomhairle an chaoi ar féidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus caibidlí REPowerEU rannchuidiú go héifeachtach leis an aistriú glas agus neamhspleáchas na hEorpa ar fhoinsí fuinnimh na Rúise a chinntiúi gcomhthéacs an bhoilscithe ard agus an tsuaite sa slabhra soláthair.
Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme lena bhformheastar plean athbhreithnithe téarnaimh agus athléimneachta na Fionlainne.
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le treoshuímh le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais. Sna conclúidí tá réimsí cóineasaithe tuairimí i measc na mBallstát agus réimsí ina ndéanfar tuilleadh oibre ar chreat athchóirithe. Is éard atá iontu treoir pholaitiúil don Choimisiún Eorpach chun tograí reachtacha ábhartha a ullmhú.
Tá tábhacht le rialacha fioscacha agus ba cheart dóibh leanúint de bheith ina n-ionstraim bhunriachtanach i sraith uirlisí ár mbeartas eacnamaíoch. Anois ba chóir iad a chur in oiriúint do shaol atá ag athrú. Tá an-áthas orm gur bhaineamar cloch mhíle thábhachtach amach inniu. Tar éis dianphlé, thángamar ar chomhaontú maidir le conclúidí ón gComhairle ina leagtar béim ar réimsí cóineasaithe tuairimí eadrainn. Cuireann siad ionchur tábhachtach ar fáil don Choimisiún, roimh na tograí reachtacha atá le teacht. Léirítear arís gur féidir leis na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir le saincheisteanna tábhachtacha sa bheartas eacnamaíoch.
Elisabeth Svantesson, Aire Airgeadais na Sualainne
Treoirlínte na Comhairle le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais (Grafaic faisnéise)
Treoir faoin mbeartas fioscach
Chuir an Coimisiún a threoir maidir leis an mbeartas fioscach do 2024 faoi bhráid na n-airí d’fhonn bonn eolais a chur faoin ullmhúchán a dhéanfaidh na Ballstáit do na Cláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú. Thug na hAirí a dtuairimí tosaigh maidir leis an teachtaireacht seo ón gCoimisiún a foilsíodh an 8 Márta.
Tionchar eacnamaíoch agus airgeadais fhogha na Rúise faoin Úcráin
Pléifidh an Chomhairle tionchar eacnamaíoch agus airgeadais an fhogha atá á tabhairt ag an Rúis faoin Úcráin. Dhírigh sí go háirithe ar ghnéithe den mhargadh airgeadais a bhaineann le fuinneamh.
Cuirfidh an Uachtaránacht agus an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoi phríomhthorthaí chruinniú airí airgeadais agus ghobharnóirí bainc ceannais G20 a tionóladh an 24 agus an 25 Feabhra 2023. Thug an Chomhairle treoir mar gheall ar bhreis oibre maidir leis an ullmhúchán do chruinniú airí airgeadais agus ghobharnóirí bainc ceannais G20 atá ar na bacáin, chomh maith le cruinnithe earraigh an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta an 10 go dtí an 16 Aibreán 2023.
Leag an Chomhairle amach a cuid treoirlínte do bhuiséad an Aontais do 2024. Cuirfidh na treoirlínte formheasta treoir pholaitiúil ar fáil don Choimisiún maidir leis an mbuiséad don bhliain seo chugainn a ullmhú.
Beidh sé d’aidhm ag an gComhairle freisin moladh a ghlacadh i ndáil leis an urscaoileadh a thabharfar don Choimisiún le go gcuirfear buiséad ginearálta an Aontais do 2021 chun feidhme.
Idirphlé maicreacnamaíoch ar an leibhéal polaitiúil (MEDPOL)
Ar imeall Chomhairle Ecofin an 13 Márta, tionólfaidh an Uachtaránacht an t-idirphlé leathbhliantúil maicreacnamaíoch ar an leibhéal polaitiúil le hionadaithe de chuid na gcomhpháirtithe sóisialta.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.