Skip to content

Athchóiriú ar Scéim an Aontais Eorpaigh maidir le Trádáil Astaíochtaí

Sracfhéachaint

Maidir leis an gcinneadh cúlchiste cobhsaíochta margaidh EU ETS a bhunú, is iad seo a leanas na príomheilimintí:

  • bunófar cúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh (CCM) in 2018 agus feidhmeoidh sé ón 1 Eanáir 2019 ar aghaidh
  • spreagfaidh sé coigeartuithe ar na méideanna bliantúla ceantála i gcás ina rachaidh líon na lamháltas i gcúrsaíocht thar a raon réamhshainithe
  • cuirfidh sé an 900 milliún 'liúntas a choinnítear siar' ar CCM (seachas iad a chur ar ceant in 2019-2020)
  • aistreofar na lamháltais neamh-leithdháilte go díreach chuig CCM in 2020
  • cuirfear san áireamh in athbhreithnithe ar an Scéim Trádála Astaíochtaí agus ar chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh sceitheadh carbóin agus gnéithe iomaíochais, chomh maith le ceisteanna a bhaineann leis an bhfostaíocht agus le OTI

Seoladh Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí (EU ETS) in 2005 chun laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur chun cinn ar shlí a bheadh cost-éifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de. De bhíthin na scéime sin, déantar líon na ngás ceaptha teasa is féidir le gach tionscal, táirgeoir cumhachta agus aerlíne atá dian ar fhuinneamh a shrianadh. Cuirtear síleáil ar na lamháltais astaíochtaí de réir mar atá leagtha síos ag an Aontas agus faigheann cuideachtaí lamháltais aonair nó féadfaidh siad iad a cheannach. Laghdófar an tsíleáil i bhfad na haimsire ionas go mbeidh líon na n-astaíochtaí á laghdú de réir a chéile.

Le blianta beaga anuas, chuidigh an ghéarchéim eacnamaíoch leis na hastaíochtaí agus leis an éileamh ar na lamháltais astaíochtaí a laghdú. I measc tosca eile, chuidigh sé sin le praghas an charbóin a laghdú agus le carnadh barrachas mór lamháltas sa chóras, rud a d'fhéadfadh EU ETS a bhac ó dhreasacht a chur ar fáil i leith astaíochtaí a laghdú ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh costais de agus ón nuálaíocht in astaíochtaí íseal-charbóin a chur chun cinn.

Áiríodh ar cheann de na spriocanna a chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach mar chuid de chreat aeráide agus fuinnimh 2030 go ndéanfaí laghdú 40% ar a laghadar astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas Eorpach faoi 2030 (i gcomparáid le leibhéil 1990). Ós rud é gurb é EU ETS an phríomhionstraim chun an sprioc sin a bhaint amach, is gá é a athchóiriú chun córas dea-fheidhmiúil a áirithiú.

Mar chéad chéim san athchóiriú, ghlac an tAontas cinneadh le déanaí cúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh a chruthú do EU ETS. Tá mar aidhm leis an gcúlchiste farasbarr mór lamháltas na n-astaíochtaí atá carntha in EU ETS a cheartú agus an córas a dhéanamh níos athléimní i ndáil le míchothromaíochtaí a bhaineann le soláthar-éileamh.

Ar an 15 Iúil 2015, thíolaic an Coimisiún an dara togra atá ina athbhreithniú níos leithne ar EU ETS. Tá mar aidhm leis an togra go nglacfaí le treoir na Comhairle Eorpaí faoin ról ba cheart do EU ETS a imirt chun sprioc an Aontais i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú don bhliain 2030 a bhaint amach agus an treoir sin a shuí ina dlí. Tá mar aidhm leis na hathruithe atá beartaithe freisin an nuálaíocht agus úsáid teicneolaíochtaí ísealcharbóin a chothú, cuidiú le deiseanna nua fostaíochta agus fáis a chruthú agus, ag an am céanna, na cosaintí is gá chun iomaíochas tionsclaíoch a chosaint san Eoraip, a choinneáil.

Na mionsonraí

Togra le haghaidh na treorach maidir le Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí (EU ETS) a athbhreithniú, d'fhonn laghduithe astaíochtaí a bheadh éifeachtach ó thaobh costais de agus infheistíochtaí ísealcharbóin a fheabhsú — 2015/148 (COD)

Ní mór do na hearnálacha a chuimsítear faoi EU ETS a gcuid astaíochtaí a laghdú 43%, i gcomparáid le 2005, chun go bhféadfar an sprioc i leith astaíochtaí an Aontais a laghdú 40%, ar a laghad, a bhaint amach faoi 2030. Ciallaíonn sé sin go laghdófar líon foriomlán na lamháltas astaíochtaí ag ráta níos gasta ná roimhe sin: ó 2021 ar aghaidh, beidh laghdú 2.2% in aghaidh na bliana seachas 1.74%. Is ionann sin agus laghdú breise de thart ar 556 mhilliún tonna astaíochtaí idir 2020 agus 2030 - cothrom le líon bliantúil na n-astaíochtaí ón Ríocht Aontaithe, geall leis.

Áirítear ar thograí an Choimisiúin na hathruithe seo a leanas i measc nithe eile:

  • an córas don leithdháileadh lamháltas in aisce a athbhreithniú, lena ndírítear ar na hearnálacha is mó ar baolach go ndéanfaidís a monaraíocht a athlonnú go dtí taobh amuigh den Aontas Eorpach (cuimsítear thart ar 50 earnáil sa líon sin)
  • líon suntasach na saorlamháltas a chur i leataobh do shuiteálacha nua agus do chinn fhorásacha
  • rialacha níos solúbtha chun líon na saorlamháltas a ailíniú, ar bhealach níos fearr, leis na figiúirí táirgeachta
  • nuashonrú ar na tagarmharcanna uile a úsáidtear chun feidhmíocht astaíochtaí a thomhas - d'fhonn dul chun cinn teicneolaíochta ó 2008 i leith a léiriú

Thart ar 6.3 billiún lamháltas, ar fiú EUR 160 billiún iad, beidh siad le leithdháileadh in aisce, mar a mheastar, ar chuideachtaí idir 2021 agus 2030.

Chomh maith leis sin, molann an Coimisiún roinnt sásraí tacaíochta a bhunú chun cabhrú le hearnáil na tionsclaíochta agus na cumhachta déileáil leis na dúshláin a bhaineann leis an nuálaíocht agus leis an infheistíocht san aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin. Áirítear orthu sin dhá chiste nua:

  • an ciste don nuálaíocht - lena gcuirtear síneadh leis an tacaíocht atá ann cheana i leith teicneolaíochtaí nuálacha a léiriú chun an nuálaíocht cheannródaíoch in earnáil na tionsclaíochta a chumhdach freisin
  • ciste don nuachóiriú - lena n-éascaítear infheistíochtaí chun earnáil na cumhachta agus córais níos fairsinge fuinnimh a nuachóiriú agus borradh a chur faoin éifeachtúlacht fuinnimh in 10 mBallstát atá ar ioncam níos ísle

Sa Chomhairle/sa Chomhairle Eorpach

Togra le haghaidh athbhreithniú a dhéanamh ar EU-ETS — 2021-2030

Tá an togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar EU ETS á chaibidil tríd an ngnáthnós imeachta reachtach. Dá bhrí sin, feidhmeoidh an Chomhairle mar chomhreachtóir i gcomhar le Parlaimint na hEorpa.

Ar an 28 Feabhra 2017, tháinig an Chomhairle Comhshaoil ar chomhaontú faoina seasamh caibidlíochta (cur chuige ginearálta). Shocraigh Parlaimint na hEorpa a seasamh féin ar an 15 Feabhra 2017.

Ar an 9 Samhain 2017, tháinig ionadaithe de chuid Uachtaránacht na hEastóine ar chomhaontú sealadach le Parlaimint na hEorpa. Cuireadh toradh na caibidlíochta faoi bhráid ambasadóirí an Aontais (COREPER) an lá dár gcionn.

Ar an 22 Samhain, d'fhormhuinigh an Chomhairle (ambasadóirí an Aontais Eorpaigh) an comhaontú sealadach ar thángthas air idir uachtaránacht na hEastóine agus Parlaimint na hEorpa. Cuirfear an téacs comhaontaithe faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas anois.