Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 28 Feabhra 2017 19:30

Athbhreithniú ar an gcóras trádála astaíochtaí: Comhaontaíonn an Chomhairle a seasamh

Ar an 28 Feabhra, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoina seasamh caibidlíochta (cur chuige ginearálta) maidir leis an athbhreithniú ar an gcóras trádála astaíochtaí (ETS). Tá ETS ar cheann de na príomhuirlisí chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Cuideoidh an t-athbhreithniú le sprioc an Aontais a bhaint amach maidir le hastaíochtaí a ghearradh le 40 % ar a laghad faoi 2030, mar a gealladh faoi Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide.

Anois go bhfuil an Chomhairle comhaontaithe ar an seasamh atá aici, féadfar tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa d'fhonn teacht ar chomhaontú maidir leis an téacs críochnaitheach.

“Tá sé seo thar a bheith tábhachtach dúinn féin, don phláinéad seo againn agus do na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh. Ba chéim mhór chun cinn é Comhaontú Pháras, ach ní mór dúinn anois beart a dhéanamh de réir ár mbriathar. Beimid in ann astaíochtaí a laghdú tuilleadh le córas éifeachtach trádála astaíochtaí. Tá an tAontas i mbun gnímh mar gur mian leis go mbeadh saol maith i ndán dúinn go léir.”

José A. Herrera, Aire Comhshaoil Mhálta agus Uachtarán na Comhairle

Córas an Aontais maidir le trádáil astaíochtaí (EU ETS)

Oibríonn an córas trádála astaíochtaí, a seoladh in 2005, trí theorainn a chur le hiomlán na n-astaíochtaí ó earnálacha tionscail agus ó stáisiúin chumhachta a ghineann go leor astaíochtaí. Laistigh den teorainn sin, a laghdaítear in aghaidh na bliana, féadfaidh cuideachtaí lamháltais astaíochtaí a cheannach agus a dhíol. Le gach lamháltas, tugtar an ceart dóibh tonna amháin CO2, an príomhghás ceaptha teasa, a astú nó méid coibhéiseach de ghás ceaptha teasa eile a astú. Leis sin cruthaítear dreasachtaí do chuideachtaí a gcuid astaíochtaí a laghdú ar bhealach cost-éifeachtach.

Cé gur ceantáil an modh mainneachtana chun lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh ar chuideachtaí, faigheann earnálacha tionscail cion lamháltas saor in aisce. Déantar an leithdháileadh saor in aisce ar bhonn tagarmharcanna feidhmíochta, lena gcúitítear an dea-chleachtas maidir le táirgeadh astaíochtaí ísle.

Amlíne agus na chéad chéimeanna eile

Leag an Chomhairle Eorpach síos na príomhghnéithe den athbhreithniú ar EU ETS ina conclúidí i mí Dheireadh Fómhair 2014. Bunaithe ar na treoirlínte comhaontaithe sin, thíolaic an Coimisiún a thogra le haghaidh treorach i mí Iúil 2015.

Ós rud é go bhfuil an togra faoi réir gnáthnós imeachta reachtach, ní mór don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa é a phlé chun teacht ar chomhaontú faoi théacs críochnaitheach. Chaith Parlaimint na hEorpa vóta maidir lena leasuithe sa suí iomlánach ar an 15 Feabhra 2017. Anois go bhfuil cur chuige ginearálta comhaontaithe ag an gComhairle, féadfar tús a chur le caibidlíocht.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024