- An Chomhairle Comhshaoil
An Chomhairle Comhshaoil, 05/03/2019, 5 Márta 2019
Na príomhthorthaí
Straitéis aeráide an Aontais do 2050
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí comhshaoil maidir le fís straitéiseach fhadtéarmach an Aontais chun geilleagar rachmasach, nua-aimseartha, iomaíoch atá neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach, bunaithe ar chásanna éagsúla chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú san fhadtéarma faoi 2050 i gcomhréir le Comhaontú Pháras.
Bhí plé againn inniu faoina thábhachtaí atá sé straitéis fhadtéarmach a fhorbairt le chéile don Aontas chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Ag féachaint ar aghaidh i dtreo 2050 dúinn, tá a fhios againn gur gá dúinn na dreasachtaí atá riachtanach don chlaochlú sin a chur ar fáil, agus beidh orainn deimhin a dhéanamh de go gcuirfimid sainiúlachtaí réigiúnacha agus dálaí éagsúla socheacnamaíocha san áireamh. Beidh sé dúshlánach ár n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú tuilleadh ach is iontach na deiseanna a bhaineann leis dár ngeilleagair agus dár saoránaigh. Grațiela Leocadia Gavrilescu, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Comhshaoil na Rómáine
Uisce óil
Tháinig na hairí ar chomhaontú i dtaca leis an nuashonrú a mholtar ar an treoir maidir le huisce óil. Chomhaontaigh siad an seasamh ón gComhairle maidir leis an téacs lenar foráladh do rialacha níos déine i gcomhair uisce buacaire, lena n-áirítear nós imeachta nua lena leagtar amach ceanglais shláinteacha le haghaidh ábhair a bhíonn i dteagmháil le huisce buacaire amhail píopaí. Is é an aidhm atá ann cáilíocht na n-ábhar sin a fheabhsú chun a chinntiú go ndéanfar sláinte an duine a chosaint agus nach dtarlóidh aon éilliú.
An Seimeastar Eorpach a ghlasú
Bhí deis ag na hairí a gcuid tuairimí i ndáil le próiseas an tSeimeastair Eorpaigh a mhalartú. Phléigh siad an tábhacht a bhaineann le hinfheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun cinn agus a chinntiú go mbainfidh saoránaigh an Aontais tairbhí sóisialta astu siúd. Ina theannta sin, phléigh na hairí na hathchóirithe comhshaoil agus riaracháin is fearr a d’fhéadfadh an t-aistriú chuig geilleagar níos glaise a éascú.
Suaiteoirí inchríneacha
Bhí díospóireacht bheartais sa Chomhairle maidir le suaiteoirí inchríneacha. Bhí malartú tuairimí ag na hairí le féachaint faoin gcur chuige is fearr a d’fhéadfadh a bheith ann chun creat comhleanúnach de chuid an Aontais i ndáil le suaiteoirí inchríneacha a fhorbairt. Chuir na hairí i bhfios gur ábhar imní don phobal iad substaintí lena mbaineann airíonna ar suaiteoirí inchríneacha iad a bhfuil tionchar acu ar an gcomhshaol agus atá nasctha le fadhbanna sláinte an duine.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
- Uisce óil glan sábháilte: Caighdeáin cháilíochta tugtha cothrom le dáta ag an Aontas
- 05/03/2019
- Iascaigh Uiscí an Iarthair: Plean ilbhliantúil bainistithe ceadaithe ag an gComhairle
- 05/03/2019
- Cead tugtha ag an gComhairle do rialacha maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche a scagadh
- 05/03/2019
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Peristera Dimopoulou Press officer
- +32 471 33 53 26
- +32 2 281 61 56
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ENVI
Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025